Is straitéis an-choitianta í leabharmharcáil atá á húsáid ag oideachasóirí le blianta fada anuas. Go traidisiúnta d’úsáidtí nótaí greamaitheacha le téacsleabhair ranga nó dhéantaí cóipeanna crua d’acmhainní a dhathchódú i bhfillteán. (Gormley agus McDermot, 2010). Is féidir an cur chuige traidisiúnta seo a úsáid chomh maith nuair atáthar páirteach i bhfoghlaim chumaisc. Inniu tá an iliomad acmhainní ar fáil ar líne. Tá uirlisí leabharmharcála ar líne nó leabharmharcála sóisialta ríthábhachtach le haghaidh bainistiú éifeachtach na n-acmhainní digiteacha. Má úsáidtear iad is féidir eolas tábhachtach a ghabháil nó acmhainní a bhailiú agus a eagrú le húsáid ag am eile. Is léir an ghné shóisialta de leabharmharcáil shóisialta nuair a dhéantar ábhar agus acmhainní a chatalógú i mbailiúcháin agus a chomhroinnt le daoine eile.
Úsáideann iar-bhunscoil mhór i gCúige Uladh Conairí Foghlama Scoilnet chun scoláirí a threorú trí raon acmhainní roghnaithe. Tá acmhainní ábhartha atá sonrach do thopaicí roghnaithe ag ranna ábhair agus tá siad eagraithe acu i seicheamh loighciúil. Úsáidtear na conairí foghlama chun gníomhaíochtaí sa rang a thabhairt isteach nó a shíneadh. Is féidir le scoláirí an chonaire foghlama a úsáid sa bhaile ar fhón nó gléas eile, nó sa rang chun a bheith ag obair trí ghníomhaíochtaí ar líne agus as líne araon.
Tá múinteoirí ranna ábhair i roinnt iar-bhunscoileanna áitiúla i gCúige Chonnacht ag comhoibriú chun acmhainní a bhaineann le topaic faoi leith a choimeád, a chruthú agus a chomhroinnt ag úsáid Blendspace by Tes. Ligeann an uirlis seo do mhúinteoirí ceachtanna réamhghinte a úsáid nó a gceachtanna féin a chruthú. Is féidir acmhainní a chomhroinnt chuig ceacht ó acmhainní éagsúla lena n-áirítear YouTube, Google Drive, Dropbox nó a uaslódáil ó ghléas logánta. Is féidir acmhainní a chur leo agus a mhéadú le himeacht aimsire. Is féidir le scoláirí an ceacht a úsáid ar bhealaí éagsúla, lena n-áirítear QR, leabaithe ar shuíomh nó ar bhlag scoile, comhroinnte ar Google Classroom nó trí nasc a chomhroinntear ar ríomhphost. Tugann anailísíocht ionsuite sonraí aiseolais do mhúinteoirí chun seiceáil le haghaidh tuisceana agus foghlaim scoláirí a shíneadh.
Breathnaítear sna físeáin teagaisc ghairide thíos ar conas conairí foghlama a chruthú go héifeachtach, agus ansin iad a chomhroinnt le foghlaimeoirí atá in ann iad a úsáid sa bhaile.
Breathnaítear san fhíseán teagaisc gairid ar líne seo ar conas conaire foghlama a chruthú le Symbaloo. Is féidir le múinteoirí acmhainní a chur i dtoll a chéile go héifeachtach ar na conairí foghlama, agus ansin iad a chomhroinnt le foghlaimeoirí atá in ann iad a úsáid sa bhaile.
Is uirlis ar líne é Wakelet a ligeann do mhúinteoirí ábhar a shábháil, a eagrú agus a choimeád maidir le topaic faoi leith ó shuíomhanna éagsúla in áit théamach amháin. Is féidir é sin a chomhroinnt ansin le foghlaimeoirí.
Nuair a úsáidtear uirlis mheasúnaithe ar líne mar chuid de chonaire foghlama nó ag a deireadh, is féidir leis a bheith ina bhealach éifeachtach agus tarraingteach chun dul chun cinn foghlaimeoirí a mheasúnú ar bhealach foirmitheach agus suimitheach araon. Tá samplaí de dhá uirlis mheasúnaithe dhigiteacha thíos. Tá níos mó físeáin teagaisc ar Chainéal YouTube Fhoireann Teicneolaíochtaí Digiteacha SFGM.
Is féidir le múinteoirí Google Forms a úsáid chun eolas agus tuiscint foghlaimeoirí a mheasúnú, iad a spreagadh chun machnamh a dhéanamh ar a gcuid foghlama nó mar thicéad imeachta. Is féidir le múinteoirí anailís a dhéanamh ar an eolas chun foghlaim scoláirí a mheasúnú agus teagasc amach anseo a phleanáil.
Is uirlis ar líne é Edpuzzle atá neodrach ó thaobh gléis. Is féidir é a úsáid chun ábhar físeáin a déanamh idirghníomhach. Tá sé oiriúnach mar uirlis mheasúnaithe freisin. Tá Edpuzzle úsáideach go háirithe do mhúinteoirí atá ag úsáid cur chuige foghlama cumaisc.