Breathnaíonn foghlaimeoirí ar thopaicí sa seomra ranga nó sa bhaile ar a luas féin. Is féidir na seisiúin aghaidh ar aghaidh sa seomra ranga a úsáid chun ábhar agus ionchais a thabhairt isteach nó, de rogha air sin, deiseanna foghlama gníomhacha a chur ar fáil d’fhoghlaimeoirí chun a n-eolas agus tuiscint ar ábhar a mbreathnaítear air sa bhaile a phlé agus a chur i bhfeidhm. Le gníomhaíochtaí atá bunaithe sa bhaile is féidir ábhar nua a chur i láthair foghlaimeoirí, nó cur leis an bhfoghlaim sa seomra ranga, tacú léi nó í a threisiú.
Tá an tsamhail Shaibhrithe Fhíorúil difriúil le samhail na Malairte Foghlama mar is annamh a bhuaileann foghlaimeoirí aghaidh ar aghaidh lena múinteoirí gach lá den tseachtain. Tá sé difriúil le cúrsa go hiomlán ar líne mar teastaíonn seisiúin aghaidh ar aghaidh. Tá sé tábhachtach go ndéanann Picciano, Dziuban agus Graham an tsamhail Shaibhrithe Fhíorúil a idirdhealú mar “full school experience, not a course-by-course model” (2013, lch. 295) mar a mholfaí le cuir chuige eile i leith na foghlama cumaisc, mar shampla an tsamhail À La Carte.
breathnú ar fhíseáin teagaisc nó mínithe a thugann forléargas ar thopaic/a tharraingíonn aird ar na príomhtheachtaireachtaí/a mhíníonn coincheap mata etc.
is féidir ábhar físeáin mínithe réamhdhéanta a aimsiú ar Khan Academy/ National Geographic Kids/ SchoolTube/ TED-Ed.
is féidir físghabháil scáileáin ón múinteoir a chruthú trí úsáid a bhaint as Screencast-O-Matic/ Screencastify/ Loom nó ríomhaire glúine nó gléas móibíleach a úsáid.
smaoineamh go criticiúil faoin ábhar físeáin a bhfuil siad tar éis breathnú air agus freagairt a thabhairt air
an modh 3-2-1 a úsáid chun trí rud atá foghlamtha acu, dhá rud a bhraith siad a bhí suimiúil agus ceist amháin atá acu fós a lua.
breathnú ar fhíseán ar Edpuzzle agus na ceisteanna measúnaithe fhoirmithigh agus leideanna atá leabaithe i rith an fhíseáin a fhreagairt.
freagairt físeáin ghairid a thaifeadadh ar Flipgrid chun a smaointeoireacht nó smaointe a mhíniú spreagtha ag ceist phlé nó gníomhaíocht traschuraclaim a shann an múinteoir.
breathnú ar chur i láthair idirghníomhach Nearpod a chruthaigh an múinteoir agus páirt a ghlacadh i mboird chomhoibríocha nó turais allamuigh réaltachta fíorúla, freagairt ar cheisteanna neamhiata, quizeanna nó pobalbhreitheanna a fhreagairt, nó an clár bán idirghníomhach a úsáid chun pictiúir a tharraing, a aibhsiú, a chlóscríobh agus a chur i bhfreagairt ar ghníomhaíochtaí.
scrúdú a dhéanamh agus freagairt a thabhairt ar íomhánna a aimsítear ar shuíomhanna gréasáin, lena n-áirítear Pobble365.
alt digiteach a léamh nó amlíne idirghníomhach a aimsíodh ar World Book Online a scrúdú mar ullmhúchán d’anailís sa seomra ranga.
tabhairt faoi bhileoga oibre idirghníomhacha, a chruthaigh an múinteoir ar Wizer.me, chun a réamheolas ar thopaic a dheimhniú agus/nó chun a n-eolas agus a dtuiscint a mheasúnú ag deireadh topaice.
mapa coincheap páipéarbhunaithe nó digiteach a chur i gcrích chun coincheapa a neartú agus naisc a thógáil idir topaicí éagsúla
úsáid a bhaint as an gclár bán digiteach ar líne Whiteboard.fi, nó as na haipeanna móibíleacha Show Me nó Explain Everything, chun tuiscint a chur i láthair i.e. míniú scríofa agus clostaifeadta ar a réiteach ar fhadhb mhata.
dul i mbun taighde neamhspleách ag úsáid acmhainní aoisoiriúnacha lena n-áirítear Scoilnet, World Book Online, DK Find Out, Ask About Ireland, National Geographic Kids, Google Treks, Google Arts and Culture, etc.
