Psalms in the Irish language

Here are some psalms in Traditional or Literary Modern Irish (Vulgate numbering).

Salm 1

Fíorshonas

1 Is aoibhinn don bhfear nach leanann

de chomhairle lucht na héagráifeachta;

nach seasann i slí na bpeacach,

agus nach suíonn i gcuideachta na sotalach;

2 ach go bhfuil a dhúil i ndlí an Tiarna,

agus a dhéanann machnamh air de lá agus d’oíche.

3 Is cosúil an duine sin le crann

a plandaíodh ar bhruach na habhann,

a thugann a thoradh go tráthúil

agus nach bhfeonn a dhuilleoga choíche.

Bíonn an rath ar gach aon ní dá ndéanann sé.

4 Ní amhlaidh dosna héagráifigh, ní amhlaidh!

ach mar cháith a scaiptear le gaoth.

5 Ionas nach seasfaidh na héagráifigh sa bhreithiúnas

ná na peacaigh i gcomhthionól na bhfíréan.

6 Óir is cúram don Tiarna slí na bhfíréan,

ach rachaidh slí na n-éagráifeach ar ceal.

Salm 2

Réimeas Chríost Rí

1 Cad fáth a bhfuil na ciníocha á suaitheadh

agus na náisiúin ag beartú gan éifeacht?

2 Éiríonn ríthe na cruinne,

agus déanann na flatha comhcheilg le chéile

in éadan an Tiarna agus a ungthaigh:

3 “Réabaimis ó chéile a gcuibhreacha

agus caithimis uainn a ngeimhle!”

4 An té atá ar neamh, déanann sé gáire:

déanann an Tiarna díol magaidh díobh.

5 Labhraíonn sé ansin leo go feargach;

cuireann scéin agus sceimhle orthu le corp cuthaigh:

6 “Chuireas-sa mo rí féin i réimeas

ar Shíón, ar mo shliabh naofa.”

7 Foilseoidh mé reacht an Tiarna.

“Is tú mo mhac,” adúirt an Tiarna liom,

“inniu is ea a ghineas thú.

8 Iarr orm agus tiomnód na ciníocha duit

agus críocha na cruinne mar oidhreacht duit.

9 Déanfair iad a bhriseadh le slat iarainn;

brisfir ina mbloghanna iad amhail soitheach cré.”

10 Bígí críonna, dá bhrí sin, a ríthe;

aire chughaibh! a rialtóirí na cruinne.

11 Déanaigí fónamh don Tiarna le heagla

agus tugaigí ómós dó go creathnach,

sula gcuirfí fearg air, is go dtéadh sibh ar ceal

nuair a bhladhmfaidh a fhearg go tobann.

Is aoibhinn dá gcuireann a ndóchas ann.

Salm 3

Muinín as Dia

1 Salm Dháiví an uair a theith sé óna mhac Aibseálóm.

2 A Thiarna, nach líonmhar iad mo naimhde!

Tá mórán daoine ag éirí amach im éadan!

3 Is iomdha duine a deir mar gheall orm:

“Níl slánú ar bith dó i nDia.”

4 Ach is tú, a Thiarna, mo sciath;

mo ghlóir a thógann mo cheann.

5 Nuair a ghlaoim ar an Tiarna os ard

tugann sé freagra orm óna shliabh naofa.

6 Chuas a luí agus chodlaíos;

agus dhúisíos toisc gur chosain an Tiarna mé.

7 Ní eagal liom na mílte daoine

atá cruinnithe do gach leith im thimpeall.

8 Éirigh, a Thiarna! Fóir orm, a Dhia!

Óir buaileann tú mo naimhde uile sa phus

agus briseann tú fiacla na bpeacach.

A Thiarna an tslánaithe, beannaigh do mhuintir!

Salm (92)

Tá an Tiarna i Réim

1 Tá an Tiarna ina rí is é gléasta le glóir;

chlúdaigh sé é féin le neart;

chrioslaigh sé é féin le cumhacht.

Bhunaigh sé an domhan go dobhogtha.

2 Tá do chathaoir arna daingniú ósna cianta;

tá tú ann ón tsíoraíocht, a Thiarna.

3 Thóg na tuilte a nglór, a Thiarna;

thóg na tuilte a nglór go torannach;

thógadar a nglór go tolgach tréan.

4 Is cumhachtaí ná glór na n-iluiscí,

ná tonnta na mara móire,

an Tiarna os a gcionn in airde.

5 Is dearfa go deimhin do reachtanna;

is dod theachsa is cuí an naofacht,

a Thiarna, go brách na breithe.

Salm (99)

Gairdígí don Tiarna

1 Salm buíochais.

Gairdígí don Tiarna, a thíortha uile;

2 fónaigí don Tiarna go lúcháireach.

Tagaigí ina láthair le hamhráin áthais.

3 Bíodh a fhios agaibh gurb é an Tiarna is Dia ann.

Eisean a rinne sinn; is leis féin sinn.

Sinne a phobal agus caoirigh a pháirce.

4 Gabhaigí buíochas leis ag dul isteach ina dhoirse daoibh.

Siúlaigí isteach ina chúirteanna le cainticí.

Tugaigí moladh dó agus móraigí a ainm.

5 Nach maith é go deimhin an Tiarna;

maireann a bhuanghrá go brách.

Is dílis é ó ghlúin go chéile.

Salm (62)

Cíocras an Anama chun Dé

Salm Dháiví.

1. Nuair a bhí sé ag lonnú i bhfásach Iúdá.

2 A Dhia, mo Dhia thú, is tú a iarraim,

tá íota tharta ar m’anam chughat.

