Is bealach simplí é taispeántais a thaifeadadh chun ábhar físeáin a roinnfear laistigh de do phobal scoile a chruthú.
Is féidir le múinteoirí:
taifeadán a tháirgeadh a thaispeánann scil nó teicníc faoi leith ar féidir le scoláirí breathnú air ag am ar bith.
comhoibriú le comhghleacaithe chun leabharlann de thaispeántais a bhaineann le hábhair faoi leith a chruthú
D’fhéadfadh trealamh a bheith i do scoil is féidir a úsáid chun taispeántais a thaifeadadh e.g. gutháin, táibléid, amharcléiritheoirí, ríomhairí glúine, micreafóin agus tríchosaigh.
Baineann múinteoir Grafaice Deartha agus Cumarsáide in iar-bhunscoil i lár na tíre úsáid rialta as amharcléiritheoir a cheannaigh an scoil chun líníochtaí beo a thaifeadadh. Ina taifeadadh déanann sí achoimre ar phróisis agus ar phríomheolas. Ansin postálann sí an nasc chuig a taifeadadh teagaisc ar thimpeallacht foghlama fhíorúil na scoile ionas gur féidir le foghlaimeoirí na hacmhainní seo a úsáid ón mbaile.
Úsáideann múinteoir mata in iar-bhunscoil tuaithe táibléad agus seastán chun é féin a thaifeadadh ag cur ceisteanna samplacha i gcrích, ag míniú gach céim den phróiseas. Déantar na físeáin a chomhroinnt ansin le scoláirí atá ábalta iad a fheiceáil ag am atá oiriúnach agus breathnú orthu arís ar a luas féin. Comhroinneann an múinteoir na físeáin teagaisc seo le múinteoirí mata eile sa scoil freisin.
Sampla de thaispeántas físeáin a thaifeadadh
Eacnamaíocht Bhaile: taispeáin conas lúb fholamh chróise a dhéanamh
Teicneolaíocht: léirigh conas lasc sé bhiorán a shádráil chun treo chun tosaigh agus ar gcúl a bhaint amach.
Ealaín: déan taispeántas de theicníc mhionsonraithe sceitseála.
Adhmadóireacht: léirigh conas alt moirtíse agus tionúir a dhéanamh.
Ní féidir ach le haíonna i d’eagraíocht breathnú ar shruthú beo. Is féidir le gach rannpháirtí i d’eagraíocht an sruthú a stopadh agus a thosú le linn an chruinnithe agus an t-imeacht a thaifeadadh. Ní féidir le haíonna a thagann isteach le ‘breathnú amháin’ páirt a ghlacadh sa chruinniú ná sruthú agus taifeadadh a rialú.
Ní féidir ach le haíonna i d’eagraíocht breathnú ar shruthú beo. Is féidir le gach rannpháirtí i d’eagraíocht an sruthú a stopadh agus a thosú le linn an chruinnithe agus an t-imeacht a thaifeadadh. Ní féidir le haíonna a thagann isteach le ‘breathnú amháin’ páirt a ghlacadh sa chruinniú ná sruthú agus taifeadadh a rialú.
Is féidir leat ócáid bheo a chruthú ar Microsoft Teams nó Stream. Is breiseán é Teams Live Events de Teams Meetings, a chuireann ar a gcumas d’oideachasóirí físeán agus cruinnithe a chraoladh d’fhoghlaimeoirí ar líne. Tá na físeáin seo ceaptha le haghaidh cumarsáid ó dhuine amháin go dtí a lán daoine mar a bhfuil an t-oideachasóir i gceannas ar na hidirghníomhaíochtaí agus tá foghlaimeoirí ansin chun breathnú ar an ábhar go príomha.