An tSraith Shóisearach

In oideachas na sraithe sóisearaí cuirtear an scoláire ag croílár an eispéiris oideachasúil, á chumasú le páirt ghníomhach a ghlacadh ina phobal féin agus sa tsochaí, agus á chumasú freisin le tabhairt faoin bhfoghlaim go seiftiúil agus go muiníneach i ngach gné agus ag gach céim dá shaol (CNCM 2011).

Is é an ní is suntasaí go leagtar béim sa tsraith shóisearach nua ar an gcothromaíocht idir eolas agus scileanna, cur chuige déthreoch i leith an mheasúnaithe, clár solúbtha don fhoghlaim ag scoláirí, tuairisciú ar phictiúr níos leithne den fhoghlaim agus comhoibriú breise idir múinteoirí (CNCM 2015).

Cliceáil ar an íomhá thuas chun breathnú ar an acmhainn seo.

Gnéithe den tSraith Shóisearach

Tugtar breac-chuntas ar na príomhghnéithe le haghaidh chur chun feidhme oideachas na sraithe sóisearaí sa Chreat don tSraith Shóisearach. Tugtar solúbthacht do scoileanna agus iad ag dearadh agus ag cur chun feidhme clár agus eispéiris foghlama atá ábhartha do chomhthéacs chohórt a scoile.


Maidir le clár gach scoile

  • tá sé faoi threoir na 24 ráiteas foghlama, ocht bprionsabal agus ocht bpríomhscil atá ag croílár na sraithe sóisearaí nua.

  • cuimsíonn sé foghlaim in ábhair nó meascán d’ábhair agus gearrchúrsaí

  • áireofar leis réimse foghlama dar teideal Folláine

  • tabharfar leis réimse d’eispéiris foghlama eile

  • féadfar go n-áireofar leis aonaid foghlama tosaíochta (AFTanna) a chabhróidh clár sraithe sóisearaí a chur ar fáil atá oiriúnach do riachtanais scoláirí faoi leith a bhfuil riachtanais speisialta oideachais shuntasacha acu (CNCM 2015).

Cad é a chuireann bonn eolais faoin bhfoghlaim sa tSraith Shóisearach?

ocht bprionsabal mar bhonn taca ag an gCreat iomlán don tSraith Shóisearach. Cuireann na prionsabail sin bonn eolais faoi phleanáil, forbairt agus cur chun feidhme na Sraithe Sóisearaí nua. Samhlaítear go gcuirfidh na prionsabail sin bonn eolais faoi eispéireas foghlama dearfach, uileghabhálach agus mealltach do gach scoláire.

Tá ocht bprionsabal na Sraithe Sóisearaí mar bhonn taca ag 24 ráiteas foghlama. Cuireann siad seo bonn eolais faoi phleanáil agus measúnú chlár sraithe sóisearaí na scoile.

Teastaíonn ocht bpríomhscil le haghaidh fhoghlaim rathúil gach scoláire sa tsraith shóisearach. Ceapadh na príomhscileanna sin chun tacú leis an scoláire ina shaol ar fud an churaclaim agus lasmuigh den scoil agus leabaithe i dtorthaí foghlama na sonraíochtaí ábhair. Ba cheart na príomhscileanna sin a fhorbairt agus a bheochan trí ghnátheispéiris foghlama sa seomra ranga i rith na sraithe sóisearaí. Ba cheart do mhúinteoirí eispéiris foghlama agus cuir chuige teagaisc, foghlama agus measúnaithe a phleanáil a ligeann don scoláire eolas a chur ar na príomhscileanna sin agus inniúlacht a fhorbairt leo.

Ábhair, Gearrchúrsaí agus Folláine

Tá sonraíochtaí ábhair nua forbartha le haghaidh gach ábhair den tSraith Shóisearach. Is féidir iad seo a rochtain anseo. Déanfaidh an scoláire staidéar ar Bhéarla, Gaeilge, Matamaitic, Stair agus Folláine, chomh maith le roinnt ábhar eile ina gclár sraithe sóisearaí. Cuirtear Béarla, Gaeilge agus Matamaitic ar fáil ag dhá leibhéal: ardleibhéal agus gnáthleibhéal. Tá 240 uair an chloig ar a laghad ag teastáil dóibh in imeacht na dtrí bliana. Tá na hábhair eile socraithe ag leibhéal comónta agus teastaíonn 200 uair an chloig de rannpháirtíocht. Tá gach sonraíocht ábhair bunaithe ar Thorthaí Foghlama atá eagraithe ina snáitheanna agus gnéithe. Tá siad ailínithe le leibhéal 3 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí.