Ní théann lagadh ar mo cholainn ach ag tnúth leat

amhail talamh túr tirim gan uisce.

3 Is mar sin a bhínn ag amharc ort san ionad naofa

d’fhonn go bhfeicfinn do ghlóir is do chumhacht.

4 De bhrí gur fearr ná an bheatha féin do bhuanghrá,

canfaidh mo bheola do mholadh.

5 Ar an ábhar sin beannód lem bheo thú

agus ardóidh mé mo lámha id ainmse.

6 Líonfar m’anam mar a líonfaí le fleá é,

agus molfaidh mo bhéal le ríméad thú.

7 Im luí dhom ar mo leaba bím ag cuimhneamh ort,

bím ag smaoineamh ort i dtráthanna na hoíche;

8 óir ráinig tú id chúntóir agam,

agus gairdím faoi scáth do sciathán.

9 Tá m’anam ag cloí go dlúth leat,

agus coinníonn do dheaslámh suas mé.

10 An dream atá ar tí m’anama chun a scriosta,

raghaidh siad síos i ndoimhneacht na talún.

11 Tabharfar suas do chumhacht an chlaímh iad

agus déanfaidh na seacáil a gcuid orthu.

12 Is i nDia a dhéanfaidh an rí gairdeas,

agus beidh áthas ar a mionnaíonn dar eisean,

ach cuirfear béal lucht éithigh ina thost.

Salm 148

Moladh leis an Tiarna

1 Alleluia.

Molaigí an Tiarna ó na flaithis,

molaigí é sna spéartha!

2 Molaigí é, a aingle Dé,

Molaigí é, a shluaite go léir!

3 Molaigí é, a ghrian is a ghealach,

molaigí é, a réaltaí lonracha!

4 Molaigí é, a fhlaitheasa is airde,

agus a uiscí atá os cionn na bhflaitheas!

5 Molaidís ainm an Tiarna,

le hordú uaidh a cruthaíodh iad.

6 Shocraigh sé go brách iad;

thug sé dlí dóibh nach rachaidh ar ceal.

7 Molaigí an Tiarna ón talamh,

a mhíolta mhóra agus a dhuibheagána go léir!

8 A thine is a chloichshneachta, a shneachta is a cheobhrána,

a anfaí gaoithe a chomhlíonann a bhriathar,

9 a shléibhte agus a chnoca uile,

a chranna toraidh agus a chéadrasa!

10 A ainmhithe allta agus clóis,

a phéisteanna agus a éanlaith an aeir!

11 A ríthe agus a náisiúna na cruinne,

a fhlatha an domhain is a bhreithiúna!

12 A ógánacha agus a chailíní,

a sheanóirí agus a leanaí le chéile,

13 molaigí ainm an Tiarna!

óir is é amháin is airde,

agus sáraíonn a ainm

neamh agus talamh in éineacht.

14 D’ardaigh sé neart a phobail;

bíonn a naoimh uile á mholadh;

molann clann Iosrael é,

an pobal atá ina fhogas.

Alleluia!

Salm (93)

Dia an Díolaí

1 A Thiarna Dia, is leatsa an díoltas;

a Dhia, a dhíoltasaí, bí dod thaispeáint féin dúinn.

2 Éirigh! tabhair breithiúnas ar an talamh;

tabhair a ndíol do lucht an díomais.

3 Cá fhad a mhaífidh na héagráifigh, a Thiarna;

cá fhad a mhaífid a mbua?

4 Ag gaotaireacht dóibh is ag labhairt go díomasach,

bíonn na hainbheartaigh ag maíomh go mórtasach.

5 Gabhann siad de chosa id phobal, a Thiarna,

agus déanann siad d’oidhreacht a chiapadh.

6 Maraíonn siad an bhaintreach is an strainséir,

agus tugann siad ár an dílleachta.

7 Agus deirid: “Ní fheiceann an Tiarna é;

ní thugann Dia Iacóib dá aire é.”

8 Bíodh tuiscint agaibh, a lucht na díchéille;

a phleidhcí an phobail, bíodh ciall agaibh!

9 An té a chruthaigh an chluas, an ea nach gcloisfidh sé?

agus an té a chum an tsúil, an ea nach bhfeicfidh sé?

10 An té a smachtaíonn na náisiúin nach n-agróidh sé?

an té a theagascann na daoine, nach mbeidh eolas aige?

11 Is eol don Tiarna smaointe an duine;

is eol dó nach bhfuil iontu ach puth anála.

12 Is méanar don té a gcuireann tú smacht air, a Thiarna;

an té dá dtugann tú teagasc faoi do dhlí.

13 Tugann tú faoiseamh dó in aimsir a thrioblóide,

nó go dtochlaítear clais don urchóideach.

14 Óir ní thréigfidh an Tiarna a phobal;

ní thabharfaidh sé droim láimhe lena oidhreacht,

15 nó go mbéarfar breithiúnas de réir an chirt;

agus go leanfaidh lucht an chroí dhírigh go léir é.

16 Cé sheasfaidh liom in aghaidh na n-ainbheartach

dom chosaint ar lucht déanta an oilc?

17 Murach an Tiarna a theacht i gcabhair orm,

ní fada go mbeadh m’anam ag lonnú i log an chiúnais.

18 Nuair a shílim go bhfuil mo chosa ag imeacht uaim,

is é do bhuanghrá, a Thiarna, a choinníonn im sheasamh mé.

19 Nuair is líonmhar iad buarthaí mo chroí,

cuireann do shóláis aoibhneas ar m’anam.

