Déanann Teangacha Nasc

Is é Déanann Teangacha Nasc an Straitéis do Theangacha Iasachta san Oideachas in Éirinn 2017-2026 agus forbraíodh é i gcomhthéacs an Phlean Gníomhaíochta don Oideachas 2016-2019, a bhfuil d’aidhm leis an córas oideachas is fearr san Eoraip a dhéanamh de chóras oideachais na hÉireann sna deich mbliana seo romhainn.

“Tá eolas ar theangacha iasachta ríthábhachtach do leas cultúrtha, leas sóisialta agus leas eacnamaíoch na hÉireann. Sa Chreat Eorpach um Phríomhinniúlachtaí d’Fhoghlaim ar Feadh an tSaoil (2007) aithnítear an cumas cumarsáide i dteanga iasachta mar cheann de na príomhinniúlachtaí atá riachtanach do shásamh agus d’fhorbairt an duine, do shaoránacht ghníomhach, do chuimsiú sóisialta agus d’fhostaíocht. Agus teanga nua á foghlaim aige ní hamháin go n-osclaíonn an foghlaimeoir deiseanna gairme nua ach faigheann sé nó sí an deis rannpháirtiú i gcultúr eile agus tuiscint a fháil air.”

Spriocanna

Leagtar amach sa Straitéis Déanann Teangacha Nasc spriocanna uileghabhálacha:

  • Cumas teanga a fheabhsú trí thimpeallacht foghlama níos spreagúla a chruthú

  • Roghnú teangacha a fhoghlaimítear a éagsúlú agus a mhéadú agus teangacha na nÉireannach nua a chothú

  • Feasacht ar an tábhacht atá le foghlaim teangacha a mhéadú chun úsáid níos forleithne teangacha iasachta a spreagadh

  • Feabhas a chur ar rannpháirtíocht fostóirí i bhforbairt agus úsáid teangacha trádála

Teangacha in Iar-Bhunscoileanna

Ag an leibhéal Iar-Bhunscoile is féidir leis an scoláire staidéar a dhéanamh ar Fhraincis, Spáinnis, Gearmáinis agus/nó Iodáilis le haghaidh na Sraithe Sóisearaí. Is féidir staidéar a dhéanamh freisin ar Theanga agus Cultúr na Síne mar ghearrchúrsa de chuid na Sraithe Sóisearaí.

Sa tSraith Shinsearach is féidir leis an scoláire roghnú ó liosta d’ábhair theanga churaclaim: Fraincis, Spáinnis, Gearmáinis, Iodáilis, Seapáinis, Sean-Ghréigis, Araibis, Léann Eabhrach, Laidin agus Rúisis. Is féidir staidéar a dhéanamh ar na hábhair sin i gcomhair na hArdteistiméireachta

Ó Mheán Fómhair 2020, tá an deis ag an scoláire staidéar a dhéanamh ar Liotuáinis, Mandairínis, Polainnis, agus/nó Portaingéilis mar ábhair theanga churaclaim, leis na chéad scrúduithe in 2022. Dearadh na trí ábhar teanga Eorpaí nua do scoláirí a bhfuil eolas acu cheana ar na teangacha sin, ach tá Mandairínis dírithe go príomha ar scoláirí nach cainteoirí dúchais iad.

Cuireann Coimisiún na Scrúduithe Stáit scrúduithe ar fáil i raon ábhar sa réimse teanga a dtagraítear dóibh mar theangacha AE neamhchuraclaim. Is teangacha iad seo nach bhfuil le feiceáil mar chuid den ghnáthchuraclam scoile ach ar féidir leis an scoláire a roghnú scrúdú a dhéanamh iontu má chomhlíontar critéir áirithe. Go príomha ina measc na gcoinníollacha seo tá na riachtanais seo a leanas maidir le hiarrthóirí do na scrúduithe seo:

  • A bheith ó bhallstát de chuid an Aontais Eorpaigh

  • A bheith in ann an teanga a roghnaíonn siad scrúdú a dhéanamh inti a labhairt mar mháthairtheanga

  • A bheith tar éis clár staidéir a leanúint le haghaidh scrúdú na hArdteistiméireachta

  • A bheith i mbun Béarla na hArdteistiméireachta

Coinníoll eile is ea nach bhféadfaidh iarrthóir ach tabhairt faoi ábhar teanga neamhchuraclaim amháin.

Cuirtear scrúduithe ar fáil sna hábhair seo a leanas:

Laitvis, Rómáinis, Slóivéinis, Nua-Ghréigis, Fionlainnis, Eastóinis, Slóvaicis, Sualainnis, Seicis, Bulgáiris, Ungáiris, Danmhairgis, Ísiltíris, Cróitis agus Máltais.

Tacaíochtaí Breise

Nuatheangacha Iasachta SFGM

The PDST is the country’s largest single support service offering professional learning opportunities to teachers and school leaders in a range of pedagogical, curricular and educational areas. In terms of Modern Foreign Language supports, the PDST offers support at Senior Cycle through school support visits, a national MFL Alive conference which takes place annually and Autumn/Spring workshops supporting the use of innovative teaching methods and Information and Communications Technology (ICT) supports for teaching and learning languages.

An tSraith Shóisearach do Mhúinteoirí Nuatheangacha Iasachta

Is seirbhís thiomanta forbartha gairmiúla leanúnaí í an tSraith Shóisearach do Mhúinteoirí (SSM) lena gcuirtear tacaíocht ar fáil do scoileanna agus iad ag cur an Chreata nua don tSraith Shóisearach (2015) i bhfeidhm. Déantar é sin trí fhorbairt ghairmiúil leanúnach atá oiriúnach agus ar ardchaighdeán a chur ar fáil do mhúinteoirí agus acmhainní éifeachtacha teagaisc agus foghlama a chur ar fáil i Nuatheangacha Iasachta.



Cnuasach acmhainní Scoilnet le haghaidh Nuatheangacha Iasachta

Is é Scoilnet lárshuíomh oifigiúil na Roinne Oideachais agus Scileanna maidir le hoideachas na hÉireann. Seoladh an suíomh gréasáin den chéaduair sa bhliain 1998. Tá sé faoi stiúir SFGM – Teicneolaíocht san Oideachas thar ceann RO. Comhoibríonn Scoilnet le múinteoirí cleachtacha chun inneachar ar an suíomh gréasáin a chothabháil agus a bhainistiú, agus tá éagsúlacht leathan acmhainní air maidir le Nuatheangacha Iasachta.

Teangacha Iar-Bhunscoile na hÉireann (PPLI)

Is aonad tiomnaithe é Teangacha Iar-Bhunscoile na hÉireann (PPLI) a chuireann saineolas agus tacaíocht ar fáil d’oideachas teangacha iasachta in Éirinn, ag leibhéal na hiar-bhunscoile go príomha. Cuireann sé tacaíocht ar fáil do mhúinteoirí i réimsí mar an fhéidearthacht a bhaineann le Foghlaim Chomhtháite Ábhair agus Teangacha a fhiosrú chun tacú le foghlaim teangacha agus í a atreisiú. In 2020, d’fhoilsigh CNCM na sonraíochtaí nua do Shínis, Polainnis, Liotuáinis agus Portaingéilis. Tá PPLI freagrach as oiliúint agus imlonnú múinteoirí le haghaidh na dteangacha nua seo mar a dtugtar breac-chuntas air i bplean forfheidhmithe Déanann Teangacha Nasc.