Cad iad na gnéithe atá i bpunann dhigiteach?
Tá trí ghné ag baint le Punann Dhigiteach - stóras, spás oibre agus taispeántas.
Gné 1 - Stóras: Féadfaidh scoláirí a bPunann Dhigiteach a úsáid mar stóras digiteach inar féidir leo samplaí oibre a chruthú agus a bhailiú.
Gné 2 - Spás Oibre: Sa spás oibre, féadfaidh scoláirí pleananna a dhéanamh, spriocanna a leagan amach, eispéiris foghlama a eagrú in ord ama, bheith ag comhoibriú lena gcomhscoláirí agus machnamh a dhéanamh ar a gcuid foghlama féin agus ar obair a gcomhscoláirí.
Gné 3 - Taispeántas: Is féidir, le gné taispeántais na Punainne Digití, inniúlachtaí agus éachtaí an scoláire a léiriú, chomh maith leis na tascanna atá déanta aige.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi na gnéithe sin agus chun treoir phraiticiúil a fháil maidir le punanna digiteacha a úsáid le do chuid scoláirí, féadfaidh tú breathnú ar an EUfolio: ePortfolio Implementation Guide for Policymakers and Practitioners.