20 An mbeidh cúirt na gcoirpeach i gcomhar leat,

an dream a chuireann clóca an dlí ar an mioscais?

21 Tugaid fogha faoi anam an fhíréin,

agus daoraid an neamhchiontach chun báis.

22 Bíodh acu! sé an Tiarna mo dhaingean

agus sé Dia carraig mo dhídine.

23 Tabharfaidh sé a n-urchóid sa mhullach orthu,

agus scriosfaidh iad lena mailís féin;

millfidh an Tiarna ár nDia iad.

D’eagraíos don áit seo .

Salm (107)

Is Gaire Cabhair Dé ná an Doras

1 Tá mo chroí go daingean, a Dhia;

tá mo chroí go daingean;

canfad agus seinnfad do mholtaí.

2 Múscail, a anam liom!

Músclaígí, a chláirseach agus a chruit;

músclód féin an maidneachan.

3 Gabhfad buíochas leat idir na ciníocha, a Thiarna;

molfad thú i measc na náisiún.

4 Óir síneann do bhuanghrá chun na bhflaitheas,

agus do dhílse chun na spéartha.

5 Éirigh in airde os cionn na bhflaitheas, a Dhia;

bíodh do ghlóir os cionn an domhain uile.

6 Ionas go ndéanfaí d’aos grá a shaoradh,

fóir orainn led dheasláimh agus éist linn.

7 Labhair Dia ina shanctóir agus gheall sé:

“Roinnfead Seicim go ríméadach

agus déanfad Gleann Sucót a thomhas.

8 Is liom tír Ghileád, is liom Manaise;

is é Eafráim clogad mo chinn.

Is é Iúdá mar an gcéanna mo ríshlat;

9 Is é Móáb mo bháisín níocháin.

Ar Eadóm a bhuailfead mo bhróg;

agus béarfad bua ar Fhilistía.”

10 Cé sheolfaidh isteach mé sa chathair chosanta?

Cé thabharfaidh go hEadóm isteach mé?

11 Nach tú a chuir uait sinn, a Dhia;

ionas nach ngabhann tú amach lenár sluaite?

12 Tabhair cúnamh dúinn in éadan ár naimhde,

óir is díomhaoin é cúnamh ón duine.

13 Déanfaimid gaisce le cúnamh ó Dhia,

óir is é a ghabhfaidh de chosa inár naimhde.

Salm 73 (72)

Bréagshonas na nÉagráifeach

Salm Ásáf.

1 Nach maith atá Dia don dream díreach;

an Tiarna dá bhfuil glan ó chroí.

2 Ach is beag nár sciorr mo chosa uaim;

is beag nár shleamhnaigh mo chéimeanna;

3 Óir bhíos ag éad le lucht éirí in airde,

ag faire dom ar shéan na n-éagráifeach.

4 Ní bhíonn siad siúd á gcrá ná á gciapadh;

is slán a gcorp agus is sleamhain.

5 Níl páirt acu in anacraí na so-mharaithe

ná ní dhéantar a sciúrsáil mar dhaoine eile.

6 Uime sin, is é an t-uabhar a muince,

agus folaíonn an foréigean iad amhail éadach.

7 Bíonn a gcroí ag cur thar maoil le mioscais;

brúchtann smaointe a n-intinne amach.

8 Bíd ag fonóid is ag labhairt go mailíseach

agus beartaíd an t-ansmacht go huaibhreach.

9 Tugaid fogha faoi na flaithis lena mbéal

agus triallann a dteanga ar fuaid an talaimh.

10 Dá bhrí sin bíonn an pobal á moladh

agus slogaid a mbíonn á rá acu.

11 Agus adeirid: “Cá bhfios do Dhia?

An amhlaidh is eol don Té is Airde?”

12 Féach! sin é dála na bpeacach;

téid i saibhreas agus iad ar a sástacht.

13 Nach díomhaoin dom chroí a bheith glan agam

agus mo lámha a ní san ionracas,

14 agus mé bheith dom chrá ar feadh an lae

agus dom smachtú gach aon ré solais!

15 Dá ndéarfainn: “Labhród mar iad siúd,”

bheinn ag tréigean dúchas do chlainne.

16 Rinneas machnamh d’fhonn go dtuigfinn an ní seo,

ach chuaigh sé thar m’acmhainn a dhéanamh,

17 nó go ndeachas i sanctóir Dé

is gur thugas do m’aire a gcríoch dhéanach.

18 Chuir is i slí shleamhain iad go dearfa

agus thug orthu titim chun a n-aimhleasa.

19 Féach mar a thiteadar le halt na haon uaire;

chuadar ar ceal arna scriosadh le scanradh!

20 Amhail taibhreamh a scaiptear le dúiseacht

cuirfir a samhailtí ar ceal, a Thiarna.

21 Toisc go raibh m’aigne á spreagadh chun feirge

le linn dom chroí bheith á chiapadh,

22 bhíos amaideach, baoth, neamhthuisceanach;

ba chuma nó beithíoch mé id fhianaise.

23 Mar sin féin bím i d’fhochair de shíor

agus beireann tú ar dheasláimh orm.

24 Déanfair mo threorú led chomhairle

agus glacfair chun na glóire faoi dheoidh mé.

25 Cé atá agam ar neamh ach tú;

agus má bhím leatsa ní áil liom a bhfuil ar talamh.

26 Bíodh go gcliseann mo cholainn is mo chroí

rinne carraig mo chléibh de Dhia;

is é mo chuid é go síoraí suthain.

27 An drong a thréigeann thú raghaid ar ceal;

scriosann tú a n-imíonn uait le striapachas.

