Is féidir an fhoghlaim chumaisc a sholáthar trí raon cuir chuige dhifriúla. Braithfidh an chothromaíocht idir comhpháirteanna aghaidh ar aghaidh agus ar líne ar an gcuraclam, torthaí foghlama, riachtanais agus taithí foghlaimeoirí, inniúlacht agus muinín an mhúinteora agus rochtain ar theicneolaíochtaí iontaofa digiteacha/idirlín.
Tá an chuid is mó de na cláir foghlama cumaisc cosúil le ceann de na ceithre shamhail seo a leanas: Sealaíocht, Solúbthacht, À La Carte, agus Saibhrithe Fíorúil. Áirítear ceithre fho-shamhail sa tsamhail Sealaíochta: Sealaíocht Stáisiúin, Sealaíocht Ríomhlainne, Malairt Foghlama agus Sealaíocht Aonair (Christensen et al., 2013; Horn agus Staker, 2014; Powell et al., 2015).
Tar éis gach ceann de na samhlacha cumaisc a athbhreithniú, díreofar san acmhainn idirghníomhach seo ar shamhail na Malairte Foghlama agus ar an tsamhail Shaibhrithe Fhíorúil don fhoghlaim chumaisc mar go n-éascaíonn an dá shamhail sin foghlaim a bheith ag tarlú laistigh den seomra ranga (bíodh sin ar bhonn laethúil nó ar bhonn nach bhfuil chomh rialta sin, ag brath ar chomhthéacs) agus sa bhaile.