Is féidir cur síos ar fhísghabháil scáileáin mar “digital video-recordings of a computer’s on-screen activities” (Séror, 2012). Is minic tráchtaireacht a bheith leis na taifeadtaí seo, ar féidir a ghabháil le linn an tseisiúin taifeadta nó a chur leis an taifead ina dhiaidh sin.
Cumasaíonn físghabháil scáileáin
cur chuige dírithe ar fhoghlaimeoir
cainéal éifeachtach aiseolais (Anson et al., 2016)
smaointeoireacht chriticiúil agus eispéiris bhríocha oideachais (Meyer, 2003; Garrison and Kanuka, 2004)
Cuireann iar-bhunscoil mheasctha mhór i mBaile Átha Cliath ceachtanna réamhthaifeadta ar fáil ag úsáid físghabhálacha scáileáin a chruthaítear leis an uirlis taifeadta físeáin Screencast-O-Matic. Feidhmíonn na físeáin mar thacaíocht chun réitigh mhata a léiriú d’fhoghlaimeoirí. Mar gheall ar an gcur chuige sin is féidir eispéireas atá níos dírithe ar an scoláire a chruthú, mar a stiúrann na scoláirí luas an cheachta.
Úsáideann múinteoir Staidéir Gnó iar-bhunscoile i Liatroim Loom chun topaicí cuntasaíochta a theagasc do scoláirí Sraithe Sóisearaí sa 3ú bliain. Breathnaíonn na scoláirí ar na físeáin trí Google Classroom sa bhaile agus is maith leo gur féidir leo breathnú arís ar fhíseáin an oiread agus is mian leo chun a dtuiscint a dhoimhniú.
■ Is féidir le múinteoirí físeáin teagaisc agus straitéisí a chomhroinnt le comhghleacaithe le huirlisí físghabhála scáileáin.
■ Is féidir le múinteoirí imeacht ó bheith ina sholáthraí ábhair i dtreo a bheith níos cosúla le héascaitheoir ábhair.
■ Is féidir le foghlaimeoirí ábhair a úsáid óna lán gléasanna ar a gcaoithiúlacht féin.
■ Is féidir le foghlaimeoirí a luas foghlama a rialú.
■ Cuirtear foghlaim fhéinstiúrtha chun cinn.
■ Is féidir le foghlaimeoirí réamhamharc a fháil ar an ábhar roimh an rang agus roinnt den eolas bunúsach riachtanach a fháil a chuirfidh ar a gcumas breith níos éasca ar choincheapa gaolmhara a fhiosraítear sa rang.
■ Is féidir le foghlaimeoirí ábhar nár thuig siad le linn ranga a athbhreithniú.
■ Is féidir le foghlaimeoirí a bhfísghábhálacha scáileáin féin a chruthú chun tuiscint a léiriú.
Is féidir le samhail Gagne de na Naoi nImeacht Teagaisc a bheith ina cabhair do mhúinteoirí chun a bhfíseáin físghabhála scáileáin a struchtúrú.
Tá sí bunaithe ar dhearcadh cognaíoch na foghlama agus cuirtear béim léi ar éifeachtacht an deartha treorach (físeán) chun cabhrú le foghlaim (Gagne et al., 1992).
Screenflow
Tablets - Screen Record
Quicktime - MacBook
Windows 10 - Win-Alt-R
Is uirlis ar líne agus breiseán Chrome é Loom a d’fhéadfaí a úsáid chun físghabhálacha scáileáin a chruthú. Tá sé oiriúnach do mhúinteoirí chun físghabhálacha a chruthú agus chun tráchtaireacht a dhéanamh thar acmhainní reatha múinteoirí. Tá an leagan gairmiúil de Loom saor in aisce d’oideachasóirí anois go deo.
Is féidir Screencast-o-Matic a úsáid chun físghabhálacha a chruthú agus chun tráchtaireacht a dhéanamh thar acmhainní reatha múinteoirí ar nós Sleamhnán agus cuir i láthair PowerPoint.
Léirítear san fhísghabháil scáileáin seo conas is féidir Screencastify a úsáid chun aiseolas a chur ar fáil d’fhoghlaimeoirí maidir le hobair a chuir siad isteach.