28 Is fearr liomsa bheith i ngar do Dhia

agus mo dhóchas a chur sa Tiarna, mo Dhia,

ionas go neosfainn d’éachtaí go léir

i ndoirse iníon Shíón.

Salm 74 (73)

Scrios an tSanctóra

Mascil Ásáf.

1Cad fáth ar chaithais uait go brách sinn, a Dhia?

Cad fáth foréigean feirge ort in aghaidh chaoirigh do pháirce?

2 Cuimhnigh ar do chomhthionól a bhunaís fadó;

ar an gcine a cheannaís mar oidhreacht duit féin,

ar Shliabh Shíón mar a ndearna tú áras do chónaithe.

3 Tabhair d’aghaidh ar na fothracha a scriosadh ar fad,

ar an ndochar a rinne an namhaid san ionad naofa.

4 Tá do naimhde ag búiríl i lár do thionóil

agus chuireadar a meirgí mar chraobh choscair in airde.

5 Is cosúil iad le coillteoirí ag beartú a mbiailí;

6 tuairgníonn siad le tuanna adhmad snoite na ndoirse

agus déanaid sceanairt díobh le casúir is le ceapoird.

7 Chuireadar do shanctóir faoi bharr dearglasrach.

Thruaillíodar agus do leagadar d’áit chónaithe go húir.

8 Dúradar ina gcroí istigh: “Scriosaimis ar fad iad;

cuirimis trí thine a bhfuil de scrínte Dé sa tír.”

9 Ní fheicimid ár gcomharthaí, níl fáidh ann feasta

ná níl aon neach inár measc arb eol dó cá fhad.

10 Cá fhad a bheidh an t-eascara go tarcaisneach, a Dhia;

an dtabharfaidh an namhaid masla dod ainm go brách?

11 Cad fáth a n-iompaíonn tú do lámh uainn, a Thiarna?

Cad fáth a bhfolaíonn tú do dheaslámh id bhrollach?

12 Is é Dia mo Rí leis na cianta cairbreacha;

an té a dhéanann slánú i lár an talaimh.

13 Is tú a scoilt an mhuir led chumhacht

agus a bhris ina mbloghanna cinn na n-arrachtach san uisce.

14 Is tú a rinne conamar de chinn an Leiviatan

gur thugais ina bhia é do ainmhithe allta an fhásaigh.

15 Is tú a chuir foinsí agus caisí ag brúchtaíl;

is tú a dhiúg na haibhneacha tuilte.

16 Is leat an lá agus is leat an oíche;

is tú a shocraigh an ghrian is an ghealach.

17 Is tú a chinn críocha uile na cruinne;

is tú a dhealbhaigh an samhradh is an geimhreadh.

18 Cuimhnigh, a Thiarna, ar an namhaid fonóideach;

tugann pobal gan chiall tarcaisne dod ainm.

19 Ná tabhair anam do choilm don bhadhbh, a Thiarna;

ná déan dearmad go deo ar anam na mbocht.

20 Tabhair aire dod chonradh óir is lomlán d’éigean

uaimheanna agus diamhra uile na tíre.

21 Ná lig don té faoi leatrom filleadh faoi náire;

go raibh an dealbh agus an daibhir ag tabhairt moladh dod ainm.

22 Éirigh, a Dhia, agus tagair do chúis;

cuimhnigh mar a mhaslaíonn an t-éagráifeach gach lá thú.

23 Ná tabhair i ndíchuimhne callán do naimhde

agus glamaíl d’eascairde ag méadú de shíor.

Salm 32 (31)

Maitheamh an Pheaca

1 Mascail Dháiví.

Is méanar dár maitheadh a choir;

dár folaíodh a pheaca;

2 an té nach gcuireann an Tiarna

cion ina leith,

’s nach bhfuil cealg ina chroí.

3 Bhíos im thost, agus chríon mo chnámha;

bhínn ag osnaíl gach lá,

4 Óir gach uile lá agus oíche

ba throm orm do lámh.

Go deimhin, bhí mo neart á thrá

mar a bheadh le teas an tsamhraidh

5 Ach cheana, d’admhaíos mo pheaca dhuit

agus níor cheilleas m’urchóid.

Duart: “Admhód anois

mo choir don Tiarna.”

Agus thugais maithiúnas dom ansin:

mhaith tú mo pheaca dhom.

6 Guífidh gach neach diaga thú, dá bhrí sin,

in am an éigin.

Nuair a bhrúchtfaidh na tuilte móra

ní thiocfaid i ngar dó.

7 Is tú m’áit fholaigh, a Thiarna,

dom fhuascailt ó m’anacair;

cuireann tú gártha fuascailte thart timpeall orm.

8 Tabharfad teagasc agus múinfead

an tslí is triallta dhuit.

Tabharfad comhairle agus eolas duit;

coimeádfad súil ort.

9 Ná bígí mar an each ná an mhiúil,

gan chiall gan tuiscint.

Mura gcoisctear le béalbhach agus srian iad

ní thiocfaid id chóngar.

10 Is líonmhar iad dóláis na n-éagráifeach,

ach tá trocaire agus grá

ag an té a mbíonn a dhóchas sa Tiarna.

11 Déanaigí lúcháir agus gairdeas sa Tiarna,

a fhíréana uile.

Déanaigí aoibhneas agus áthas

a lucht an chroí dhírigh.

Salm 33 (32)

Ina Moltar Deonú Dé

1 Déanaigí gairdeas sa Tiarna, a fhíréana:

is cóir moladh a thabhairt do dhaoine ionraice.