Chomh maith leis na hábhair seo, tá an deis ag an scoláire freisin staidéar a dhéanamh ar ghearrchúrsaí ar bhonn roghnach. Beidh 100 uair an chloig ag teastáil le haghaidh gach gearrchúrsa. Tá deich ngearrchúrsa forbartha ag CNCM. Tá níos mó faisnéise ar na cúrsaí sin ar fáil anseo. Féadfaidh scoileanna a shocrú freisin a ngearrchúrsaí féin a fhorbairt (de réir teimpléid agus treoirlínte a leag CNCM amach). Is féidir leis seo cabhrú freastal ar spéiseanna agus riachtanais an scoláire, ábhartha do chomhthéacs na scoile féin.

Aonaid Tosaíochta Foghlama (ATFanna) agus gearrchúrsaí ag Leibhéal 1 agus Leibhéal 2 ar fáil do scoláirí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais shuntasacha acu.

Tá folláine an scoláire ag croílár na sraithe sóisearaí. Baineann folláine sa tsraith shóisearach le daoine óga a bheith ag mothú muiníneach, sona, sláintiúil agus i dteagmháil le daoine agus leis an saol. (CNCM 2017). Tá sé bunaithe ar shé tháscaire folláine: Gníomhach, Feasach, Ceangailte, Athléimneach, Meas agus Freagrach. Beidh an scoláire páirteach i bhfoghlaim faoin bhFolláine agus don Fholláine i rith na Sraithe Sóisearaí. Is féidir leis sin deiseanna a chur ar fáil don scoláire chun scileanna a fhorbairt, a fholláine féin a fheabhsú agus scileanna sóisialta agus saoil riachtanacha a fhorbairt. Tá OSSP, OSPS agus Corpoideachas mar chuid den Fholláine. Is féidir féachaint ar fhaisnéis bhreise maidir le Folláine don tsraith shóisearach anseo.

Ba cheart do mhúinteoirí plé go comhoibritheach lena chéile chun pleanáil le haghaidh teagaisc, foghlama agus measúnaithe ina réimse ábhair.Tá foirne ábhair tiomnaithe ag suíomh gréasáin Múinteoirí na Sraithe Sóisearaí, mar ar féidir faisnéis bhreise a aimsiú maidir le pleanáil atá sonrach don ábhar.

Teagasc agus Foghlaim

Ag croílár na sraithe sóisearaí tá eispéiris foghlama ar ardchaighdeán lena n-éascaítear sealbhú eolais agus forbairt scileanna atá ábhartha d’fhorbairt phearsanta agus shóisialta an scoláire. Ba cheart bonn eolais a chur faoi ról ríthábhachtach múinteora ag éascú foghlama le cuir chuige teagaisc, foghlama agus measúnaithe, ar cheart dóibh a bheith dírithe ar fhorbairt eolais, meoin agus scileanna.

Ba cheart deiseanna a bheith ag an scoláire chun scileanna smaointeoireachta criticiúla a fhorbairt, dul i ngleic le taighde, comhoibriú le daoine eile agus úinéireacht a ghlacadh ar a fhoghlaim féin agus machnamh a dhéanamh uirthi. Tá straitéisí teagaisc, foghlama agus measúnaithe a bhféadfaidh múinteoirí cuimhneamh ar a úsáid chun na scileanna sin a ghníomhú ar fáil anseo. Ba cheart go mbeadh béim athnuaite ar fhoghlaim idirdhealaithe agus measúnú foirmitheach a chomhtháthú ar bhonn leanúnach chun timpeallacht ionchuimsitheach a chruthú mar a mbíonn gach scoláire ag dul i ngleic lena fhoghlaim agus inar féidir leis barr a chumais a bhaint amach.

Measúnú agus Tuairisciú

Tá sonraíochtaí ábhair nua forbartha le haghaidh gach ábhair den tSraith Shóisearach. Is féidir iad seo a rochtain anseo. Déanfaidh an scoláire staidéar ar Bhéarla, Gaeilge, Matamaitic, Stair agus Folláine, chomh maith le roinnt ábhar eile ina gclár sraithe sóisearaí. Cuirtear Béarla, Gaeilge agus Matamaitic ar fáil ag dhá leibhéal: ardleibhéal agus gnáthleibhéal. Tá 240 uair an chloig ar a laghad ag teastáil dóibh in imeacht na dtrí bliana. Tá na hábhair eile socraithe ag leibhéal comónta agus teastaíonn 200 uair an chloig de rannpháirtíocht. Tá gach sonraíocht ábhair bunaithe ar Thorthaí Foghlama atá eagraithe ina snáitheanna agus gnéithe. Tá siad ailínithe le leibhéal 3 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí.

Rinneadh athruithe suntasacha ar an réimse measúnaithe sa tsraith shóisearach nua. Tá na cuir chuige i leith measúnú sa tsraith shóisearach foirmitheach agus suimitheach chun go ndéanfar measúnú níos iomlánaithe ar éachtaí an scoláire.

