Sa spás oibre, féadfaidh scoláirí pleananna a dhéanamh, spriocanna a leagan amach, eispéiris foghlama a eagrú in ord ama, comhoibriú lena gcomhscoláirí agus machnamh a dhéanamh ar a gcuid foghlama féin agus ar obair a gcomhscoláirí. Is i spás oibre punainne digití in Google Workspace a dhéanfaidh na scoláirí an chuid is mó den obair laethúil agus tagairt á déanamh acu dá bpunanna digiteacha. Féadfaidh siad formhór na hoibre sin a dhéanamh ar Google Classroom ach bheadh obair eile i gceist chomh maith, ag úsáid Google Docs, Sheets, Slides, srl. Maidir le tascanna a shocrú, measúnú foirmitheach a úsáid, aiseolas éifeachtach a thabhairt agus cumarsáid eile idir na scoláirí agus na múinteoirí, tarlóidh sé sin go léir i spás oibre punainne digití in Classroom.
Tá físeáin teagaisc agus acmhainní eile le haghaidh aipeanna eile de chuid Google Workspace for Education ar fáil ón Google Teacher Center ag na naisc seo a leanas:
Tugtar léargas ginearálta ar Google Classroom sna físeáin thíos ón Google Teacher Center do mhúinteoirí atá díreach ag tosú ar a úsáid lena gcuid scoláirí. Tá gach físeán an-ghearr agus is idéalach an túsphointe do mhúinteoirí é.
Tá bileoga Tús Eolais agus Leideanna le haghaidh Google Classroom is féidir a íoslódáil agus a phriontáil dóibh siúd arbh fhearr leo iad.
Léirítear san fhíseán seo cén chaoi topaicí agus tascanna a chruthú in Google Classroom. Is iontach an bealach é le do chuid tascanna a choinneáil eagraithe, topaicí a chruthú agus is féidir iad a nascadh le sraitheanna nó aonaid sonraíochta nó siollabais, nó is féidir iad a eagrú de réir caibidle, cibé cén rud ab fhearr duit féin agus do do chuid scoláirí.
Tugtar léargas ginearálta san fhíseán seo ar roinnt bealaí ar féidir tasc a chruthú agus léirítear ann freisin an bealach ar féidir tascanna a athshocrú.
Léirítear san fhíseán seo an bealach ar féidir le múinteoirí tascanna a athshocrú agus a ghrádú agus an bealach ar féidir leo aiseolas a chur ar fáil do na scoláirí. Tugtar léargas gairid ginearálta ar an mbanc teachtaireachtaí agus ar na teachtaireachtaí príobháideacha.
Is féidir le múinteoirí tráth na gceist féincheartaitheach a chruthú díreach in Classroom. Mínítear duit an dóigh lena dhéanamh san fhíseán seo
Beidh an leid seo úsáideach do mhúinteoirí atá ag iarraidh am a shábháil orthu féin agus measúnuithe agus topaicí ó bhliain eile a úsáid arís le rang eile.
Léirítear san fhíseán seo an bealach le scoláirí a chur isteach i rang nó cuireadh a thabhairt dóibh teacht isteach i rang. Léirítear freisin an bealach ar féidir le tuismitheoirí/caomhnóirí an t-eolas is déanaí a fháil ar obair a bpáiste.
Léirítear san fhíseán seo cén chaoi ar féidir le múinteoirí Google Forms a úsáid chun a gcuid scoláirí a mheasúnú, chun iad a spreagadh chun machnamh a dhéanamh ar a gcuid foghlama nó mar thicéad imeachta. Is féidir le múinteoirí anailís a dhéanamh ar an eolas chun foghlaim scoláirí a mheasúnú agus teagasc amach anseo a phleanáil.
Is é is aidhm le rúibricí treoir a thabhairt do scoláirí maidir le cáilíocht na hoibre a bhfuiltear ag súil léi uathu agus féadfaidh sé nach gcaithfear an méid céanna ama ar an aiseolas má chuirtear i bhfeidhm iad. Léirítear san fhíseán seo an chaoi ar féidir rúibricí a chur le tascanna in Classroom.
Cuirtear luas le próiseas an aiseolais do mhúinteoirí leis an mbanc teachtaireachtaí in Classroom. Léirítear san fhíseán seo cén chaoi teachtaireachtaí a chur isteach agus cén chaoi an banc teachtaireachtaí a úsáid le linn tascanna a ghrádú.
Is féidir le múinteoirí a n-aiseolas a thaifeadadh dá gcuid scoláirí ag úsáid Screencastify agus is féidir le scoláirí breathnú air sin ansin agus é a úsáid chun a gcuid oibre a fheabhsú. Léirítear san fhíseán seo cén chaoi ar féidir é sin a dhéanamh.
Féadfar na físeáin teagaisc seo a leanas a roinnt le scoláirí chun go dtiocfaidh siad isteach ar phríomhghnéithe Google Classroom.
Maidir le físeáin bhreise ina léirítear do scoláirí cén chaoi ar féidir leo úsáid a bhaint as aipeanna eile de chuid Google Workspace for Education, aipeanna a úsáidtear i spás oibre punainne digití, lena n-áirítear Docs, Drawings, Sheets, Slides, srl., tá siad ar fáil ag an seinnliosta YouTube seo.