Pleanáil don Fhoghlaim Dhigiteach

Forbraíodh an Creat Foghlama Digití chun cabhrú le scoileanna teicneolaíochtaí digiteacha a leabú go héifeachtach san fhoghlaim, sa teagasc agus sa mheasúnú.

Cuirtear raon leathan d’acmhainní ar fáil ar an suíomh gréasáin le haghaidh na Pleanála don Fhoghlaim Dhigiteach chun tacú le scoileanna agus iad i mbun an phróisis seo, lena n-áirítear Físeáin Dea-chleachtais agus leagan idirghníomhach den Chreat Foghlama Digití.

Cliceáil ar an íomhá thuas chun rochtain a fháil ar DLplanning.ie/ga/ 

Tógtar an íomhá seo ón suíomh gréasáin um Pleanáil Foghlama Digití ar féidir é a úsáid chun cabhrú le punanna digiteacha a chur i bhfeidhm i do scoil. Aithníonn sé an caighdeán agus na ráitis de chleachtas éifeachtach agus an-éifeachtach a nascann le measúnú foirmitheach trí úsáid a bhaint as punanna digiteacha agus nascann sé le Físeáin Dea-Chleachtais a léiríonn úsáid punanna digiteacha sa seomra ranga.