Laistigh den tsraith shóisearach, tá béim athnuaite ar mheasúnú foirmitheach. Bíonn an measúnú foirmitheach nuair a úsáidtear nósanna imeachta foirmiúla nó neamhfhoirmiúla chun fianaise den fhoghlaim a bhailiú i rith an phróisis foghlama, agus úsáidtear iad chun an teagasc a chur in oiriúint chun freastal ar riachtanais an scoláire. Tá ceistiú éifeachtach, aiseolas éifeachtach agus comhroinnt critéar ratha i measc na gcur chuige a fhéadfar a úsáid chun tacú le measúnú foirmitheach (CNCM 2015).

Tá faisnéis anseo ar straitéisí Measúnaithe chun Foghlama is féidir a úsáid chun measúnú foirmitheach a chur i bhfeidhm.

Ag cloí leis an mbéim athnuaite sin ar mheasúnú foirmitheach, tugadh dhá Mheasúnú Rangbhunaithe isteach le haghaidh gach ábhair sa tSraith Shóisearach. Tarlaíonn siad seo le linn an dara bliain agus an tríú bliain (seachas sa Ghaeilge, ina dtarlaíonn an dá Mheasúnú Rangbhunaithe sa tríú bliain). Tá sé i gceist go léireoidh na Measúnuithe Rangbhunaithe léargas ar fhoghlaim scoláire ag céim áirithe. Is féidir le gach measúnú a bheith éagsúil de réir an ábhair ach de ghnáth is féidir go gcuimseofar ann taighde, cuir i láthair ó bhéal, nó fiosruithe. Nuair a chríochnaítear an Measúnú Rangbhunaithe, ba cheart don scoláire machnamh a dhéanamh ar a eispéiris ar an measúnú.

Nuair atá Measúnú Rangbhunaithe curtha i gcrích ag an scoláire, tagann ranna ábhair le chéile le haghaidh cruinnithe Measúnaithe agus Athbhreithnithe Ábhair chun dul i mbun plé chun breithiúnais a dhéanamh maidir le cáilíocht obair scoláire, ag úsáid na nGnéithe Cáilíochta atá sna treoirlínte measúnaithe. Ag na cruinnithe seo, comhroinneann agus pléann múinteoirí samplaí d’obair scoláire nó tagann siad ar thátail faoi cháilíocht obair scoláire. Ba cheart do mhúinteoirí dul i ngleic leis na samplaí anótáilte de shaothar an scoláire arna eisiúint ag CNCM agus a mbreithiúnais a chur i gcomparáid lena gcomhghleacaithe féin chun cáilíocht obair scoláire a chinneadh. Tá faisnéis bhreise ar na cruinnithe seo ar fáil anseo.

Laistigh den tsraith shóisearach, comhlánaíonn measúnú suimitheach measúnú foirmitheach. Bíonn measúnú suimitheach nuair a úsáidtear é chun meastóireacht a dhéanamh ar fhoghlaim an scoláire ag deireadh an phróisis teagaisc nó tréimhse foghlama (CNCM 2015).

Sa tríú bliain, tar éis an dara measúnú rangbhunaithe a chríochnú, críochnaíonn an scoláire Tasc Measúnaithe le haghaidh gach ábhair. Is ionann an Tasc Measúnaithe agus céatadán dá thuairisceoir Sraithe Sóisearaí agus cuirtear i gcrích é sa rang agus déanann Coimisiún na Scrúduithe Stáit measúnú air. Déantar éachtaí scoláire a thaifeadadh ar Phróifíl Ghnóthachtála na Sraithe Sóisearaí (PGSS). Tabharfar breac-chuntas in PGSS ar éachtaí an scoláire in ábhair (lena n-áirítear torthaí Choimisiún na Scrúduithe Stáit agus measúnuithe rangbhunaithe), gearrchúrsaí, folláine, aonaid tosaíochta foghlama agus réimsí eile foghlama (nuair atá sin infheidhmithe). Cuirtear PGSS a bhfuil cuid de críochnaithe go dtí an scoil, mar a ndéanfar tuairisciú ar Mheasúnuithe Rangbhunaithe, Réimsí Eile Foghlama, agus Folláine.

Faoi láthair faigheann an scoláire torthaí a scrúduithe sraithe sóisearaí (arna riar ag Coimisiún na Scrúduithe Stáit) roimh PGSS. Faigheann an scoláire a PGSS sa chéad téarma tar éis an tríú bliain.

Additional Supports

Soláthraíonn an tSraith Shóisearach do Mhúinteoirí (SSM) seisiúin forbartha gairmiúla leanúnaí maidir leis an tSraith Shóisearach nua don scoil uile agus atá sonrach d’ábhar. Is féidir a n-acmhainní a fháil anseo.

Tá raon leathan ábhair maidir leis an tSraith Shóisearach ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM). Is féidir iad a aimsiú anseo.

Acmhainní dá dtagraítear

An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta I dTreo Creata le hAghaidh na Sraithe Sóisearaí (2011)

An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta Creat don tSraith Shóisearach (2015)

An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta Treoirlínte Folláine na Sraithe Sóisearaí (2017)

An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta Díriú ar an bhFoghlaim (2015)