Pleanáil don Fhoghlaim Dhigiteach

Forbraíodh an Creat Foghlama Digití chun cabhrú le scoileanna teicneolaíochtaí digiteacha a leabú go héifeachtach san fhoghlaim, sa teagasc agus sa mheasúnú.

Cuirtear raon leathan d’acmhainní ar fáil ar an suíomh gréasáin le haghaidh na Pleanála don Fhoghlaim Dhigiteach chun tacú le scoileanna agus iad i mbun an phróisis seo, lena n-áirítear Físeáin Dea-chleachtais agus leagan idirghníomhach den Chreat Foghlama Digití.