San fhíor thuas, ó Graham et al. (2017) sainaithnítear ceithre chatagóir d’idirghníomhaíochtaí foghlama, a theastaíonn le haghaidh foghlaim chumaisc:
Idirghníomhaíocht dhaonna trí mheán na teicneolaíochta
Idirghníomhaíochtaí trí mheán ábhar teicneolaíochta
Idirghníomhaíocht dhaonna aghaidh ar aghaidh
Idirghníomhaíocht le hábhar fisiciúil
Léiríonn an leath thíos den mhaitrís idirghníomhaíochtaí teagaisc traidisiúnta gan teicneolaíochtaí digiteacha, agus léiríonn an leath thuas idirghníomhaíochtaí le teicneolaíochtaí digiteacha agus trí mheán teicneolaíochtaí digiteacha.
Cur síos ar idirghníomhaíocht sna ceithre cheathrú:
I gceathrú 1 teastaíonn na scileanna chun páirt a ghlacadh in idirghníomhaíocht ar líne idir múinteoir agus foghlaimeoir agus chun idirghníomhaíocht bhríoch ar líne idir foghlaimeoir agus foghlaimeoir a éascú. Is féidir leis tarlú go sioncrónach nó go neamhshioncrónach agus ar dhílseacht ard nó íseal, e.g. téacsbhunaithe seachas físeán.
I gceathrú 2 teastaíonn scileanna le huirlisí digiteacha agus ábhar digiteach, a fhéadfaidh a bheith dinimiciúil agus saibhir ó thaobh sonraí de. Teastaíonn scileanna ó mhúinteoirí a bhaineann le bheith ag obair le sonraí fíor-ama a ghineann uirlisí measúnaithe fhoirmithigh.
I gceathrú 3 teastaíonn scileanna a bhaineann le hidirghníomhaíochtaí idir múinteoir agus foghlaimeoir agus iad i láthair a chéile chomh maith le hidirghníomhaíochtaí idir foghlaimeoir agus foghlaimeoir agus iad i láthair a chéile i dtimpeallachtaí ranga uile agus grúpa bhig.
I gceathrú 4 teastaíonn an cumas ábhair thraidisiúnta seomra ranga a úsáid agus a bhainistiú.
Scileanna teagaisc a theastaíonn le haghaidh teagasc traidisiúnta, teagasc ar líne agus teagasc cumaisc:
Úsáideann teagasc traidisiúnta ceathrú 3 agus ceathrú 4. I gcásanna áirithe, úsáidtear ceathrú 2 freisin mar tá teicneolaíochta atá bunaithe sa seomra ranga tar éis éirí níos coitianta.
Baineann an chéad dá cheathrú go príomha le teagasc ar líne, cé go n-úsáidtear ábhar neamhdhigiteach in amanna.
Le haghaidh teagasc cumaisc, áfach, is gá na ceithre cheathrú go léir a úsáid.