Féinmheastóireacht Scoile

Tugadh an Fhéinmheastóireacht Scoile (FMS) isteach i scoileanna in Éirinn in 2012/13 agus ceanglaítear ar gach uile scoil dul i ngleic leis an bpróiseas. Iarrtar ar scoileanna, trí fhéinmheastóireacht scoile, machnamh agus athbhreithniú a dhéanamh ar a gcleachtais laethúla agus ar a mbeartais, le béim ar leith ar theagasc agus foghlaim. Beartaíodh go mbeadh sé mar phróiseas comhoibríoch agus machnamhach don athbhreithniú scoile inmheánach ina ndírítear ar fheabhsú, trína gcuireann scoileanna na ceisteanna seo a leanas orthu féin maidir le gné shonrach den obair a bhíonn ar bun acu:

  • Cé chomh maith is atá ag éirí linn?

  • Cá bhfios dúinn?

  • Cén chaoi ar féidir linn tuilleadh eolais a fháil? Cén fhianaise ar féidir linn a fháil chun é sin a dhéanamh?

  • Cé na láidreachtaí atá againn?

  • Cé na réimsí atá le feabhsú againn?

  • Cén chaoi ar féidir linn feabhsú?

Aithníonn foireann na scoile réimse le haghaidh feabhsú nó réimse fócais agus leanann siad an próiseas a bhfuil sé chéim ann

Céim 1: Fócas a shainaithint

Céim 2: Fianaise a bhailiú

Céim 3: Anailísiú agus breithiúnas a dhéanamh

Céim 4: Tuarascáil agus plean feabhsúcháin a scríobh agus a chomhroinnt

Céim 5: An plean feabhsúcháin a chur chun gnímh

Céim 6: Monatóireacht a dhéanamh ar na gníomhartha agus an tionchar a mheas

Go bunúsach, bailíonn an scoil fianaise a léiríonn conas atá ag éirí leo i réimse áirithe teagaisc nó foghlama (i.e. caighdeáin léitheoireachta). Is féidir leis an bhfianaise sin a bheith mar mheascán de thorthaí trialacha caighdeánaithe, tascanna a cuireadh i gcrích, suirbhéanna agus agallaimh le múinteoirí, tuismitheoirí agus scoláirí.

Déantar na torthaí a thaifeadadh i dTuairisc FMS a roinntear leis an bhfoireann agus le pobal na scoile.

Mapálann an scoil na torthaí sin i gcoinne na dtagarmharcanna den dea-chleachtas a chuirtear ar fáil i gCaibidil 4 de na Treoirlínte don Fhéinmheastóireacht Scoile.

Leagann an scoil spriocanna feabhsaithe síos a gcaithfidh siad a bhaint amach laistigh d’achar ama comhaontaithe.

Aontaítear ar ghníomhaíochtaí chun gach sprioc a bhaint amach agus cruthaítear plean gníomhaíochta nó Plean um Fheabhsú Scoile leis na gníomhaíochtaí son.

Déantar monatóireacht agus athbhreithniú ar dhul chun cinn ansin. Tá na sonraí go léir maidir leis an bpróiseas le fáil anseo sna treoirlínte foilsithe.

Féinmheastóireacht Scoile i mbliain scoile 2020/2021

Faoi Chiorclán 40/2016, bhíothas chun an tréimhse idir Meán Fómhair 2016 agus Meitheamh 2020 a chlúdach sa dara timthriall den fhéinmheastóireacht scoile (FMS) agus bhí an tríú timthriall le tosú i Meán Fómhair 2020. Aithníonn an Roinn Oideachais de bhrí go raibh scoileanna agus ionaid dúnta ar feadh tréimhse fhada ón 12 Márta 2020, go bhféadfaidh sé nach raibh scoláirí, tuismitheoirí, múinteoirí, príomhoidí agus boird bhainistíochta in ann tabhairt faoi ghníomhaíocht FMS i rith an ama seo. Mar gheall air sin, tá síneadh á chur ag an Roinn Oideachais leis an dara timthriall FMS go dtí Meitheamh 2021. Dá bharr sin, tosóidh an tríú timthriall FMS, a bhí le tosú i Meán Fómhair 2020, i Meán Fómhair 2021. Ciallaíonn sé sin nach mbeidh aon riachtanais nua FMS ann do scoileanna agus ionaid i scoilbhliain 2020/21. Féach ar an nuashonrú i gCiorclán 41/2020.

I scoilbhliain 2020/21 beidh solúbthacht ag scoileanna agus ionaid oideachais chun:

  • An próiseas féinmheastóireachta scoile a úsáid chun cuidiú leo dul i ngleic leis na dúshláin a thiocfaidh chun cinn mar thoradh ar athoscailt na scoileanna agus ionad i gcomhréir leis an treoir um shláinte phoiblí. D’fhéadfadh go mbeadh na saincheisteanna seo a leanas i measc samplaí ar na dúshláin sin: saincheisteanna a bhaineann le heagrú ghnáthaimh laethúla na scoile agus ionaid, folláine na scoláirí agus na foirne, leasuithe (más gá) ar churaclam agus measúnú, agus athruithe i gcleachtais teagaisc, foghlama agus mheasúnaithe.

AGUS/NÓ

  • Obair a chur i gcrích ar na gnéithe teagaisc agus foghlama a roghnaigh siad mar fhócas don fhéinmheastóireacht scoile le linn na tréimhse 2016-2020.

Tacaíocht Bhreise

Cuirtear ábhair atá cothrom le dáta ar fáil ar an suíomh gréasáin atá tiomanta don fhéinmheastóireacht scoile ag www.schoolself-evaluation.ie chun tacú leis an bhféinmheastóireacht scoile. Áirítear leis na tacaíochtaí sin:

  • Físeáin ina léirítear rannpháirtíocht scoileanna i ngnéithe áirithe den fhéinmheastóireacht scoile

  • Teimpléid agus samplaí d’ábhair féinmheastóireachta scoile a chuir scoileanna ó chomhthéacsanna éagsúla ar fáil

  • Is féidir nuashonraithe a fhoilsítear ag eatraimh rialta i gcaitheamh na scoilbhliana a aimsiú anseo.

Cuireann an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí (SFGM) tacaíocht forbartha gairmiúla FMS ar fáil do scoileanna agus tá raon leathan ábhar ar fáil ag https://www.pdst.ie/SSEResources. Áirítear leo siúd:

  • Seimineáir ghréasáin le haghaidh gach céime den timthriall FMS

  • Ranganna teagaisc agus leabhráin

  • Teimpléid agus leideanna