Le déanaí, mar gheall ar dhúnadh scoileanna, bhí an teicneolaíocht ina héascaitheoir le haghaidh aiseolas éifeachtach nuair nach raibh roghanna eile aghaidh ar aghaidh indéanta. Is féidir le múinteoirí tascanna a chruthú agus a dháileadh go héasca, ag ligean d’fhoghlaimeoirí na tascanna atá socraithe a chur i gcrích.
Nuair atá siad sin curtha i gcrích agus curtha ar ais, is féidir le múinteoirí aiseolas agus treoir a chur ar fáil dá gcuid foghlaimeoirí. Cuireann sé sin ar chumas na múinteoirí agus foghlaimeoirí leanúint ar aghaidh le lúb an aiseolais i dtimpeallacht foghlama cumaisc.
Féach ar rannán an mheasúnaithe agus aiseolais ar leathanach gréasáin SFGM ar Chianfhoghlaim agus leathanach CNCM ar Mheasúnú Bunscoile le haghaidh tuilleadh eolais ar mheasúnú agus aiseolas éifeachtach.
Mar chuid de thionscnamh na punainne digití, tá iar-bhunscoil mhór uirbeach in iarthar na hÉireann ag úsáid Google Classroom mar thimpeallacht foghlama fhíorúil chun tascanna a dhearadh, a chruthú agus a shocrú d’fhoghlaimeoirí. Tá tasc aiste cruthaithe, socraithe agus sannta ag an múinteoir trí Google Classroom, bunaithe ar bholcáin. Chuir scoláirí a gcuid aistí isteach in imeacht coicíse. Ag úsáid an breiseán Chrome, Talk and Comments - Voice Notes Anywhere, cuireann an múinteoir aiseolas éifeachtach ar fáil do na foghlaimeoirí a mbeidh siad in ann éisteacht leis ag céim ar bith. Féadfaidh foghlaimeoirí an breiseán seo a úsáid freisin chun an múinteoir a fhreagairt le tráchtaireacht fuaime.
Tá Gaelcholáiste tuaithe meánmhéide i gCúige Laighean ag úsáid MS Teams mar thimpeallacht foghlama fhíorúil i bhfoghlaim chumaisc. Cruthaíonn, socraíonn agus sannann múinteoirí tascanna ag úsáid fheidhm na dtascanna in MS Teams. Nuair atá tasc curtha isteach ag foghlaimeoirí, úsáideann na múinteoirí gné na tráchtaireachta chun aiseolas sonrach, éifeachtach agus atriallach a thabhairt dóibh. Úsáideann múinteoirí an ghné le haghaidh aiseolais fhoriomláin chun achoimre a thabhairt ar obair na bhfoghlaimeoirí nuair atá sí curtha i gcrích go hiomlán agus curtha isteach.
Is féidir é a thabhairt ó chian, ag sábháil am luachmhar sa seomra ranga.
Ligeann sé don mhúinteoir taifead a choinneáil ar aiseolas, ar féidir é a shábháil laistigh i bpunann digiteach ar phróifíl an fhoghlaimeora.
Is féidir leis rannpháirtíocht an fhoghlaimeora a fheabhsú trí threoir faoi leith a thabhairt maidir le conas píosa oibre a fheabhsú.
Nuair a úsáidtear é bunaithe ar chritéir ratha faoi leith, is féidir leis soiléiriú a thabhairt d’fhoghlaimeoirí maidir le cad é a bhfuiltear ag súil leis nó a theastaíonn.
Anseo thíos tá dhá rogha fhéideartha is féidir le múinteoirí a úsáid chun obair a shannadh dá bhfoghlaimeoirí. Is iomaí sin ardán eile atá ar fáil freisin ina leith seo, agus tá siad ar fáil ar Leathanach SFGM ar Chianfhoghlaim.
Tá d’aidhm ag Google Classroom cruthú, dáileadh agus grádú tascanna gan pháipéar a shimpliú. Cabhraíonn Google Classroom leis an bpróiseas a bhaineann le comhaid a chomhroinnt idir múinteoirí agus foghlaimeoirí a chuíchóiriú.
Is é Microsoft Teams an mol le haghaidh comhoibriú in Office 365, a chomhtháthaíonn cumarsáid idir múinteoirí agus foghlaimeoirí, ábhar oideachasúil, agus uirlisí eile a theastaíonn le haghaidh foghlaim chumaisc ar nós tascanna a chruthú agus a dháileadh.
Tá aiseolas téacsbhunaithe an-úsáideach chun aiseolas a chur ar fáil d’fhoghlaimeoirí ar obair atá curtha isteach acu trí ardán ar líne na scoile. Taispeántar san fhíseán seo conas aiseolas a chur ar fáil trí Microsoft Teams.
Is gné úsáideach é guth go téacs ina lán cláir próiseála focal. Cé nach féidir leat an ghné seo a úsáid agus tú ag fágáil tráchtaireachtaí d’fhoghlaimeoir, féadfaidh sé a bheith úsáideach do mhúinteoirí ar bhealaí eile. Mar shampla, nuair atáthar ag tabhairt aiseolas ar obair foghlaimeora nó i dtimpeallacht RSO.
Is féidir aiseolas fuaime a úsáid mar mhodh chun aiseolas a chur ar fáil d’fhoghlaimeoirí agus in áit an aiseolais théacsbhunaithe níos traidisiúnta.
Is breiseán Chrome é Kaizena is féidir a úsáid chun aiseolas gutha a chur ar fáil d’fhoghlaimeoirí laistigh de Google Docs.
Tabhair faoi deara go gcaithfidh an múinteoir agus an foghlaimeoir araon an breiseán a ghníomhachtú sa Chonsól Riaracháin Google.
San fhísghabháil scáileáin seo breathnaítear ar conas is féidir le múinteoirí tacú le foghlaimeoirí trí aiseolas fuaime a chur ar fáil, ag úsáid dúch digiteach nó ag comhroinnt aiseolas scríofa le Microsoft One Note.
Tá seinnliosta YouTube cruthaithe ag an bhFoireann Teicneolaíochtaí Digiteacha d’fhísghabhálacha scáileáin ina léirítear conas rogha uirlisí digiteacha a úsáid chun tacú le measúnú agus aiseolas.
Tá níos mó acmhainní agus samplaí d’uirlisí digiteacha chun tacú le measúnú agus aiseolas éifeachtach ar leathanach SFGM ar Mheasúnú agus Aiseolas.