Is cineál foghlaim shioncrónach í comhdháil ar líne ina ndéanann foghlaimeoirí agus a múinteoir idirghníomhú san fhíor-am, agus nuair a úsáidtear go héifeachtach í is féidir léi a bheith mar chuid de shamhail foghlama cumaisc rathúil. Tugann an fhoirm seo d’fhoghlaim ar líne an tsolúbthacht d’fhoghlaimeoirí chun ábhar foghlama a úsáid áit ar bith, ach tá sí sriantach maidir le tiomantas ama (Kyofuna, 2014). Mar sin, tá sé tábhachtach go ndéanfaidh múinteoirí machnamh ar an tsamhail seo a úsáid go han-chúramach. Is féidir le múinteoirí agus foghlaimeoirí uirlis chomhdhála ar líne a úsáid laistigh dá n-ardán foghlama nó uirlis tríú páirtí a úsáid.
Tá sé tábhachtach go n-úsáidfear comhdháil ar líne ar bhealach spriocdhírithe le haghaidh deiseanna foghlama a bhaineann fíorthairbhe as an gcineál seo idirghníomhaíochta.
Tá iar-bhunscoil mhór tuaithe i gCúige Laighean ag úsáid comhdháil ar líne mar chuid dá cur chuige foghlama cumaisc. Déanann múinteoirí físghabhálacha scáileáin a thaifeadadh ar a ngléasanna a chuireann i láthair agus a mhíníonn inneachar nua ábhair. Cuirtear na físghabhálacha scáileáin sin ar fáil ansin do scoláirí, a bhreathnaíonn orthu agus a chuireann roinnt gníomhaíochtaí gaolmhara i gcrích, sula bhfreastalaíonn siad ar ranganna aghaidh ar aghaidh mar a n-úsáideann an múinteoir modheolaíochtaí foghlama gníomhaí chun breathnú níos grinne ar an ábhar. Dáiltear níos mó tascanna agus gníomhaíochtaí do scoláirí ar ardán digiteach na scoile. Nuair atá na scoláirí tar éis dul i ngleic leis na tascanna, déanfaidh múinteoirí seiceáil isteach ar chomhdháil ar líne a sceidealú lena rang. Téann na scoláirí isteach ar an gcomhdháil ón mbaile. Ligeann sé seo don mhúinteoirí agus do na scoláirí a ndul chun cinn a phlé agus aird a tharraingt ar aon fhadhbanna nó ceisteanna atá tagtha chun cinn.
Úsáideann an roinn eolaíochta in iar-bhunscoil BOO i gCúige Chonnacht, ina bhfuil daltaí atá scaipthe ó thaobh tíreolaíochta de, físchomhdháil chun ábhar agus topaicí nua a chur i láthair a scoláirí. Tugann múinteoirí fógra seachtaine go mbeidh rang beo ann. Is féidir le scoláirí logáil isteach ar ardán foghlama ar líne na scoile agus dul isteach ar rang 30 nóiméad ar líne mar a n-úsáideann múinteoirí físeán beo agus gné an chláir bháin ar líne chun ábhar ranga a chur i láthair. Le teagasc sioncrónach trí fhíseán beo cuirtear sceideal agus meon pobail ar fáil do scoláirí atá leithlisithe go sóisialta. Cuireann scoláirí obair ghrúpa leantach agus tascanna i gcrích ansin agus pléann siad iad ag an gcéad rang eile aghaidh ar aghaidh ar scoil.
Má dhéantar teagmháil aghaidh ar aghaidh i spás ar líne cothaítear meon pobail trí dheiseanna a thairiscint le haghaidh idirghníomhú sóisialta agus rannpháirtíocht (Gunawardena agus Zittle, 1997; Picciano, 2002;Lowenthal, 2010).
Is féidir tabhairt faoi idirghníomhaíocht rathúil idir foghlaimeoir agus múinteoir, idir foghlaimeoir agus foghlaimeoir agus idir foghlaimeoir agus ábhar (Ng, 2007).
Tugtar deis d’fhoghlaimeoirí ceisteanna a chur agus aiseolas láithreach a fháil óna múinteoir agus a gcomhdhaltaí (Grogan, 2015).
Cuirtear deiseanna ar fáil do mhúinteoirí chun soiléiriú a dhéanamh, béim a chur mar is cuí agus plé a éascú i leith coincheapa deacra (Moore et al.,2009).
Is féidir í a thaifeadadh ionas gur féidir le foghlaimeoirí nach bhfuil in ann freastal ar an gcomhdháil éisteacht léi ar a gcaoithiúlacht.
Tabhairt cuairt ar ár leathanach faoi chomhdháil ar líne le haghaidh tuilleadh eolais.
