Cad é an Spás Oibre in Office 365?

Sa spás oibre, féadfaidh scoláirí pleananna a dhéanamh, spriocanna a leagan amach, eispéiris foghlama a eagrú in ord ama, bheith ag comhoibriú lena gcomhscoláirí agus machnamh a dhéanamh ar a gcuid foghlama féin agus ar obair a gcomhscoláirí.  Is i spás oibre punainne digití in Office 365 a dhéanfaidh na scoláirí an chuid is mó den obair laethúil maidir lena bpunanna digiteacha. An chuid is mó den obair sin, is ar Teams a dhéanfar é, ach úsáidfear Word, Excel, Stream, OneNote, etc., chomh maith.  


Maidir le tascanna a shocrú, measúnú foirmitheach a úsáid, aiseolas éifeachtach a thabhairt agus cumarsáid eile idir na scoláirí agus na múinteoirí, tarlóidh sé sin go léir i spás oibre punainne digití. 

Físeáin Teagaisc ar Teams do Mhúinteoirí

Team a chruthú nó páirt a ghlacadh in Team

Mínítear do mhúinteoirí san fhíseán seo an próiseas a bhaineann le Team a chruthú dá rang agus cód rannpháirtíochta a ghiniúint dá gcuid scoláirí chun go mbeidh siad in ann páirt a ghlacadh sa Team.

Tascanna a chruthú in Teams

Léirítear san fhíseán seo cén chaoi tasc a chruthú, teimpléad digiteach a cheangal a bheidh le déanamh ag scoláirí, é a shannadh do scoláire aonair nó do scoláirí iomadúla nó do ghrúpaí ranga agus tasc a sceidealú lena uaslódáil ar an toirt nó ag am éigin níos faide anonn. 

Tascanna a dháileadh

Léirítear san fhíseán seo cén chaoi ar féidir le múinteoirí tasc a chruthú agus leathanach Class Notebook a roinnt mar phointe tagartha.  Mínítear ann freisin cén chaoi rúibric a chruthú chun tacú le measúnú foirmitheach.  

Tascanna a athúsáid

Tugtar míniú do mhúinteoirí san fhíseán seo ar cén chaoi ar féidir leo tascanna atá cruthaithe acu in Teams a athúsáid, bíodh an tasc bainteach le rang eile atá siad a mhúineadh nó bíodh sé bainteach le rang a mhúin siad san am atá caite agus a ndearna siad cartlannú air. 

Aiseolas bunaithe ar théacs 

Léirítear san fhíseán seo ó fhoireann Teicneolaíochtaí Digiteacha Oide cén chaoi ar féidir le múinteoirí aiseolas bunaithe ar théacs a chur ar fáil dá gcuid scoláirí trí thascanna in Teams.  Léirítear an radharc atá ag scoláirí ar an bpróiseas chomh maith. 

Uaireanta oifige fíorúla a chruthú

Léirítear san fhíseán cén chaoi ar féidir le múinteoirí uaireanta oifige fíorúla a shocrú ar Teams agus iad ag múineadh go haisioncronach ionas gur féidir le múinteoirí a bheith páirteach i nglao chun seiceáil isteach agus soiléiriú a lorg ar thascanna.  

Físeáin Teagaisc ar Teams do Scoláirí

San fhíseán tosaigh seo, tugtar míniú do scoláirí ar cén chaoi ar féidir leo logáil isteach in Teams. 

Léirítear san fhíseán praiticiúil seo an bealach ar féidir le scoláirí cuntas a choinneáil ar a gcuid oibre le haghaidh gach ceann dá ranganna.

Tuilleadh Acmhainní Do Scoláirí

Maidir le físeáin bhreise ina léirítear do scoláirí cén chaoi ar féidir leo úsáid a bhaint as táirgí eile de chuid Microsoft a úsáidtear i spás oibre punainne digití, lena n-áirítear Word agus PowerPoint, tá siad ar fáil ag an seinnliosta YouTube seo.