Le gné taispeántais na Punainne Digití, léirítear inniúlachtaí, éachtaí agus déantáin scoláirí. Is spás é an taispeántas inar féidir le scoláirí samplaí dá gcuid oibre, idir obair churaclaim agus obair sheach-churaclaim, a thaispeáint. Le Google Workspace for Education, is é Google Sites a úsáidtear go hiondúil mar spás taispeántais.
Tá na físeáin thíos ón Google Teacher Center foirfe lena roinnt le scoláirí agus Google Sites á mhíniú. Tá siad uile an-ghearr agus is iontach an túsphointe iad do mhúinteoirí agus do scoláirí araon.
A luaithe a bheidh máistreacht faighte ag na scoláirí ar na bunghnéithe, b’fhéidir gur mhaith leo taispeántas a bpunainne digití a chur in oiriúint a thuilleadh dóibh féin. Beidh na físeáin seo a leanas úsáideach chun a léiriú cén chaoi ar féidir ardghnéithe a chur leis.
Léirítear san fhíseán seo an bealach ar féidir le scoláirí athbhreithniú a dhéanamh ar athruithe a rinneadh ar a Suíomh roimh dóibh é a fhoilsiú agus chomh maith leis sin, an bealach ar féidir leo athruithe a dhéantar ar a Suíomh a thraiceáil le stair leagain.
Is úsáideach an rud é téacs infhillte a úsáid chun ábhar a chur le leathanach ar shuíomh gréasáin, ar téacs é nach gá a bheith ar taispeáint an t-am ar fad. Léirítear san fhíseán seo cén chaoi boscaí téacs infhillte a chruthú.
Léirítear san fhíseán seo an bealach ar féidir le scoláirí timpeallán íomhánna a chur le leathanach ina bpunann dhigiteach. Is iontach an áis iad timpealláin íomhánna le grianghraif, turais, íomhánna, etc. a roinnt.
Léirítear san fhíseán seo an bealach ar féidir le scoláirí a bpunann dhigiteach a chur in oiriúint dóibh féin le cnaipí nascleanúna ar thrí shlí dhifriúla: tríd an rogha cnaipí a úsáid sa roghchlár ‘Insert’ i Suíomhanna, trí emoji a úsáid nó trí chnaipe a chruthú in Google Drawings.