2 Gabhaigí buíochas leis an Tiarna ar an gcruit;

déanaigí ceol dó ar an gcláirseach dheichthéadach.

3 Canaigí amhrán urnua dó;

canaigí go healaíonta is go hardghlórach dó.

4 Óir is dílis é briathar an Tiarna,

agus is fírinneach a oibreacha go léir.

5 Carann sé an chóir agus an ceart

agus líonann sé an talamh dá bhuanghrá.•NA SAILM 33

6 Lena bhriathar a rinneadh na flaithis:

le hanáil a bhéil na realtaí go léir.

7 Cruinníonn sé tonnta na mara mar a bheadh i mbuidéal,

agus cuireann an dubhaigéan i dtaisce.

8 Bíodh eagla an Tiarna ar an domhan uile;

bíodh urraim ag a maireann ar talamh dó.

9 Labhair sé agus rinneadh gach aon ní.

D’ordaigh sé agus ráinig siad ann.

10 Cuireann sé comhairle na gciníocha ó rath

agus beartas na náisiún ar neamhní.

11 Maireann comhairle an Tiarna go brách

agus a smaointe ó aois go haois.

12 Is méanar don chine arb é an Tiarna a nDia:

an cine a roghnaigh sé mar oidhreacht dó féin.

13 Bíonn an Tiarna ag féachaint anuas ó neamh

agus breathnaíonn sé an Ádhamhchlann go léir.

14 Amharcann sé óna ionad cónaithe

ar gach aon neach dá maireann ar talamh –

15 an té a chum a gcroíthe go léir

agus a thugann a mbearta go léir dá aire.•NA SAILM 33 16 Ní neart a shlua a thugann bua do rí;

ní le teann nirt a tharrthaítear an laoch.

17 Ní hé an t-each a bhéarfaidh an bua;

ní acmhainn dá neart neach ar bith a shaoradh.

18 Féachann an Tiarna ar an dream lenarb eagal é

agus a chuireann a ndóchas ina bhuanghrá,

19 chun a n-anam a shaoradh ón mbas

agus iad a bheathú le linn gorta.

20 Bíonn ár n-anam ag feitheamh leis an Tiarna;

is é siúd ar gcabhair agus ár sciath;

21 is ann a ghairdíonn ár gcroí,

is iontaoibh linn a ainm naofa.

22 Go dtaga do bhuanghrá orainn, a Thiarna,

de réir an dóchais a chuirimid ionat.

Salm 139 (138)

Uile-Eolas

1 Do stiúrthóir an chóir. Salm le Dáiví.

Scrúdaíonn tú mé, a Thiarna, agus is eol duit mé.

2 más luí dom, más suí dom, is eol duit é;

is eol duit mo rún is mé i bhfad uait.

3 Más siúl dom, más suan dom, feiceann tú;

is eol duit mo shlite go léir.•NA SAILM 139

4 Sula gcluintear focal ar mo theanga,

a Thiarna, is eol duit ar fad é.

5 Imdhruideann tú ar chúl is ar bhéal mé;

agus leagann tú do lámh orm de shíor.

6 Is ró-iontach, ró-uasal liom an t-eolas seo;

agus téann sé thar m’acmhainn a thuiscint.

7 Cá háit a rachaidh mé ó do spiorad?

ná cá háit a dteithfidh mé ó do láthair?

8 Má ghabhaim in airde neimhe beidh tú ann romham;

má luím san uaigh, beidh tú ansin romham freisin.

9 Má ghabhaim umam sciatháin na maidine,

agus cónaí i gcríocha imchiana na farraige,

10 ansin féin beidh do lámh do mo sheoladh;

agus béarfaidh tú orm le do dheasláimh.

11 Má deirim go bhfolóidh an dorchacht mé,

agus go mbeidh solas an lae ina oíche umam,

12 ní dorcha leatsa an dorchacht:

is comhsholas duit lá agus oíche.

13 Óir is tú a dheilbhigh go hiomlán mé;

agus a d’fhuaigh i mbroinn mo mháthar mé.•NA SAILM 139

14 Tugaim buíochas duit de bharr iontas mo dhéantúis;

de bhrí gurb éachtach iad d’oibreacha.

B’eol duit go hiomlán m’anamsa;

15 níor ceileadh ort fiú amháin mo chreat,

nuair a cumadh os íseal mé, gur múnlaíodh i mbroinn na talún mé.

16 Chonaic do shúile mo ghníomhartha;

óir scríobhadh iad uile id leabhar;

agus cinneadh dom mo laethanta go léir,

sular tháinig ceann amháin acu ann.

17 Nach diamhrach liom do chomhairlí, a Thiarna;

má dhéanaim a gcomhaireamh ní thig liom a n-áireamh;

18 ní lia gaineamh na trá ná iad;

dá mbeinn réidh leo bheinn farat go fóill.

19 Is mairg, a Dhia, nach scriosann tú na hurchóidigh;

is mairg nach n-imíonn uaim fir na fola.

20 Óir déanann siad ceannairc i d’aghaidh go fealltach;

agus tugann do naimhde mionna éithigh.

21 Nach fuath liom, do lucht fuatha, a Thiarna;

nach déistin liom a n-éiríonn i d’éadan?

22 Is amhlaidh atá an ghráin shaolta agam orthu;

dar liomsa is deargnaimhde dom iad.

23 Scrúdaigh mé, a Dhia, agus féach mo chroí;

déan mo thástáil, agus féach mo smaointe.

24 Féach an bhfuil drochslí á siúl agam;

agus seol mé ar shlí na síoraíochta.