cur le díospóireachtaí ar ardán ar nós Google Classroom, Microsoft Teams, Edmodo, Schoology etc., trí mhachnaimh a phostáil agus/nó naisc a tharraingt go dtí eolas ábhartha ar líne.
breathnú ar fhíseáin teagaisc nó mínithe a thugann forléargas ar thopaic/a tharraingíonn aird ar na príomhtheachtaireachtaí/a mhíníonn coincheap mata etc.
is féidir ábhar físeáin mínithe réamhdhéanta a aimsiú ar Khan Academy/ Crash Course Kids/ National Geographic Kids/ SchoolTube/ TED-Ed.
is féidir físghabháil scáileáin ón múinteoir a chruthú trí úsáid a bhaint as Screencast-O-Matic/ Screencastify/ Loom nó ríomhaire glúine nó gléas móibíleach a úsáid.
smaoineamh go criticiúil faoin ábhar físeáin a bhfuil siad tar éis breathnú air agus freagairt a thabhairt air
an modh 3-2-1 a úsáid chun trí rud atá foghlamtha acu, dhá rud a bhraith siad a bhí suimiúil agus ceist amháin atá acu fós a lua.
breathnú ar fhíseán ar Edpuzzle agus na ceisteanna measúnaithe fhoirmithigh agus leideanna atá leabaithe i rith an fhíseáin a fhreagairt.
freagairt físeáin ghairid a thaifeadadh ar Flipgrid chun a smaointeoireacht nó smaointe a mhíniú spreagtha ag ceist phlé nó gníomhaíocht traschuraclaim a shann an múinteoir.
breathnú ar chur i láthair idirghníomhach Nearpod a chruthaigh an múinteoir agus páirt a ghlacadh i mboird chomhoibríocha nó turais allamuigh réaltachta fíorúla, freagairt ar cheisteanna neamhiata, quizeanna nó pobalbhreitheanna a fhreagairt, nó an clár bán idirghníomhach a úsáid chun pictiúir a tharraing, a aibhsiú, a chlóscríobh agus a chur i bhfreagairt ar ghníomhaíochtaí.
scrúdú a dhéanamh agus freagairt a thabhairt ar íomhánna a aimsítear ar shuíomhanna gréasáin, lena n-áirítear Once Upon a Picture agus Pobble365.
éisteacht le closleabhair ar líne, nó breathnú orthu, a aimsítear ar shuíomhanna gréasáin ar nós Get Epic!, Storyline Online, News Mag Media, Vooks, etc.
leabhar nó alt digiteach a léamh, a aimsítear ar shuíomhanna gréasáin ar nós Get Epic!, Oxford Owl, World Book Online, DK Find Out, CLiC News, BBC Newsround, etc.
tabhairt faoi bhileoga oibre idirghníomhacha, a chruthaigh an múinteoir ar Wizer.me, chun a réamheolas ar thopaic a dheimhniú agus/nó chun a n-eolas agus a dtuiscint a mheasúnú ag deireadh topaice.
mapa coincheap páipéarbhunaithe nó digiteach a chur i gcrích chun coincheapa a neartú agus naisc a thógáil idir topaicí éagsúla
úsáid a bhaint as an gclár bán digiteach ar líne Whiteboard.fi, nó as na haipeanna móibíleacha Show Me nó Explain Everything, chun tuiscint a chur i láthair i.e. míniú scríofa agus clostaifeadta ar a réiteach ar fhadhb mhata.
dul i mbun taighde neamhspleách ag úsáid acmhainní aoisoiriúnacha lena n-áirítear Scoilnet, World Book Online, DK Find Out, Ask About Ireland, National Geographic Kids, Google Treks, Google Arts and Culture, etc.
cur le díospóireachtaí ar ardán ar nós Google Classroom, Microsoft Teams, Edmodo, Seesaw, Class Dojo Portfolios, etc., trí mhachnaimh a phostáil agus/nó naisc a tharraingt go dtí eolas ábhartha ar líne.
Is féidir Timpeallachtaí Fíorúla Foghlama (TFFanna, a dtugtar ardáin dhigiteacha orthu freisin) ar nós Google Classroom, Microsoft Teams, Edmodo, Seesaw, Class Dojo Portfolios, etc., a úsáid chun cumarsáid a dhéanamh ar líne le foghlaimeoirí, ábhair ranga a chomhroinnt, acmhainní foghlama a thairiscint chun freastal ar riachtanais foghlaimeoirí ilchineálacha, tascanna a shannadh agus a bhailiú agus aiseolas a thabhairt. De rogha air sin, d’fhéadfaí acmhainní mar iad sin thuas a chur le Conaire Foghlama Scoilnet, Conaire Foghlama Symbaloo, bailiúchán Wakelet nó Padlet.