Litearthacht agus Uimhearthacht don Fhoghlaim agus don Saol: An Straitéis Náisiúnta chun an Litearthacht agus an Uimhearthacht a Fheabhsú i measc Leanaí agus Daoine Óga 2011-2020
Tugadh Litearthacht agus Uimhearthacht don Fhoghlaim agus don Saol isteach in 2011 mar an straitéis náisiúnta le caighdeáin litearthachta a fheabhsú ar fud chóras oideachais na hÉireann, chun é a chur a gcumas don scoláire a scileanna a fhorbairt sna réimsí seo ar feadh a chumais. Is é an aidhm atá leis na spriocanna litearthachta na scileanna labhartha, éisteachta, léitheoireachta agus scríbhneoireachta a fhorbairt trí mheáin thraidisiúnta chlóite agus chraolta chomh maith le meáin dhigiteacha. Is é an aidhm atá leis na spriocanna uimhearthachta é a chur ar a chumas don scoláire “a thuiscint agus a scileanna matamaitice a úsáid chun fadhbanna a réiteach agus freastal ar riachtanais an tsaoil ó lá go lá i suíomh casta sóisialta” (lch 8), trína scileanna réasúnaithe, cumarsáide agus réitithe fadhbanna, a fheasacht ar spásúlacht, a scileanna láimhseála sonraí agus a thuiscint ar phatrúin agus ar sheichimh a fhorbairt.
I measc roinnt de na príomhréimsí a shainaithnítear le haghaidh athrú sa suíomh iar-bhunscile tá:
Athchóiriú curaclaim:
Tar éis athbhreithniú ar an Teastas Sóisearach, tugadh isteach sraith shóisearach athchóirithe. Úsáideann an tsraith shóisearach cur chuige um thorthaí foghlama lena dtugtar breac-chuntas ar an méid a bhfuiltear ag súil leis an scoláire a bhaint amach agus lena nasctar é leis na torthaí foghlama sa churaclam bunscoile.
Le siollabas athbhreithnithe an Bhéarla, déantar freastal ar fhorbairt na litearthachta i réimse leathan téacsanna agus meán, lena n-áirítear meáin dhigiteacha.
Leis an athbhreithniú ar churaclam na sraithe sinsearaí, tógtar ar fhoghlaim na sraithe sóisearaí agus úsáidtear cur chuige um thorthaí foghlama freisin.
Litearthacht agus uimhearthacht sa churaclam ar fad
Ba cheart go mbeadh gach múinteoir ina mhúinteoir litearthachta agus uimhearthachta. Ba cheart do mhúinteoirí iarracht a dhéanamh litearthacht agus uimhearthacht a leabú isteach i ndlúth agus inneach gach ceachta agus na scileanna sin a mheasúnú dá réir sin.
Tá treoir maidir le conas is féidir le múinteoirí scileanna litearthachta agus uimhearthachta a fhorbairt sa churaclam ar fad sna sonraíochtaí do gach ábhar.
Meonta dearfacha agus spreagadh a fhorbairt
Ba cheart go mbeadh taithí foghlama taitneamhach agus spreagúil ag scoláirí mar aon le raon leathan cur chuige foghlama amhail an fhoghlaim ghníomhach, an fhoghlaim chomhoibríoch agus gníomhaíochtaí réitigh fadhbanna.
Measúnú
Ba cheart do mhúinteoirí fianaise éagsúil a úsáid (comhráite, breathnóireachtaí, féinmheastóireacht an scoláire, tascanna a dhear an múinteoir, samplaí d’obair an scoláire, etc.) chun cinneadh a dhéanamh faoin dul chun cinn a rinne na daltaí agus chun na chéad chéimeanna eile sa teagasc agus foghlaim a phleanáil.
Ba cheart go ndéanfaí an fhaisnéis sin a thaifeadadh agus a thuairisciú do thuismitheoirí, múinteoirí agus do ghairmithe eile de réir mar is gá.
Ba cheart do mhúinteoirí a bheith páirteach i Measúnú chun Foghlama agus Measúnú ar an bhFoghlaim chun pleanáil i gcomhair dhul chun cinn an scoláire agus gnóthachtáil an scoláire i litearthacht agus uimhearthacht agus monatóireacht a dhéanamh orthu sin.
Tástáil Chaighdeánaithe
Ba cheart trialacha caighdeánaithe i léitheoireacht an Bhéarla agus sa Mhatamaitic a thabhairt don scoláire ag deireadh an dara bliain.
Ba cheart do scoileanna na torthaí ó thástálacha caighdeánaithe a anailísiú agus a úsáid mar bhonn eolais faoi na spriocanna a leagtar amach mar chuid den Fhéinmheastóireacht Scoile.
Ceanglaítear ar phríomhoidí sonraí measúnaithe comhiomlánaithe ó thrialacha caighdeánaithe a thuairisciú do Bhoird Bhainistíochta a gcuid scoileanna.
Rannpháirtíocht Tuismitheoirí
Ba cheart do scoileanna iarracht a dhéanamh tuismitheoirí a mhealladh le bheith páirteach i bhforbairt litearthachta agus uimhearthacht a scoláirí, agus is féidir le tuismitheoirí a bheith páirteach i gcláir litearthachta teaghlaigh.
Ceanglaítear ar scoileanna dul chun cinn an scoláire a thuairisciú do thuismitheoirí, ag plé dul chun cinn a linbh i gcomparáid le noirm náisiúnta.
Ba cheart go ndéanfaí tuairiscí do thuismitheoirí trí thuairiscí scoile scríofa agus agallaimh tuismitheora-múinteora.
Tacaíocht Bhreise