Tosaigh agus críochnaigh in am.
Tosaigh le beannú ón múinteoir agus cuir na gnáthnósanna ranga i gcuimhne do na rannpháirtithe e.g. a mheabhrú micreafóin a bhalbhú.
Bíodh meascán d’ábhair amhairc i gceist, e.g. grafaicí, íomhánna, táblaí, léaráidí le tráchtaireacht an mhúinteora. Ba cheart a laghad focal agus is féidir a chur i sleamhnáin.
D’fhéadfaí gearrthóga físeáin a úsáid.
Spreag idirghníomhaíocht foghlaimeoirí, e.g. ba cheart ceisteanna, vótáil ar líne, quizeanna agus/nó suirbhéanna a bheith scaipthe síos tríd.
Críochnaigh le hachoimre agus seisiún ceisteanna agus freagraí.
Cinntigh go bhfuil an cúlra atá le feiceáil san fhísghlao oiriúnach agus nach bhfuil gnéithe pearsanta ann. Ba cheart aon ní nach bhfuil oiriúnach a bhaint ón gcúlra, i gcás múinteoirí agus foghlaimeoirí araon, nuair atá glaonna ar siúl. Bíonn feidhmíocht gheamhaithe agus deis íomhá statach a úsáid ar chuid de na huirlisí seo.
Ba cheart don mhúinteoir cuireadh a thabhairt i gcónaí do na foghlaimeoirí teacht chuig an nglao agus gníomhú mar óstach agus feidhm an chomhóstaigh a dhíchumasú.
Is é an múinteoir i gcónaí an chéad duine sa seomra (bain leas as seomra feithimh nuair is féidir) agus an duine deireanach a imíonn ón gcruinniú ar líne chun a chinntiú nach féidir le foghlaimeoirí dul ar ais isteach sa seomra ina dhiaidh sin. Coinnigh loga ar ghlaonna agus taifead tinrimh mar a dhéanfá de ghnáth.
Is seomra ranga é an seomra físchomhdhála agus tá an t-iompar scoile céanna agus na cóid scoile chéanna i bhfeidhm sa timpeallacht seo.
Comhaontaigh prótacail roimh ré le d’fhoghlaimeoirí, e.g. an fheidhm chomhrá a úsáid le haghaidh ceisteanna, lámha a ardú más mian leo ceist a chur, iarraidh ar fhoghlaimeoirí micreafóin a bhalbhú ag tús ceachta chun cáilíocht fuaime a fheabhsú. Níl an liosta seo uileghabhálach agus braithfidh sé ar an uirlis atá á húsáid agus aois na bhfoghlaimeoirí.
An múinteoir i gcónaí a thugann cuireadh do na foghlaimeoirí teacht chuig an nglao agus a ghníomhaíonn mar óstach. Má tá feidhm chomhóstaigh ar fáil ar an ardán roghnaithe, ba cheart é sin a dhíchumasú d’fhoghlaimeoirí. Is dea-chleachtas ó thaobh an chumhdaigh agus na hoibríochta an dara ball foirne a bheith ar an bhfísghlao.
Ní mór do mhúinteoirí socruithe riachtanacha slándála a chur ar siúl sula gceadófar d’fhoghlaimeoirí teacht isteach ar an nglao e.g. gné chomhrá, seomra feithimh, etc., nuair atá sé sin i gceist.
Réamhshocraigh an cruinniú físeáin chun micreafóin na rannpháirtithe a bhalbhú go uathoibríoch ar theacht isteach dóibh (más féidir). Is féidir leat a roghnú iad a chur ar siúl chun rannpháirtíocht foghlaimeora a cheadú.
Is féidir le foghlaimeoirí an ghné chomhrá a úsáid chun ceisteanna a chur, agus is féidir le múinteoirí í a úsáid chun naisc a chomhroinnt le foghlaimeoirí.
Tá sé ríthábhachtach an múinteoir a bheith ar an duine deireanach a imíonn ón gcruinniú ar líne chun a chinntiú nach féidir le foghlaimeoirí dul ar ais isteach sa seomra ina dhiaidh sin.
Coinnigh loga ar ghlaonna agus taifead tinrimh mar a dhéanfá de ghnáth.
Is uirlis le haghaidh físchruinnithe do scoileanna a úsáideann Google Workspace for Education é Google Meet. Taispeántar san fhíseán seo conas is féidir le múinteoirí Google Meet a úsáid chun tacú le teagasc ar líne agus le haghaidh físghabháil scáileáin.
Is é Microsoft Teams an mol le haghaidh comhoibriú in Office 365. Tá gné físchomhdhála aige is féidir a bheith an-úsáideach chun tacú le foghlaim chumaisc.