Chun do rang a shocrú le haghaidh cianfhoghlama nó foghlaim chumaisc, beidh ort ar dtús an modh ina dtarlóidh an fhoghlaim a dheimhniú. An bhfuil tú ag iarraidh bualadh le d’fhoghlaimeoirí go sioncrónach ar líne nó ceachtanna agus tascanna a chur ar fáil dóibh a bheidh le críochnú i dtréimhse faoi leith? Is féidir leat an dá rud a dhéanamh ar fhormhór na n-ardán.
Tá iar-bhunscoil mhór i gCúige Mumhan ag úsáid Google Classroom le haghaidh foghlaim mhalartach. Is féidir le múinteoirí físeáin réamhthaifeadta a chruthú chun coincheap nua a chur i láthair, a neartaítear ansin nuair atá na foghlaimeoirí ar ais sa seomra ranga.
Mar gheall ar an gcur chuige sin is féidir tosca éagsúla na múinteoirí agus na bhfoghlaimeoirí a chur san áireamh mar ligeann gné neamhshioncrónach an mhodha seo d’fhoghlaimeoirí foghlaim san am, áit, conaire nó luas a oireann dóibh fein.
Baineann foghlaimeoirí tairbhe as bheith ábalta breathnú ar fhíseán arís an oiread uaireanta agus is gá, á stad chun nótaí a ghlacadh nó tuilleadh taighde a dhéanamh ar an topaic.
Tá iar-bhunscoil mhór i gCúige Laighean ag úsáid Office 365 agus Microsoft Teams go minic chun dul i dteagmháil le foghlaimeoirí. Áirítear leis seo físchomhdháil bheo chomh maith le hobair foghlaimeoirí a shannadh agus a cheartú.
D’athraigh an scoil a cur chuige bunaithe ar aiseolas ó mhúinteoirí maidir cad is fearr atá ag feidhmiú agus cuireann an príomhoide leideanna ar ríomhphost chuig an bhfoireann de réir mar a thagann siad chun cinn.
Feiceann na múinteoirí cén uair ar bhreathnaigh foghlaimeoirí ar an obair shannta nó ar chuir siad í i gcrích agus is féidir leo aiseolas faoi rún a chur ar fáil do gach foghlaimeoir.
Ba cheart cur chuige scoile uile a ghlacadh nuair atá ardán digiteach á roghnú. D’fhéadfadh go bhfuil ardán i do scoil cheana féin a úsáideann sibh le haghaidh ríomhphost foirne mar shampla. An bhféadfaí gnéithe eile den ardán sin a úsáid le haghaidh foghlaim chumaisc?
Inniúlacht na foirne le teicneolaíocht. Gheobhaidh tú raon ábhair teagaisc chun cabhrú le baill foirne scileanna a fheabhsú, ar Leathanach SFGM ar Chianfhoghlaim. Chomh maith leis seo, reáchtálann TeacherCPD.ie cúrsaí saor in aisce le linn téarma ar fhoghlaim ar líne.
Tá a lán ardáin éagsúla ar fáil ach oibríonn roinnt acu níos fearr le haghaidh leibhéil dhifriúla ranga. Breathnaigh ar an rannán ar Ardáin Dhigiteacha ar Leathanach SFGM ar Chianfhoghlaim chun tuilleadh a fhoghlaim faoi seo.
Tá cead tuismitheora ag teastáil nuair atáthar ag socrú cuntais d’fhoghlaimeoirí faoi bhun 16 bliana d’aois. D’fhéadfaí seo a lorg go cianda trí Google Form, foirm chlárúcháin Office 365 trí ríomhphost, Aladdin Connect nó téacs a chur chuig tuismitheoirí.
Le haghaidh riachtanais RGCS, féach ar https://gdpr4schools.ie agus http://www.dataprotectionschools.ie/en/
Ba cheart ionchais maidir le hidirghníomhaíochtaí idir foghlaimeoirí agus múinteoirí a thuiscint go soiléir. Is fearr a bheith comhleanúnach ina leith sin. Ba cheart é sin a dhoiciméadú i do Pholasaí Úsáide Inghlactha. Is féidir eolas a fháil ar an suíomh gréasáin Webwise agus ba cheart é a nuashonrú chun cur chuige reatha na scoile i leith foghlaim chumaisc a léiriú.
Is éard atá i gceist le foghlaim shioncrónach ná ceachtanna nó eispéiris beo (fíor-ama) ar líne. Ní mór an sceideal a chur in iúl d’fhoghlaimeoirí agus tuismitheoirí roimh an am ranga agus go mbeadh fáil acu ar an teicneolaíocht riachtanach chun a bheith páirteach sa cheacht ar líne. D’ullmhódh múinteoirí don eispéireas seo díreach mar a dhéanfaidís d’eispéireas agus iad i láthair i rang, ag úsáid ardáin ar líne mar Cisco WebEx, Google Meet, Zoom, Microsoft Teams, Skype, etc. Gheobhaidh tú eolas ar na huirlisí sin anseo thíos.
Ní tharlaíonn foghlaim neamhshioncrónach san fhíor-am. An chaoi sin, cuireann foghlaimeoirí gníomhaíochtaí foghlama i gcrích ag am, áit, conair nó luas a oireann dóibh féin. Is éard a bhíonn i gceist leis seo de ghnáth múinteoirí ag cruthú ábhair ar nós ceachtanna físeáin nó conairí foghlama agus go mbíonn na daltaí ag breathnú orthu nó ag oibriú tríothu sa bhaile. Forbraíonn an múinteoir agus foghlaimeoirí eile na hacmhainní agus eispéiris sin ansin ar scoil trí shamhail na Malairte Foghlama. Is féidir leat tuilleadh eolais faoi shamhail na Malairte Foghlama a fháil trí chliceáil ar an nasc thíos. De rogha air sin, tar éis don mhúinteoir coincheap nua a theagasc sa seomra ranga, d’fhéadfaí físeáin nó conairí foghlama a úsáid mar ábhair neartaithe nó fairsingithe nuair a shocraíonn múinteoirí iad le húsáid ag foghlaimeoirí sa bhaile mar chuid den tsamhail Shaibhrithe Fhíorúil. Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoin tsamhail seo trí chliceáil ar an nasc thíos.