Cuirtear coincheapa nó ábhar nua i láthair foghlaimeoirí sa bhaile agus caitear am ranga ar a bheith ag obair trí fhadhbanna, ag bogadh ar aghaidh go dtí coincheapa níos casta agus ag tabhairt faoi obair níos comhoibrithí agus foghlaim atá bunaithe ar thionscadail. An chaoi sin, déantar na róil thraidisiúnta do gach spás a ‘mhalartú’. Chuirfeadh Nazara (2019) síos ar an mhalairt foghlama mar "a learning approach in which learning components shift from in-class to homework and vice versa” (2019, lch 265)
Nuair a chuimhnítear ar na gníomhaíochtaí ‘traidisiúnta’ teagaisc, foghlama agus measúnaithe a tharlaíonn de ghnáth i seomra ranga, mar a achoimrítear ar phirimid tacsanomaíochta Bloom thíos (Bloom, 1956), tugtar topaicí isteach agus breathnaítear orthu de ghnáth sa rang, agus tarlaíonn gníomhaíochtaí a thugann faoin smaointeoireacht ardoird lasmuigh de thimpeallacht an tseomra ranga ina dhiaidh sin. Le samhail na Malairte Foghlama, tugann an múinteoir topaicí isteach lasmuigh de thimpeallacht an tseomra ranga ag úsáid modhanna digiteacha (e.g. cur i láthair ar líne / físeán / físghabháil scáileáin etc.) Is féidir níos mó ama a infheistiú ansin i ngníomhaíochtaí smaointeoireachta ardoird lena mbaineann cur i bhfeidhm, anailís, measúnú agus cruthú sa seomra ranga.
Cuirtear béim sna físeáin seo a leanas maidir le Dea-Chleachtas ó SFGM ar ghnéithe a d’fhéadfaí a úsáid chun cur chuig malairte foghlama a úsáid i suíomh bunscoile.
breathnú ar fhíseáin teagaisc nó mínithe a thugann forléargas ar thopaic/a tharraingíonn aird ar na príomhtheachtaireachtaí/a mhíníonn coincheap mata etc.
is féidir ábhar físeáin mínithe réamhdhéanta a aimsiú ar Khan Academy/ National Geographic Kids/ SchoolTube/ TED-Ed.
is féidir físghabháil scáileáin ón múinteoir a chruthú trí úsáid a bhaint as Screencast-O-Matic/ Screencastify/ Loom nó ríomhaire glúine nó gléas móibíleach a úsáid.
smaoineamh go criticiúil faoin ábhar físeáin a bhfuil siad tar éis breathnú air agus freagairt a thabhairt air
an modh 3-2-1 a úsáid chun trí rud atá foghlamtha acu, dhá rud a bhraith siad a bhí suimiúil agus ceist amháin atá acu fós a lua.
breathnú ar fhíseán ar Edpuzzle agus na ceisteanna measúnaithe fhoirmithigh agus leideanna atá leabaithe i rith an fhíseáin a fhreagairt.
freagairt físeáin ghairid a thaifeadadh ar Flipgrid chun a smaointeoireacht nó smaointe a mhíniú spreagtha ag ceist phlé nó gníomhaíocht traschuraclaim a shann an múinteoir.
breathnú ar chur i láthair idirghníomhach Nearpod a chruthaigh an múinteoir agus páirt a ghlacadh i mboird chomhoibríocha nó turais allamuigh réaltachta fíorúla, freagairt ar cheisteanna neamhiata, quizeanna nó pobalbhreitheanna a fhreagairt, nó an clár bán idirghníomhach a úsáid chun pictiúir a tharraing, a aibhsiú, a chlóscríobh agus a chur i bhfreagairt ar ghníomhaíochtaí.
scrúdú a dhéanamh agus freagairt a thabhairt ar íomhánna a aimsítear ar shuíomhanna gréasáin, lena n-áirítear Pobble365.
alt digiteach a léamh nó amlíne idirghníomhach a aimsíodh ar World Book Online a scrúdú mar ullmhúchán d’anailís sa seomra ranga.
