Tá samhail chumaisc ag brath ar ábhair foghlama comhleanúnacha atá éasca a úsáid sa bhaile, atá ceaptha chun tacú le foghlaim ar scoil agus í a chomhlánú, ach ní leis an bhfoghlaim ar scoil a mhacasamhlú.
Ba cheart go mbeadh an oideolaíocht mar bhonn eolais don chleachtas Dírigh ar conas atá múinteoirí ag úsáid teicneolaíochta, ní ar an teicneolaíocht amháin.
Tá cur chuige scoile uile ríthábhachtach. Ba cheart go mbeadh Plean Foghlama Digití mar bhonn eolais dó seo.
Is féidir éifeachtúlacht múinteora a fheabhsú trí fhorbairt leanúnach ghairmiúil. Is féidir é sin a fháil trí: Leathanach SFGM ar Chianfhoghlaim agus teachercpd.ie.
In iar-bhunscoil mheánmhéide i gCúige Laighean, tá roinnt réamheolais agus taithí ag na múinteoirí ar an gcianfhoghlaim. Bíonn múinteoirí ag cruinniú le chéile ag úsáid Google Hangouts le haghaidh cruinnithe foirne pleanáilte.
Sanntar ranna ábhair go seomraí ar leithligh ansin mar a dtugtar am pleanála dóibh, agus deis chun machnamh a dhéanamh ar na ceachtanna cumaisc atá curtha i gcrích le foghlaimeoirí an tseachtain sin agus iad a chomhroinnt. Comhroinntear na ceachtanna sin ar thimpeallacht fhíorúil foghlama na scoile. Tá an scoil ag tógáil taisce d’acmhainní cumaisc.
Tá iar-bhunscoil mhór i nGaillimh ag baint úsáid as tacaíochtaí teicneolaíochta digití SFGM agus cuairteanna comhairleacha le roinnt blianta anuas. D’athailínigh siad fealsúnacht oideachas a scoile chun fís réamhghníomhach a chur san áireamh chun teicneolaíochtaí digiteacha a leabú ar fud na scoile.
Ar dtús, dhírigh siad ar oideolaíocht fhoriomlán, ansin ar uirlisí digiteacha néalbhunaithe chun cumarsáid éifeachtach agus comhoibriú a éascú agus táirgiúlacht a fheabhsú i measc múinteoirí agus foghlaimeoirí. Chabhraigh sé sin le cultúr oideachasúil digiteach dearfach a chothú laistigh den scoil. Theastaigh comhoibriú, cumarsáid agus cur chuige coiteann chun go mbeadh an fhoghlaim chumaisc faoi bhláth sa scoil seo.
Tosaigh agus an chríoch ar intinn agat. Is é seo an chéad chéim den phróiseas deartha le haghaidh foghlaim chumaisc éifeachtach.
D’fhéadfaí na ceisteanna seo a leanas a chur:
Faoi dheireadh mo cheachta cad é an t-eolas, na scileanna, agus na meonta ba cheart d’fhoghlaimeoirí a bhaint amach?
Cad iad na gníomhaíochtaí foghlama agus teagaisc cumaisc is fearr a thacódh le foghlaim na bhfoghlaimeoirí?
Conas ba mhaith liom gníomhaíochtaí sioncrónacha agus neamhshioncrónacha a chothromú?
Conas a d’fhéadfadh na foghlaimeoirí a gcuid foghlama agus éachtaí a léiriú?
Cad iad na háiseanna/trealamh atá ar fáil chun tacú le foghlaim chumaisc?
An gá dom mo chuid scileanna a fheabhsú i réimse ar bith chun éascaíocht a dhéanamh ar an gcur chuige i leith foghlaim chumaisc is mian le mo scoil a ghlacadh?
D’fhéadfaí machnamh a dhéanamh ar thrí chur chuige deartha faoi leith chun ceachtanna foghlama cumaisc a fhorbairt (Alammary et al., 2014). Tá machnamh ar am, taithí agus eolas foirne le gach cur chuige thíos.
Cur chuige tionscnaimh: ag cur gníomhaíochtaí ar líne le ceacht reatha.
Cur chuige idirmheánach: gníomhaíocht ar líne a dhearadh chun é a chur in ionad gníomhaíocht reatha.
Cur chuige ardleibhéil: ceacht cumaisc a fhorbairt ón tús, nó ceacht aghaidh ar aghaidh a athdhearadh mar cheacht foghlama cumaisc.
Is féidir breathnú ar ghníomhaíochtaí a bhaineann le gach cur chuige thuas, agus teacht ar ábhair lenar féidir leat do scileanna a fheabhsú sa réimse seo, ar na hacmhainní SFGM seo a leanas: Leathanach gréasáin SFGM ar Chianfhoghlaim, cainéal YouTube Fhoireann Teicneolaíochtaí Digiteacha SFGM, gearrchúrsa teacherCPD.ie , Scoilnet chun ábhar a aimsiú atá mapáilte do churaclam na hÉireann, Webwise le haghaidh sábháilteacht ar líne, Físeáin SFGM ar Dhea-Chleachtas chun a fheiceáil conas atá bunscoileanna na hÉireann ag leabú teicneolaíochtaí digiteacha sa teagasc, foghlaim agus measúnú, suíomh gréasáin Dlplanning.ie chun ábhair thacaíochta a fháil agus cabhrú leat/leis an bhfoireann foghlama digití chun foghlaim chumaisc a nascadh le plean foghlama digití na scoile.