Salm 140 (139)

Fuascail Mé ó Líon na nUrchóideach

1 Do stiúrthóir an chóir. Salm le Dáiví.

2 Fuascail mé a Thiarna, ón drochdhuine;

cosain mé ar fhear an fhoréigin,

3 ar lucht beartaithe an oilc ina gcroí,

a mbíonn aighneas á mhúscailt de shíor acu.

4 Cuireann siad faobhar ar a dteanga mar nathair;

agus bíonn nimh na nathrach faoina mbeola.

5 Tarrthaigh mé ó láimh an urchóidigh, a Thiarna;

cosain mé ar fhear an fhoréigin;

is mian leo barrthuisle a bhaint asam.

6 Chuir na díomasaigh gaiste i bhfolach romham;

leath siad líon agus téada romham;

chuir siad súil ribe romham sa tslí. Selah•NA SAILM 140 7 Deirim leis an Tiarna: “Mo Dhia thú!”

Éist, a Thiarna, le glór mo ghuí.

8 A Thiarna Dia, is tú mo chabhair chumhachtach;

cumhdaíonn tú mo cheann lá an chatha.

9 Ná géill, a Thiarna, do mhianta na n-urchóideach;

nár éirí lena mírúin mhailíseacha. Selah

10 Tógann an drong atá thart timpeall orm a gceann;

go dtreascraí mailís a mbruas féin iad.

11 Go bhfeara sé sméaróidí dearga orthu anuas;

go gcaithe sé isteach i bpoll talún iad,

i dtreo is nach n-éirí siad arís.

12 Ní bheidh an rath ar fhear na drochtheanga;

tiocfaidh an tubaiste ar fhear an fhoréigin.

13 Is eol dom go ndéanfaidh an Tiarna,

ceart is cóir don duine bocht ’s don duine dealbh.

14 Tabharfaidh na fíréin buíochas do d’ainm;

agus mairfidh lucht an ionracais id láthair.

Salm 141 (140)

Go nÉirí m’Urnaí mar Thúis i d’Fhianaise

1 Salm le Dáiví.

Glaoim ort, a Thiarna, fóir orm gan mhoill;

éist le mo ghlór nuair a ghlaoim ort.

2 Go n-éirí m’urnaí mar thúis i d’fhianaise;

go raibh ardú mo lámh mar íobairt tráthnona.

3 Cuir glas ar mo bhéal, achainím ort, a Thiarna;

bí ag faire mar an gcéanna ar dhoras mo bhruas.

4 Ná claon mo chroí chun oilc ar bith

ná chun drochbhearta a dhéanamh le lucht na hurchóide;

nár ithe mé sólais sho-bhlasta ina gcuideachta.

5 Má bhuaileann an fíréan mé is le barr cineáltais é;

má thugann sé casaoid dom, is ola do mo cheann é.

Ach maidir le lucht an oilc, bím ag urnaí i gcónaí,

bíonn m’urnaí i gcónaí in aghaidh a ndrochbheart.

6 Caithfear a mbreithiúna go léir le haill;

beidh a fhios acu an uair sin gur caoin iad mo bhriathra.

7 Mar charraig a scoiltear ina smionagar ar an talamh,

scaipfear a gcnámha ag béal na huaighe.•NA SAILM 141 8 Ortsa, a Thiarna, a Dhia liom, atá mo shúile;

ortsa atá mo thriall, ná fág m’anam gan dídean.

9 Cosain mé ar an ngaiste a chuir siad i bhfearas romham;

saor mé ar ribí lucht déanta na hurchóide.

10 Go gceaptar na héagráifigh go léir ina líonta féin;

ach deonaigh go dtaga mise slán sábháilte uathu.

Salm 142 (141)

Is é an Tiarna a bhfuil agam i dTír na mBeo

1 Mascil Dháiví nuair a bhí sé san uaimh. Urnaí.

2 Glaoim os ard ar an Tiarna;

achainím os ard ar an Tiarna.

3 Déanaim mo ghearán go dian ina fhianaise;

agus nochtaim m’anacra ina láthair.

4 Nuair a bhí mo spiorad á chloí istigh ionam,

b’eol duit féin mo shlí.

Sa tslí ina bhfuil mo shiúl

cuireadh gaiste i bhfolach romham.

5 Breathnaím ar mo dheis agus feicim

nach bhfuil neach ann a dhéanfadh cúram díom.•NA SAILM 142 Níl bealach éalaithe agam;

ní chuireann aon neach spéis i m’anam.

6 Is ort a ghlaoim, a Thiarna;

deirim: “Is tú mo dhídean;

a bhfuil agam i dtír na mbeo.”

7 Éist, dá bhrí sin, le mo ghlao;

óir tá mé i gcorrach na haimiléise.

Fuascail mé ó lucht mo ghéarleanúna,

óir is treise iad siúd ná mé.

8 Seol mé amach as an gcarcair seo

chun go dtabharfaidh mé buíochas do d’ainm.

Tionólfaidh na fíréin i mo thimpeall

toisc go roinnfidh tú go flaithiúil fial liom.

Salm 88 (87)

Faoi Bhráca an Bhróin

1 Amhrán: Salm de chuid chlann Chorach. Don stiúrthóir. Leis an bhfonn “Mahalat”.

Mascil Heman an dúchasach.

2 A Thiarna Dia, bím ag éamh ort de lá;

bím ag caoineadh istoíche os do chomhair.

3 Go dtaga mo ghuí ag triall ort;

claon do chluas chun mo ghlóir.

