Gaeilge

Is mac léinn aistriúcháin as an nGearmáin í Felicity Autrehomme (Felicitas Andermann). Rugadh in Hintersteinau (Hessen) sa bhliain1995 í.

D’fhoghlaim sí a cuid teangacha oibre, Béarla agus Fraincis, ar scoil ar feadh trí bliana déag.

Théadh sí go dtí an Iodáil agus go hÉirinn go minic agus tá sí ag foghlaim Iodáilis chomh maith le Gaeilge le ceithre bliana anuas.

Tá sí ag déanamh staidéir baitsiléara ar an aistriúchán agus ar an teangaireacht san Ollscoil Leipzig agus tá sí ag déanamh staidéar ar an nGaeilge agus ar an gCatalóinis freisin.

Déanann sí aistriúchán ar dhánta ó Fhraincis go Gearmáinis, ó Ghaeilge go Gearmáinis agus ó Ghearmáinis go Gaeilge in éineacht lena múinteoir Gaeilge Padraig Mac Eachmharcaigh (Patrick Mac Cafferty) agus scríobhann sí dánta i bhFraincis, i mBéarla, i nGearmáinis agus i nGaeilge.