I dtimpeallacht chumaisc tá físeán oideachasúil ar cheann de na teicneolaíochtaí is
tábhachtaí ar féidir leis rannpháirtíocht scoláirí a mhéadú (Kazanidis agus
Eleftherios, 2017).
Is féidir físeán a úsáid chun an fhoghlaim lasmuigh den seomra ranga a thabhairt
isteach, chun cur léi, agus chun í a neartú trí thascanna ar líne agus as líne.
Buntáistí a bhaineann le físeáin a úsáid i dtimpeallacht foghlama cumaisc:
Tagann foghlaimeoirí chun an ranga agus iad ullmhaithe agus le roinnt réamheolais acu.
Bíonn múinteoirí ar fáil chun tacú le foghlaimeoirí nuair is mó a theastaíonn siad uathu – ag cur tascanna i gcrích agus ag cur eolas i bhfeidhm.
Is féidir le foghlaimeoirí breathnú ar fhíseáin agus iad a athbhreithniú ar a luas féin.
Tá an roinn Mata in iar-bhunscoil mhór ag comhoibriú chun taispeántais shimplí de choincheapa Mata a thaifeadadh a bheidh foghlaimeoirí in ann a athbhreithniú sa bhaile. Tógann siad grianghraf de gach céim den phróiseas agus déanann siad tráchtaireacht ar na straitéisí ag úsáid Adobe Spark Video. Déantar na físeáin seo a uaslódáil chuig Edpuzzle agus cuirtear ceisteanna éagsúla tríothu chun seiceáil le haghaidh tuisceana.
Tá múinteoir Tíreolaíochta dara bliain i nGaelcholáiste uirbeach ag iarraidh ceacht idirghníomhach a chruthú chun teicteonaic plátaí a chur i láthair a ranga. Chruthaigh sé cur i láthair Google Slide ar Nearpod agus cuireann sé vótaí spéisiúla, boird chomhoibrithe agus topaicí Flipgrid leis chun rannpháirtíocht na bhfoghlaimeoirí a mhéadú a oiread agus is féidir. Chun bonn eolais a chur faoina cheacht, athbhreithníonn sé ansin obair na bhfoghlaimeoirí leis an uirlis mheasúnaithe roimh am teagmhála lena chuid foghlaimeoirí.
Is féidir le múinteoirí físeáin réamhdhéanta a úsáid mar mhodh chun topaic a thabhairt isteach agus/nó cur leis an bhfoghlaim. Leanann an múinteoir ar aghaidh ag cur cuid mhór den ábhar ar fáil le linn am teagmhála. I measc na bhfoinsí seo tá Teachertube, WatchKnowLearn, TedEd agus Khan Academy. Is féidir leat níos mó foinsí físeán a aimsiú anseo.
Déanann múinteoirí físeán a thaifeadadh bunaithe ar thopaic atá á fiosrú sa rang agus comhroinneann siad é leis na foghlaimeoirí roimh am teagmhála ranga trí ardán foghlama na scoile. Tagann na foghlaimeoirí chun an ranga le réamheolas ar an topaic agus tógann an múinteoir air sin. I measc uirlisí cruthaithe físeáin tá Adobe Spark, Flipgrid, Loom agus Screencast-o-matic.
Cruthaíonn múinteoirí físeán idirghníomhach ina bhfuil ceisteanna agus leideanna le haghaidh eispéireas foghlaimeora ar a luas féin agus é sa bhaile. Tagann na foghlaimeoirí chun an ranga le réamheolas ar an topaic agus éascaíonn an múinteoir tuilleadh foghlama. Is dhá uirlis chruthaithe den chineál sin iad Edpuzzle agus Nearpod.
Nuair atáthar ag cruthú físeán teagaisc tá roinnt cúinsí ar fiú machnamh a dhéanamh
orthu:
Script a scríobh: tabharfaidh seo fócas do d’fhíseán agus cinnteoidh sé ailíniú le cuspóirí foghlama an cheachta.
Comhthéacs: déan machnamh ar aon tagairtí a d’fhéadfadh dáta d’fhíseáin a léiriú agus cosc a chur ar é a athúsáid amach anseo arís.
Ábhar: ba cheart d’íomhánna/acmhainní a úsáidtear i bhfíseáin a bheith gan chóipcheart agus ar fáil le comhroinnt/le hathúsáid.
Fad: ba cheart d’fhíseáin a bheith idir 3 agus 5 nóiméad chun spéis a uasmhéadú.
Fuaim: bí aireach faoi fhuaimeanna sa timpeallacht, chomh maith le soiléire, luas agus tuin.
Soilsiú: má tá tú ag taifeadadh beo, tabhair aghaidh ar fhoinse solais dhírigh.
Eagarthóireacht: is féidir iMovie nó Openshot a úsáid chun d’fhíseán a chur in eagar.
Físeáin bheochana: is féidir iad a chruthú ar shuíomhanna ar nós mysimpleshow, moovly, powtoon nó videoscribe.