4 Óir tá m’anam lánualaithe le buarthaí;

tá mo bheatha ag druidim leis an uaigh.•NA SAILM 88

5 Áirítear mé ar an drong a ghabhann sa pholl;

agus ráinig mé mar neach gan neart;

6 mar dhuine ina aonar i measc na marbh,

amhail an t-ár ina luí san uaigh,

atá imithe as do chuimhne go brách,

agus atá scartha le do chúram caomhnaitheach.

7 Chuir is go domhain san uachais mé,

in íochtar an duibheagáin dhorcha.

8 Luíonn do dhíbheirg go trom orm;

tá mé báite faoi do thonnta go léir.

9 Chuir is mo chairde i bhfad uaim;

thug tú orthu déistin a ghlacadh liom.

Táim faoi ghlas is ní féidir liom éalú;

10 tá mo shúile ag meirtniú le téann buartha.

Bím ag éamh ort gach aon lá, a Thiarna;

is chugat a shínim mo lámha.

11 An ndéanfaidh tú éachtaí do na mairbh?

an éireoidh na neamhbheo do do mholadh?

12 An bhfógrófar do ghrá san uaigh,

nó do dhílseacht i measc na marbh?•NA SAILM 88 13 An bhfoilseofar d’éachtaí sa dorchacht;

agus d’fhíréantacht i dtír na díchuimhne?

14 Is ort a bhím ag éamh, a Thiarna,

is chugat a thagann m’urnaí ar maidin.

15 Cad chuige duit m’anam a ruaigeadh?

cad fáth a bhfolaíonn tú d’aghaidh orm?

16 Tá mé i m’ainniseoir, i riocht bháis ó m’óige;

scanraigh mé romhat gur traochadh mo neart.

17 Tháinig do dhíbheirg orm anuas,

agus rinne do sceimhle mo scriosadh.

18 Bíonn siad i mo thimpeall de shíor amhail tuile;

tagann siad uile i mo thimpeall in éineacht.

19 Sciob tú uaim mo chara agus mo chomharsa;

is í an dorchacht mo chompánachsa feasta.

Salm 103 (102)

Trócaire an Tiarna

1 [Salm le] Dáiví.

Beannaigh an Tiarna, a anam liom;

go mbeannaí a bhfuil ionam a ainm naofa.

2 Beannaigh an Tiarna, a anam liom;

ná tabhair i ndíchuimhne a thíolacthaí uile.

3 Maitheann sé do chionta go léir duit;

agus leigheasann sé d’easláintí uile.

4 Fuasclaíonn sé d’anam ón uaigh;

corónaíonn sé le buanghrá is le trua thú.

5 Líonann sé do shaol le nithe fónta;

déantar d’óige a athnuachan mar a bheadh iolar.

6 Cuireann an Tiarna an fhíréantacht i bhfeidhm;

tugann sé ceart dá mbíonn faoi dhaorsmacht.•NA SAILM 103

7 Chuir sé a shlite in iúl do Mhaois;

agus a ghníomhartha in iúl do chlann Iosrael.

8 Is grámhar trócaireach é an Tiarna,

foighneach agus lán de cheansacht.

9 Ní i gcónaí a bheidh sé ag cáineadh;

ní de shíor a bheidh sé i bhfeirg linn.

10 Ní de réir ár bpeacaí a roinneann sé linn;

ní de réir ár gcionta a chúitíonn sé linn.

11 Óir ní airde neamh os cionn talaimh

ná a bhuanghrá don dream lenarb eagal é.

12 Ní faide an t-oirthear ón iarthar

ná an fad a chuireann sé ár gcionta uainn.

13 Amhail is trua leis an athair a chlann,

is trua leis an Tiarna lucht a eaglaithe.

14 Óir is eol dó an tslí inar cumadh sinn

agus is cuimhin leis nach bhfuil ionainn ach luaithreach.

15 Is cosúil ré an duine le féar;

bláthaíonn sé amhail bláth an mhachaire.

16 Téann sé ar ceal le leoithne gaoithe,

agus ní fios dá ionad féin é feasta.

17 Ach maireann buanghrá an Tiarna go síoraí

don dream ar a mbíonn a eagla,agus a fhíréantacht do chlann a gclainne

nuair a chomhlíonann siad a chonradh go dílis,

agus go ndéanann siad de réir a thola.

19 Shocraigh an Tiarna a chathaoir ar neamh;

agus rialaíonn a ríogacht gach aon ní.

20 Molaigí an Tiarna, a aingle uile an Tiarna

a dhéanann a réir go cumasach,

agus a bhíonn go humhal dá bhriathar.

21 Molaigí an Tiarna, a aingle uile an Tiarna,

a lucht fónaimh a dhéanann a thoil.

22 Molaigí an Tiarna, a oibreacha uile an Tiarna

i ngach uile áit dá bhfuil faoina réir.

Beannaigh an Tiarna, a anam liom.

Salm 110 (109)

Críost: Rí agus Sagart

1 Salm Dháiví.

D’fhoilsigh an Tiarna do mo thiarnasa:

“Bí id shuí ar mo dheis

go gcuirfidh mé do naimhde mar stól faoi do chosa.”

2 Sínfidh an Tiarna ríshlat do chumhachta

as Síón amach.

Bí ag rialú i measc do naimhde.•NA SAILM 110 3 Is leatsa an ceannas ó lá do bhreithe

ar na sléibhte naofa;

is leat [an ríogacht ó fhíorthús d’óige].

4 Mhionnaigh an Tiarna, ní bheidh aithreachas air:

“Is sagart tú go brách

de réir ord Mheilcizidic.”