Tosaigh trí mhachnamh a dhéanamh ar na pointí seo thíos nuair atá tú ag pleanáil le haghaidh foghlaim chumaisc i do chomhthéacs scoile.
D’fhéadfaí na ceisteanna seo a leanas a chur:
Cén saineolas atá ag an bhfoireann cheana féin is féidir a chomhroinnt? B’fhéidir go raibh roinnt baill foirne i mbun cuir chuige foghlama cumaisc go dáta (go háirithe i leith cianfhoghlama le linn dhúnadh na scoile de bharr Covid-19) agus go bhféadfaidís a dtaithí a chomhroinnt ina leith seo?
Cad iad na háiseanna agus trealamh atá ar fáil sa scoil chun tacú le foghlaim chumaisc?
An bhfuil féidearthacht ann cuir chuige i leith foghlaim chumaisc a chur san áireamh mar chuid de Phlean Foghlama Digití na scoile sa bhliain seo romhainn?
Cén leibhéal rochtana atá ag foghlaimeoirí sa bhaile ar ghléasanna? An féidir linn leibhéal rochtana gach scoláire a dheimhniú? Conas is fearr is féidir linn é sin a dhéanamh mar phobal scoile?
Má dheimhnítear go bhfuil an leibhéal rochtana íseal in áiteanna: Cé hiad na scoláirí ‘i mbaol’ arbh fhéidir go mbeadh tacaíocht ag teastáil uathu chun gléasanna a rochtain? Cé is fearr chun tacú leis na scoláirí sin? An mbeadh rannpháirtíocht phobail indéanta anseo? (e.g. síntiúis ó ghnólachtaí áitiúla, imeachtaí tiomsaithe airgid le cumann na dtuismitheoirí, feachtais le haghaidh gléasanna, etc.).
Foghlaimeoirí a bhfuil RSO acu: Cé hiad na scoláirí arbh fhéidir go mbeadh tacaíocht bhreise ag teastáil uathu agus iad ag rochtain ábhar? Cé is fearr chun é sin a chur ar fáil?
A luaithe atá an bonn eolais agus an trealamh atá ar fáil sa scoil deimhnithe agat, ba cheart cur chuige scoile uile réadúil a chomhaontú i dtaca le foghlaim chumaisc ionas go mbeidh gach ball foirne ag úsáid cleachtais chomhleanúnacha (e.g. iad go léir ag úsáid an ardáin ar líne chéanna).
Is féidir ábhair thacúla a chomhroinnt le baill foirne chun cabhrú le scileanna a fheabhsú sa réimse seo.Is féidir tacaíocht scoile SFGM a úsáid freisin chun na críche seo. I measc na n-acmhainní ar líne úsáideacha is féidir a chomhroinnt le gach ball foirne tá: Leathanach gréasáin SFGM ar Chianfhoghlaim, cainéal YouTube Fhoireann Teicneolaíochtaí Digiteacha SFGM, gearrchúrsa teacherCPD.ie , Scoilnet chun ábhar a aimsiú atá mapáilte do churaclam na hÉireann, Webwise le haghaidh sábháilteacht ar líne, Físeáin SFGM ar Dhea-Chleachtas chun a fheiceáil conas atá bunscoileanna na hÉireann ag leabú teicneolaíochtaí digiteacha sa teagasc, foghlaim agus measúnú, suíomh gréasáin Dlplanning.ie chun ábhair thacaíochta a fháil agus cabhrú le múinteoirí/leis an bhfoireann foghlama digití chun foghlaim chumaisc a nascadh le plean foghlama digití na scoile.
Is féidir teagasc cumaisc a ailíniú go tógachaíoch: Socraigh cad atá le foghlaim (na torthaí foghlama), na próisis teagaisc agus foghlama agus conas a dhéanfar na torthaí a mheasúnú (Biggs agus Tang, 2011).
Céim 1: Sainmhínigh na torthaí foghlama (Eolas, Scileanna, Meonta). Úsáid Tacsanomaíocht Bloom. Déan measúnú ar na hacmhainní in-athúsáide reatha sa scoil agus ábhar iontaofa ar líne.
Céim 3: Déantar gníomhaíochtaí teagaisc agus foghlama cumaisc a dhearadh agus a phleanáil chun tacú le torthaí foghlama agus tascanna measúnaithe. Tá teicneolaíochtaí digiteacha a úsáidtear comhleanúnach sa scoil ar fad agus inrochtana sa bhaile. Spreagtar teagasc féinmhachnamhach.
Ba cheart do mhúinteoirí agus scoileanna machnamh a dhéanamh go rialta ar an gcur chuige atá glactha acu i leith foghlaim chumaisc chun a ndul chun cinn a mheasúnú. Is bealach praiticiúil é foghlaim chumaisc a chur ar an gclár oibre le haghaidh cruinnithe foirne, mar shampla, chun obair a sheiceáil lena chéile agus a fheiceáil cad atá ag feidhmiú go maith agus cén áit a bhféadfaidh coigeartuithe a bheith ag teastáil. Is féidir leis na bileoga machnaimh thíos tacú le múinteoirí agus scoileanna ina leith seo.