An Straitéis Dhigiteach do Scoileanna 2015–2020

Tá an teicneolaíocht dhigiteach ag athrú an bealach a n-oibrímid agus a mbímid ag maireachtáil ar bhonn laethúil. Tá tionchar aici freisin ar an gcaoi a mbímid ag teagasc, ag foghlaim agus ag measúnú inár seomraí ranga, saotharlanna eolaíochta, hallaí corpoideachais, seomraí ealaíne, turais allamuigh agus mar sin de. Seoladh an Straitéis Dhigiteach do Scoileanna in 2015. Soláthraítear réasúnaíocht agus plean gníomhaíochta an Rialtais leis na teicneolaíochtaí digiteacha a leabú sa teagasc, san fhoghlaim agus sa mheasúnú sa cháipéis bheartais seo. Ar deireadh thiar, ba cheart aon dul chun cinn teicneolaíochta i scoileanna a úsáid chun foghlaim na scoláirí a fheabhsú agus chun ár ndaoine óga a ullmhú le maireachtáil, foghlaim agus oibriú i sochaí dhomhandaithe nua-aimseartha. Ciallaíonn sé sin go bhfuil ar na scoláirí inneachar ábhair a fhiosrú mar fhoghlaimeoirí trí eolas agus inneachar a chruthú seachas iad a fháil amháin. Ar an tslí chéanna, iarrtar ar mhúinteoirí a bheith ina gcumadóirí freisin ionas go mbeidh siad in ann timpeallachtaí foghlama a chruthú le gníomhaíochtaí a nglacann na scoláirí páirt ghníomhach iontu ag úsáid na dteicneolaíochtaí digiteacha chun eolas a chruthú agus tuiscint a fhorbairt.

Is féidir go leor samplaí ón bhfíor-sheomra ranga ar an gcuma a bheadh air sin a fháil ag an nasc seo a leanas: https://www.pdsttechnologyineducation.ie/en/Good-Practice/Videos/

Teicneolaíochtaí Digiteacha i mbun Oibre sa Seomra Ranga Iar-bhunscoile

Tacaíocht Bhreise

Cuireann foireann SFGM tacaíocht forbartha gairmiúla ar fáil do mhúinteoirí ar gach gné a bhaineann leis na teicneolaíochtaí digiteacha don teagasc agus foghlaim:

  • Is féidir le scoileanna iarratas a dhéanamh ar thacaíocht shonrach a fháil sa réimse seo ó chomhairleoir Teicneolaíochtaí Digiteacha SFGM ag www.pdst.ie/schoolsupport.

  • Tacaíochtaí Foghlama Cumaisc SFGM: Is suíomh gréasáin idirghníomhach é seo ar a bhfiosraítear an fhoghlaim chumaisc ó phleanáil go cleachtas.

  • Tacaíochtaí Teicneolaíochtaí Digiteacha Cianfhoghlama SFGM: Anseo, aimseoidh tú faisnéis maidir le hardáin a thacaíonn leis an gcianfhoghlaim, ranganna teagaisc gairide ina bhfiosraítear uirlisí digiteacha do theagasc, foghlaim agus measúnú chuige sin agus naisc chuig suíomhanna gréasáin agus acmhainní úsáideacha.

  • Scoilnet.ie: Stór ar líne de níos mó ná 20,000 acmhainn a d’uaslódáil múinteoirí agus iad uile mapáilte do churaclam na hÉireann

  • Webwise.ie: Faisnéis, comhairle agus acmhainní ina dtugtar aghaidh ar réimse ceisteanna agus buarthaí i leith sábháilteacht idirlín

  • teacherCPD.ie: Rochtain ar raon acmhainní bunscoile saor in aisce a fhiosraíonn an bealach leis na teicneolaíochtaí digiteacha a leabú sa teagasc, san fhoghlaim agus sa mheasúnú

  • Óstálann suíomh gréasáin Theicneolaíocht san Oideachas SFGM réimse leathan d’acmhainní tacúla a chuidíonn le múinteoirí na teicneolaíochtaí digiteacha a leabú go héifeachtach ina gcleachtas.