5 Tá an Tiarna ina sheasamh ar do dheis;

déanfaidh sé smionagar de ríthe lá na feirge.

6 Tabharfaidh sé breithiúnas ar na náisiúin,

déanfaidh sé carn de chonablaigh;

brisfidh sé cinn urra go fada fairsing.

7 Ólfaidh sé as an sruth cois bóthair;

agus dá bhrí sin tógfaidh sé a cheann.

Salm 113 (112)

Moladh le hAinm Dé

1 Alleluia.

Tugaigí moladh, a lucht freastail an Tiarna;

molaigí ainm an Tiarna!

2 Moladh le hainm an Tiarna

i láthair na huaire agus choíche!

3 Ó éirí go luí na gréine,

go raibh ainm an Tiarna á mholadh!

4 Tá an Tiarna os cionn na gciníocha uile,

agus a ghradam os cionn na bhflaitheas.

5 Cé is cosúil leis an Tiarna, ár nDia;

atá ina shuí ar a ríchathaoir in airde?•NA SAILM 113 6 Cromann sé ó na harda anuas

chun féachaint ar neamh agus ar talamh.

7 Tógann sé an t-íseal aníos as an deannach;

ardaíonn sé den charn aoiligh an duine dealbh,

8 á chur ina shuí i bhfochair a phrionsaí,

ar aon chéim le prionsaí a phobail.

9 Tugann sé sliocht sa teach don bhean gan leanbh;

go mbíonn ina máthair chlainne faoi áthas.

Salm 121 (120)

Is é an Tiarna ár nDídean

1 Amhrán Oilithreach.

Tógaim mo shúile chun na sléibhte.

Cad as do mo chúnamh?

2 Is ón Tiarna féin atá mo chúnamh,

a rinne neamh agus talamh.

3 Nár lige sé duit tuisliú go deo;

nár dhéana do gharda codladh.

4 Féach! ní thitfidh sámhchodladh ná suan

ar gharda Iosrael.

5 Is é an Tiarna do gharda is do dhídean,

agus é ar do dheis.

6 Ní bhuailfidh an ghrian thú i rith an lae,

ná an ré istoíche.

7 Coimeádfaidh an Tiarna ón uile olc thú;

coimeádfaidh sé d’anam.

8 Coimeádfaidh an Tiarna thú ag imeacht is ag teacht duit,

anois agus choíche.

Salm 122 (121)

Iarúsailéim: An Chathair Naofa

1 Amhrán oilithreach. Le Dáiví.

Rinne mé gairdeas nuair a dúradh liom:

“Rachaimid isteach i dteach an Tiarna.”

2 Tá ár gcosa ina seasamh cheana féin

id dhoirse, a Iarúsailéim.

3 Rinneadh cathair Iarúsailéim a thógáil

go dlúth is go daingean.

4 Is chuici suas a ghabhann na treibheanna,

treibheanna an Tiarna,

d’fhonn is go dtugaidís fianaise do Iosrael,

agus buíochas don Tiarna.

5 Is ansiúd atá cathaoir an bhreithiúnais,

cathaoir do theaghlach Dháiví.

6 Iarraigí síocháin Iarúsailéim a chur chun cinn;

gura slán a dtugann taitneamh duit.

7 Síocháin go raibh laistigh de do mhúrtha,

agus flúirse id phálás.

8 Ar son mo bhráithre agus lucht mo pháirte,

síocháin go raibh ionat.

9 Ar son teach an Tiarna, ár nDia,

iarraim do leas.

Salm 126 (125)

Síolchur Deorach, Fómhar Lúcháireach

1 Amhrán Oilithreach.

Nuair a sheol an Tiarna príosúnaigh Shíón ar ais,

ba chosúil le lucht aislinge sinn.

2 Líon ár mbéal le gáire,

agus ár dteanga le gairdeas.

Bhíothas á rá ansin i measc na gciníocha:

“Rinne an Tiarna go héachtach dóibh.”

3 Rinne an Tiarna na héachtaí dúinn;

bhí áthas orainn go deimhin.

4 Cuir sonas orainn arís, a Thiarna,

mar shruthanna sa Neigib.

5 An dream a chuireann síol le deora,

bainfidh siad an fómhar faoi ghairdeas.

6 Ag sileadh deor dóibh gabhaid amach,

ag iompar síl chun a scaipthe.

Ag teacht ar ais dóibh tagaid faoi áthas,

agus a bpunanna á n-iompar acu.

Salm 147 (146-147)

Amhrán Molta agus Buíochais do Dhia as

ucht Atógáil Iarúsailéim

12 Tabhair moladh don Tiarna, a Iarúsailéim;

tabhair moladh dod Dhia, a Shíón.

13 Óir dhaingnigh sé sparraí do dhoirse;

agus bheannaigh sé do chlann atá istigh ionat.

14 Rinne sé síocháin id chríocha;

agus tugann do sháith de phlúr na cruithneachta duit.

15 Cuireann sé a aithne ag triall ar an talamh;

agus gluaiseann a bhriathar go lántapaidh.

16 Scaipeann sé sneachta amhail olann;

croitheann sé cuisne amhail luaithreach.

17 Leathann sé a leac oighir ina blúirí;

cé a fhéadann a fhuacht a fhulaingt?

18 Cuireann sé a bhriathar uaidh á leá;

agus a ghaoth a choscairt an tsneachta.

19 D’fhoilsigh sé a bhriathar do Iacób;

a reachtanna agus a fhoraitheanta d’Iosrael.

20 Ní dhearna sé amhlaidh d’aon chine eile;

níor nocht sé a reachtanna dóibh.