tabhairt faoi bhileoga oibre idirghníomhacha, a chruthaigh an múinteoir ar Wizer.me, chun a réamheolas ar thopaic a dheimhniú agus/nó chun a n-eolas agus a dtuiscint a mheasúnú ag deireadh topaice.
mapa coincheap páipéarbhunaithe nó digiteach a chur i gcrích chun coincheapa a neartú agus naisc a thógáil idir topaicí éagsúla
úsáid a bhaint as an gclár bán digiteach ar líne Whiteboard.fi, nó as na haipeanna móibíleacha Show Me nó Explain Everything, chun tuiscint a chur i láthair i.e. míniú scríofa agus clostaifeadta ar a réiteach ar fhadhb mhata.
dul i mbun taighde neamhspleách ag úsáid acmhainní aoisoiriúnacha lena n-áirítear Scoilnet, World Book Online, DK Find Out, Ask About Ireland, National Geographic Kids, Google Treks, Google Arts and Culture, etc.
cur le díospóireachtaí ar ardán ar nós Google Classroom, Microsoft Teams, Edmodo, Schoology etc., trí mhachnaimh a phostáil agus/nó naisc a tharraingt go dtí eolas ábhartha ar líne.
ceisteanna a chur chun soiléiriú a fháil agus tuiscint a dhoimhniú.
tairbhe a bhaint as tacaíocht an mhúinteora nó a gcomhdhaltaí chun aghaidh a thabhairt ar mhíthuiscintí.
a smaointe agus a mothúcháin maidir le topaic a chomhroinnt agus a mhíniú lena gcomhdhaltaí.
páirt a ghlacadh i bplé beirte nó grúpa.
páirt a ghlacadh i ndíospóireacht ó bhéal nó díospóireacht siúil lena gcomhdhaltaí.
cur le plé ranga uile ar ardáin ar líne lena n-áirítear Mentimeter nó Padlet agus machnamh a dhéanamh ar fhreagairtí fíor-ama a gcomhdhaltaí (gan ainm más fearr leo).
páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí drámaíochta lena gcomhdhaltaí e.g. íomhánna socra/stadáin nó páirt a ghlacadh i ndiancheistiú, rólimirt agus caolsráid coinsiasa.
páirt a ghlacadh i léamha drámata ábhar insinte (amharclann na léitheoirí).
saothar ealaíne a chruthú agus tógálacha samhlacha a thógáil, go neamhspleách nó lena gcomhdhaltaí.
coincheapa agus scileanna a chleachtadh agus a chur i bhfeidhm lena múinteoir agus lena gcomhdhaltaí i láthair le haghaidh tacaíochta agus treorach.
dul i mbun gníomhaíochtaí réitithe faidhbe bunaithe ar an ábhar a rinneadh sa bhaile.
tionscadail pháipéarbhunaithe nó dhigiteacha bunaithe ar thaighde agus machnamh criticiúil a chruthú agus a chur i láthair go comhoibritheach.
d’fhéadfaí tionscadail dhigiteach a chruthú le huirlisí ar nós Google Docs, Microsoft Word, Adobe Spark Page, Adobe Spark Video, Book Creator, Google Slides, Google Sites, Microsoft PowerPoint, Keynote, iMovie, etc.
dul i mbun gníomhaíochtaí measúnaithe neamhspleácha, beirte, grúpa bhig nó ranga uile, ar nós Kahoot, Quizizz, Go Formative, Flipgrid, Nearpod, Google Forms, Microsoft Forms.
Is féidir Timpeallachtaí Fíorúla Foghlama (TFFanna, a dtugtar ardáin dhigiteacha orthu freisin) ar nós Google Classroom, Microsoft Teams, Edmodo, Seesaw, Class Dojo Portfolios, etc., a úsáid chun cumarsáid a dhéanamh ar líne le foghlaimeoirí, ábhair ranga a chomhroinnt, acmhainní foghlama a thairiscint chun freastal ar riachtanais foghlaimeoirí ilchineálacha, tascanna a shannadh agus a bhailiú agus aiseolas a thabhairt. De rogha air sin, d’fhéadfaí acmhainní mar iad sin thuas a chur le Conaire Foghlama Scoilnet, Conaire Foghlama Symbaloo, bailiúchán Wakelet nó Padlet.