Pleanáil in Iar-Bhunscoileanna

Tarlaíonn pleanáil i scoileanna ar go leor leibhéal. Is é is aidhm le plean ar bith feabhsúcháin leanúnacha agus forásacha a dhéanamh ar fhoghlaim agus gnóthachtáil dalta. Ag leibhéal na scoile, ba cheart go gcuideodh pleanáil leis an scoil foráil a dhéanamh le haghaidh cur i bhfeidhm an churaclaim, agus beartais agus nósanna imeachta scoile maidir le roinnt príomhréimsí a shonrú ionas go spreagfar leanúnachas agus dul chun cinn i bhfoghlaim na scoláirí. Ag leibhéal an tseomra ranga, ba cheart go gcinnteofaí le pleanáil go ndéanfaí dóthain ullmhúcháin chun tacú le teagasc ardchaighdeáin agus le forbairt eispéiris foghlama shaibhre do gach scoláire.

Plean don Scoil Uile

Baineann pleanáil ar leibhéal na scoile uile le pleananna curaclaim a fhorbairt (próiseas ina sainmhíníonn pobal na scoile go comhoibríoch torthaí foghlama, measúnuithe, inneachar agus riachtanais oideolaíochta beartaithe a theastaíonn le haghaidh rath scoláirí ar fud curaclam iomlán) agus beartais eagraíochtúla (ina bhforbraítear beartais a mbíonn tionchar acu ar reáchtáil na scoile i gcáil neamhtheagaisc).

Sainordaítear le hAlt 21 den Acht Oideachais (1998) go ndéanfaidh scoileanna socruithe chun plean a ullmhú agus go gcinnteoidh siad go ndéantar an plean a athbhreithniú agus a nuashonrú go rialta. Ullmhófar an plean scoile de réir na dtreoracha sin, lena n-áirítear treoracha a bhaineann le comhairliúchán le tuismitheoirí, pátrún, foireann agus scoláirí na scoile, de réir mar a thabharfaidh an tAire ó am go ham maidir le pleananna scoile. Éilítear ar scoileanna freisin faoin Acht pleanáil de réir na nuashonruithe is déanaí ón roinn agus an plean agus beartais eagraíochtúla a chur in iúl do gach páirtí leasmhar, lena n-áirítear tuismitheoirí. Dá bharr sin, tá pleanáil scoile bunaithe ar an réasúnacht gur cheart dul i ngleic le tosaíochtaí a shainaithin an scoil féin sa phleanáil, agus í bunaithe ar an eolas atá acu ar riachtanais foghlama na scoláirí.

Pleanáil Ábhar

I gcomhthéacs foriomlán na pleanála scoile, is iad na múinteoirí a dhéanfaidh an phleanáil le haghaidh chur chun feidhme an churaclaim sa seomra ranga. Beidh an plean scoile mar bhonn eolais faoin bpleanáil sin, ach níos tábhachtaí fós, beidh an phleanáil sin bunaithe ar láidreachtaí, riachtanais, suimeanna agus cumais na scoláirí sa rang. Tagraítear don Chleachtas Gairmiúil i gCuid 4 de Chód Iompair Ghairmiúil do Mhúinteoirí na Comhairle Múinteoireachta. Deirtear sa Chód gur cheart do mhúinteoirí:


  • ardchaighdeáin a chothabháil sa chleachtas maidir le foghlaim daltaí/ mac léinn, pleanáil, monatóireacht, measúnú, tuairisciú agus aiseolas a sholáthar, ionchais shoiléire, dhúshlánacha agus indéanta do dhaltaí/mhic léinn a leagan amach agus a chur in iúl go soiléir

  • bonn eolais a chur faoina mbreithiúnas agus cleachtas gairmiúil trí dhul i ngleic le forbairt na ndaltaí/ mac léinn, an teoiric foghlama, an oideolaíocht, forbairt an churaclaim, an cleachtas eiticiúil, an polasaí agus reachtaíocht oideachasúil agus trí mhachnamh a dhéanamh ar na hábhair sin

Rachaidh múinteoirí i ngleic le pleanáil fhadtéarmach agus ghearrthéarmach ansin i gcomhréir leis na rialacháin sin, agus an plean scoile mar bhonn eolais fúthu agus iad ailínithe le dea-chleachtas.

Pleanáil Fhadtéarmach

Ba cheart go mbeadh achoimre fhoriomlán ar na haidhmeanna atá le baint amach i ngach réimse ábhair mar chuid den phlean fadtéarmach. D’fhéadfadh go mbeadh na ceannteidil seo a leanas úsáideach mar threoir nuair atá tú ag smaoineamh faoi cad ar cheart a bheith ar do phlean fadtéarmach:

  • Forbhreathnú ar na cuspóirí inneachair a mhúinfear agus samplaí de ghníomhaíochtaí foghlama

  • Torthaí agus cuspóirí foghlama

  • Scileanna agus coincheapa le forbairt

  • Modheolaíochtaí agus Oideolaíochtaí

  • Acmhainní

  • Idirdhealú

  • Measúnú

  • Comhtháthú traschuraclaim

  • Comhtháthú na litearthachta agus na huimhearthachta isteach in inneachar an ábhair

Pleanáil Ghearrthéarmach

Is éard atá i gceist le pleanáil ghearrthéarmach sonraí a thabhairt ar gach a gcuirfidh ar chumas na scoláirí a fhoghlaim, conas a fhoghlaimeoidh siad agus conas a dhéanfar measúnú ar an bhfoghlaim sin i dtaca leis an obair a luaitear sa phlean fadtéarmach. D’fhéadfaí na ceannteidil seo a leanas a úsáid mar chuid de phlean gearrthéarmach an mhúinteora:

  • Leibhéal Ábhair

  • Cuspóirí Ábhair

  • Torthaí Foghlama

  • Cuspóirí Foghlama

  • Gníomhaíochtaí

  • Acmhainní

  • Idirdhealú

  • Measúnú

  • Straitéisí litearthachta agus uimhearthachta

Tacaíocht Bhreise

Tugtar teimpléid ar na naisc thíos ón gClár Náisiúnta Ionduchtaithe Múinteoirí chun tacú leat ag pleanáil le haghaidh fhoghlaim an scoláire. Bí feasach air gur minic a fhorbraíonn scoileanna a dteimpléid féin le haghaidh pleanála agus tá sé úsáideach aon teimpléid mar seo a iarraidh nuair atáthar i mbun pleanáil ábhar i do scoil féin.