Torthaí Foghlamtha
Faoi dheireadh an cheacht seo atá dírithe ar thimthriallta uisce, beidh rannpháirtithe in ann:
Coincheapú a dhéanamh ar thimthriallta uisce trí tuiscint a fháil ar phróisis bhunúsacha an timthriall uisce; galú, comhdhlúthú, deascadh, bailiú agus trasghalú agus an chaoi a n-idirghníomhaíonn siad laistigh den domhan nádúrtha.
Timthriallta uisce a léirmhíniú go healaíonta trí fhorbairt a dhéanamh ar a gcumas timthriall an uisce a léiriú trí mheáin éagsúla ealaíne.
Úsáid a bhaint as siombalachas trí mhachnamh a dhéanamh go healaíonta ar thábhacht timthriall an uisce, ar an ról atá aige i gcothú na beatha ar an domhan agus an tionchar atá aige ar éiceachórais, ar aeráid agus ar an tsochaí dhaonna.
Feasacht ar an gcomhshaol trí léirthuiscint níos doimhne a chothú don chomhshaol trí fiosrú a dhéanamh ar idirnascadh uisce sa domhan nádúrtha.
Teachtaireacht a chur in iúl trí theachtaireacht faisnéise a bhaineann le tábhacht inbhuanaitheacht nó caomhnú an timthriall uisce a chur in iúl go héifeachtach trína gcuid cruthaitheachta ealaíne agus feasacht a spreagadh i measc an lucht féachana.
Plean ceachta
Breathnóidh/imscrúdóidh na daltaí gluaiseacht an uisce trí na céimeanna éagsúla den timthriall uisce agus cinnfidh siad cad is cúis leis an timthriall seo.
Mínigh coincheap an timthriall uisce.Tá timthriall an uisce cosúil le heachtra mhór gan deireadh. Baineann sé le conas a ghluaiseann uisce timpeall ár bplainéad, ón spéir go dtí an talamh agus ar ais suas arís. Tá timthriall an uisce comhdhéanta de na céimeanna simplí seo:
Galú: Tosaíonn sé ar fad nuair atá an ghrian ag soilsiú agus tá a cuid gathanna ag bualadh an uisce, mar atá i lochanna, aibhneacha, agus fiú i locháin. Nuair a tharlaíonn sé seo, éiríonn an t-uisce chomh te sin go n-iompaíonn sé isteach ina phíosaí bídeacha, dofheicthe ar a dtugtar gal uisce. Tá sé cosúil le gal ag éirí as pota te anraith!
Comhdhlúthú: Anois, samhlaigh na píosaí bídeacha gaile uisce sin ag taisteal suas sa spéir. Shuas ansin tá sé níos fuaire agus tosaíonn an gal ag teacht le chéile agus tosaíonn braoiníní beaga uisce ag foirmiú. Tá na braoiníní bídeacha seo chomh beag sin go ndéanann siad scamaill. Mar sin, tá scamaill déanta nuair atá go leor braoiníní beaga bídeacha uisce bailithe le chéile.
Frasaíocht: Nuair a thagann na braoiníní scamall sin le chéile agus éiríonn siad trom, tosaíonn siad ag titim ón spéir mar bháisteach, sneachta nó clocha sneachta. Tugaimid frasaíocht ar seo. Tá na scamaill ag tabhairt deoch dúinn!
Bailiúchán: Ritheann báisteach agus sneachta isteach inár n-aibhneacha, lochanna, aigéin, agus fiú isteach sa talamh. Seo an áit a bhfaigheann plandaí agus ainmhithe a gcuid uisce freisin. Bailíonn an t-uisce seo go léir in áiteanna éagsúla agus cruthaíonn sé réimsí usice móra.
Trasghalú: Seachas an bháisteach, bíonn páirt ag plandaí freisin i dtimthriall an uisce. Tógann siad uisce as an talamh trína bhfréamhacha agus scaoileann siad isteach san aer é trí phoill bheaga ina nduilleoga. Trasghalú a thugtar ar an bpróiseas seo, agus cuireann sé níos mó gal uisce sa spéir.
Athdhéanamh: Téann an timthriall ar aghaidh agus ar aghaidh. Coinníonn an ghrian ag taitneamh, ag déanamh níos mó galú uisce agus tosaíonn an próiseas ar fad arís.
Mar sin, cuimhnigh go bhfuil an timthriall uisce cosúil le ciorcal mór le huisce ag gluaiseacht i gcónaí ón talamh go dtí an spéir agus ar ais arís. Is é seo an chaoi a bhfaighimid an t-uisce a theastaíonn uainn le ól agus is é sin a choinníonn an tuisce ar ár bplainéad cothrom agus sláintiúil. Is fada an t-am deor uisce ar an domhan- caithfidh braon uisce >3000 bliain san aigéan sula rachaidh sé chuig ár n-uisce óil ar deireadh thiar!
Cruthaigh irisín as páipéar A3
Cuardaigh cineálacha éagsúla uisce i do thimpeallacht ag baint úsáide as an irisín chun na torthaí a dhoiciméadú. Pléigh an tionchar a bhíonn ag an uisce orainn. Mínigh conas is féidir linn ár gcéadfaí a úsáid sa chleachtadh.
Le daltaí níos sine is féidir iniúchadh a dhéanamh ar an mbileog ghabhála timthriallta uisce. Is féidir leis a bheith úsáideach chun an t-eolas nua a bhailítear a chomhtháthú.
Úsáid céadfaí éagsúla agus déan cur síos ar an t-eispéireas sa leabhar zine. Laistigh de na topaicí agus de na cleachtais seo cruthaigh am le haghaidh nóimeadaí feasachta ó thaobh éisteachta, boladh, análaithe agus óil de. Iarr ar na daltaí bealaí éagsúla a thabhairt suas chun uisce a iniúchadh ina dtimpeallacht. Spreag scríbhneoireacht chruthaitheach agus líníochtaí faoin uisce.