In Other Words

A Welcome to Tullahought as Gaeilge.

Tullach Dhocht – Fáilte is Fiche Romhat: Bíonn an sráidbhaile bheag seo suaimhneach gach lá den bhliain ar fad. Nuair a théann tú amach ag spaisteoireacht um thráthnóna, buaileann tú leis na daoine áitiúla i gcónaí agus cuirtear ar do shuaimhneas díreach le meangadh gáire nó cúpla focail “Dia dhuit, aon scéal uait?” Is aoibheann liom filleadh ar an áit seo tar éis saoire thar lear toisc go bhfuil an fhírinne glan le bhraith sa nath “Níl aon tinteán ná do thinteán féin”.

Tar éis an séipéal a fhágáil is ar do shlí tríd an sráidbhaile féin, is féidir amharc ar an sliabh Sliabh na mBan agus anois, bíonn an loch bheag agus an siúlóid lúb náisiúnta ann chun tú féin a mhealladh, chun áthas a chur i do chroí istigh. Tagann cuairteoirí ó gach cúinne den tír agus uaireanta ó thíortha eile. Imíonn chuile duine abhaile le slisín áthais suaimhneach ina n-anam istigh.

Tiocfaidh siad an athuair toisc go bhfuil gné speisialta san áit seo. Is féidir é sin a admháil go cinnte tar éis mo shaol ar fad a chaitheamh anseo. Má bhíonn an t-am agat, tar go dtí Tullach Dhocht agus fill ar ais go dtí laethanta glégheal d’óige. Lig do scíth san áit seo, áit a chuirfidh fáilte is fiche romhat.