Gairmchlár na hArdteistiméireachta

Is clár Ardteistiméireachta é Gairmchlár na hArdteistiméireachta (GCAT) ina bhfuil gné ghairme mhéadaithe le fócas láidir ar an bhfiontraíocht sa bhaile, ar an scoil agus ar an bpobal. Cuimsíonn an clár dhá bhliain seo láidreachtaí acadúla na hArdteistiméireachta (bunaithe) mar aon le fócas dinimiciúil ar an bhfoghlaim fhéinstiúrtha, ar an bhfiontraíocht, ar an obair agus ar an bpobal. Is é atá difriúil faoi GCAT go roghnaíonn an scoláire staidéar a dhéanamh ar chuid dá n-ábhair Ardteistiméireachta ó thacar faoi leith gairmábhar (liosta samplach ó chiorclán 0040/2013). Déanann an scoláire staidéar freisin ar chúrsa aitheanta i nuatheanga Eorpach agus tá dhá chúrsa breise le déanamh, ar a dtugtarNascmhodúil, sna réimsí Ullmhú do Shaol na hOibre agus Oideachas Fiontraíochta.

Is é príomhsprioc GCAT daoine óga a ullmhú do shaol daoine fásta trína chinntiú go bhfaighidh siad oideachas sa chiall is leithne, go mbeidh sé ar a gcumas déileáil leis an saol agus cruthú go maith i dtimpeallacht atá ag athrú go gasta. Spreagtar rannpháirtithe sa chlár chun scileanna agus inniúlachtaí a fhorbairt atá ríthábhachtach maidir leis an ngnóthú acadúil agus gairmiúil araon.

Is é atá i ngach ceann de na Nascmhodúil ceithre aonad mar a thaispeántar thíos, a bhfuil rogha torthaí foghlama ag gach ceann acu.

Cliceáil ar an íomhá thuas chun breathnú ar an acmhainn seo

Measúnú GCAT

Ar chríochnú an chláir, ní mór don scoláire punann oibre a chur i láthair a cuireadh i gcrích thar imeacht dhá bhliain de staidéar dóibh, ina bhfuil sé mhír; ceithre mhír éigeantacha nó “croímhíreanna” agus dhá mhír roghnacha. Is ionann sin agus 60 faoin gcéad dá ngrád deiridh. Bíonn scrúdú scríofa deiridh ar siúl i mBealtaine an tséú bliain agus is ionann sin agus an 40% eile de ghrád an scoláire. Bronntar ceann amháin de cheithre ghrád ar iarrthóirí ar chríochnú an chláir dóibh: gradam, tuillteanas, pas nó neamhrathúil. NB: Tá socruithe malartacha curtha i bhfeidhm don bhliain acadúil 2020/2021 agus is féidir breathnú orthu ar education.ie trí chliceáil anseo.

Tugtar tuilleadh faisnéise sna doiciméid seo a leanas maidir le struchtúr, inneachar agus measúnú an chláir:

  • Tá Pleanáil i gcomhair Ghairmchlár na hArdteistiméireachta ar fáil ar PDST.ie

Tacaíocht Bhreise

Ar rannán GCAT shuíomh gréasáin SFGM, www.pdst.ie, tugtar faisnéis chun dáta maidir le deiseanna forbartha gairmiúla leanaí atá ar fáil chomh maith le mórán doiciméad eile a bhaineann leis an gclár.

Is é www.scoilnet.ie tairseach oifigiúil na Roinne Oideachais agus Scileanna (RO), agus tá roinnt acmhainní air a cruthaíodh agus a mapáladh do shiollabas Ghairmchlár na hArdteistiméireachta le húsáid leis na scoláirí i do rang.