Is éard is cóipcheart ann tacar ceart a bhaineann go huathoibríoch le cruthaitheoir bunsaothair – saothar liteartha, amhrán, scannán, íomhá nó bogearra. Nuair atá ábhar á chruthú, nó nuair atáthar ag moladh do scoláirí é a dhéanamh, tá sé tábhachtach cloí le cóipcheart. Is ceart polasaithe maidir le cóipcheart agus foilsiú a chuimsiú i bpolasaí úsáide inghlactha na scoile.
Le Ceadúnú Creative Commons, cuirtear ar chumas cruthaitheoirí a shonrú conas is féidir a n-ábhar cruthaithe a úsáid. Ní chiallaíonn sé sin gur ghéill na cruthaitheoirí a gcóipcheart. Ina áit sin, tugann siad cuid dá gcearta d’aon bhall den phobal faoi choinníollacha áirithe.
A luaithe a thosaíonn tú ag cruthú ábhair, tá sé tábhachtach go mbeadh a fhios agat conas ceadúnas a chruthú do do chuid oibre. Is féidir le múinteoirí agus foghlaimeoirí creativecommons.com/choose a úsáid chun a gcuid oibre a chomhroinnt agus a chosaint. Ligeann an suíomh idirlín sin duit ceadúnas a chruthú do do chuid oibre. Is bealach simplí é duit le do chead a thabhairt do shaothar cruthaitheach a úsáid agus a chomhroinnt.
Nuair a úsáideann múinteoir nó foghlaimeoir íomhá ag a bhfuil Ceadúnas Creative Commons, ní mór é a admháil ar bhealach faoi leith. Léirítear san íomhá thall na cineálacha éagsúla cóipchirt a fheictear de ghnáth.
Cliceáil ar gach íomhá thíos chun na suíomhanna gréasáin a rochtain.