Tugann Tomás Hayes, príomhoide, míniú ar an gcaoi ar tháinig a scoil chun bheith páirteach i dTionscadal na bPunann Dhigiteach agus ar an gcaoi a bhfuair sí tacaíocht leanúnach ó chomhairleoir Teicneolaíochtaí Digiteacha SFGM, John Meegan. Scríobh na baill foirne a bPlean Foghlama Digití le chéile agus rinne siad a bplean forfheidhmithe le haghaidh Churaclam Teanga na Bunscoile a fhí isteach ann. Ba mhó an tuiscint a bhí ag na baill foirne agus na scoláirí ar chomhtháthú teicneolaíochtaí digiteacha dá bharr sin, agus tháinig méadú ar a gcuid scileanna teicneolaíochta.

Tugann an múinteoir i rang a sé i Scoil Naomh Aodáin, Julie Somerville, míniú ar an gcaoi ar bhain a scoil tairbhe as bheith páirteach i dTionscadal na bPunann Digiteach agus as an tacaíocht a fuair sí ó chomhairleoir Teicneolaíochtaí Digiteacha SFGM, John Meegan. Labhraíonn Julie faoi thionscadal a rinne a rang inar úsáid na scoláirí punanna digiteacha chun comhoibriú ar phlean, taighde agus cur i láthair ar na tuirlingtí ar an ngealach, rud a d’fhág gur tháinig méadú ar an méid rannpháirtíochta a bhí ann i measc na scoláirí.

Tháinig scoil Thim Uí Thuachaigh, príomhoide, chun bheith páirteach i dTionscadal na bPunann Digiteach tar éis dóibh gléasanna nua a cheannach do na baill foirne agus do na scoláirí. Bhain na baill foirne tairbhe as tacaíocht leanúnach i bhfoirm cuairteanna ó Chomhairleoir SFGM chomh maith le forbairt ghairmiúil ar líne le teacherCPD.ie SFGM. Tá an-dul chun cinn déanta ag an scoil i dtaca leis an teagasc, an fhoghlaim agus an measúnú a fheabhsú trí theicneolaíochtaí digiteacha agus tá beartaithe anois an tionscadal a leathnú chuig níos mó ranganna amach anseo. Roghnaigh “CC” má theastaíonn fotheidil Bhéarla uait.

Tar éis dóibh páirt a ghlacadh i scéim phíolótach SFGM le haghaidh Thionscadal na bPunann Digiteach, bhí baill foirne agus scoláirí scoil Shiobhán Ní Uptáin, Gaelscoil Ros Eo, ag iarraidh an leas ab fhearr ab fhéidir a bhaint as na hacmhainní a bhí acu cheana féin. Tugann Siobhán míniú anseo ar an gcaoi a ndearna sí Chromebooks, obair thionscadail chomhoibritheach agus measúnú ar líne a fhí isteach chun cur i bhfeidhm Churaclam Teanga na Bunscoile a fheabhsú lena scoláirí i rang a dó. Roghnaigh “CC” agus Béarla má theastaíonn fotheidil Bhéarla uait.