Ionchuimsiú agus Daltaí a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais acu (RSO)


Déanann an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta an t-ionchuimsiú a shainmhíniú mar “...dul i ngleic agus freagairt ar éagsúlacht riachtanas foghlaimeoirí trí rannpháirtíocht ghníomhach a chumasú san fhoghlaim, i gcultúir agus i bpobail, agus bacainní ón oideachas a thabhairt ar neamhní trí struchtúir agus socruithe cuí a chóiriú agus a chur ar fáil ionas go bhféadann gach foghlaimeoir an leas is fearr is féidir a bhaint as an scoil a fhreastal.” CNCM (2011): Creat maidir le hOideachas Uilechuimsitheach – Treoir do scoileanna maidir le cuimsiú scoláirí ag a bhfuil riachtanais speisialta oideachais.



Cliceáil ar an íomhá thuas chun breathnú ar an acmhainn seo.

Tá soláthar éifeachtach do scoláirí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu le fáil laistigh de chreat cuimsitheach scoile uile. Cuirtear in iúl do scoileanna i gCiorclán 0014/2017 (iar-bhunscoile) go bhfuil próiseas leithdháilte athbhreithnithe ann le haghaidh Múinteoirí Oideachais Speisialta i scoileanna príomhshrutha. Baineann roinnt feabhsuithe leis seo do scoláirí, tuismitheoirí agus scoileanna. Cuireann sé níos mó neamhspleáchais ar fáil do scoileanna maidir leis an mbealach a mbainistíonn agus a n-úsáideann siad tacaíocht bhreise teagaisc ina scoil féin, bunaithe ar riachtanais foghlama aonair na scoláirí, seachas a bheith bunaithe go príomha ar dhiagnóis míchumais. Ba cheart ba prionsabail a leagtar amach i dTreoirlínte do Scoileanna, Ag Tacú le Scoláirí i Scoileanna Príomhshrutha a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais acu a úsáid mar threoir le haghaidh leithdháileadh tacaíochtaí breise oideachais speisialta (iar-bhunscoil lch 4).

An Leanúntas Tacaíochta


Cuidíonn creat an Leanúntais Tacaíochta le scoileanna chun riachtanais scoláirí a shainaithint agus freagairt dóibh. Aithníonn an creat seo go mbíonn riachtanais speisialta oideachais ann thar leanúntas, ó éadrom go dtí trom, agus gearrthéarmach go fadtéarmach, agus go mbíonn leibhéil dhifriúla tacaíochta ag teastáil ó scoláirí ag brath ar a riachtanais oideachais shainaitheanta. Is é is cuspóir leis an Leanúntas Tacaíochta freastal ar riachtanais na leanaí uile i dtimpeallacht chuimsitheach.


Ciallaíonn ionchuimsiú lánbhríoch go múintear gach scoláire i dtimpeallacht ranga atá spreagúil agus tacúil, ina gcuirtear luach ar éagsúlachtaí agus ina gcuireann conairí malartacha agus tacaíochtaí rochtain ar an gcuraclam ar fáil do gach leanbh. Cuirtear cuir chuige teagaisc i láthair sna Treoirlínte lena n-áirítear meascán de thionscnaimh teagaisc foirne, luath-idirghabháil agus luathchosc, agus tacaíocht i ngrúpaí nó tacaíocht aonair. Is féidir sonraí ar na bealaí ar féidir le scoil fianaise faoi riachtanais oideachais na scoláirí a bhailiú ag gach céim den Leanúntas Tacaíochta a aimsiú ag (iar-bhunscoil lch 9). Is féidir an fhianaise sin a úsáid ansin chun an teagasc a chur in oiriúint, na chéad chéimeanna eile i bhfoghlaim scoláirí a phleanáil agus a bhfreagairtí ar idirghabháil a thomhas.

Comhad Tacaíochta an Scoláire

Cumasaíonn Comhad Tacaíochta an Scoláire um scoileanna le hidirghabhálacha a phleanáil agus le conair an scoláire tríd an Leanúntas Tacaíochta a rianú. Éascaíonn sé an próiseas tuairisce a bhíonn ar bun ag an múinteoir ar dhul chun cinn agus ar riachtanais thar am agus cuidíonn sé leis leibhéal tacaíochta iomchuí a thabhairt do scoláirí, ag teacht lena leibhéal riachtanais. Soláthraíonn sé ‘Plean Tacaíochta’ atá solúbtha agus ginearálta agus ‘Taifead Athbhreithnithe ar an Tacaíocht Scoile’ is féidir a úsáid ar gach leibhéal tacaíochta. Is féidir Treoirlínte do Chomhad Tacaíochta an Scoláire a aimsiú anseo.

Cruthaítear deiseanna luachmhara le teagmháil agus comhoibriú a dhéanamh le tuismitheoirí tríd an bpróiseas a bhaineann leis an Leanúntas Tacaíochta agus le húsáid Chomhad Tacaíochta an Scoláire.

Tacaíocht Bhreise

Cuireann an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta tacaíochtaí ar fáil do scoileanna maidir le riachtanais speisialta oideachais.


Cuireann an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí forbairt ghairmiúil agus tacaíocht Teagaisc Foirne ar fáil do scoileanna agus tá raon leathan ábhar acu ar fáil ag: