Cad is stóras ann in Google Workspace?

Féadfaidh scoláirí a bPunann Dhigiteach a úsáid mar stóras digiteach inar féidir leo samplaí oibre a chruthú agus a bhailiú.  Ní mór go mbeifí in ann ábhar a bhfuiltear ag obair air a stóráil i ngné stórais na punainne digití, ar ábhar é a d’fhéadfadh a bheith ar taispeáint i dtaispeántas na punainne digití níos faide anonn.  


Molaimid Google Drive a úsáid mar stóras má úsáideann do scoil Google Workspace for Education mar ardán cumarsáide/foghlama.  Seo é an áit ar féidir le scoláirí fillteáin agus comhaid a eagrú ar bhealach struchtúrtha chun go mbeidh siad níos eagraithe.  Is sa ‘néal’ a shábháiltear na fillteáin agus na comhaid sin agus ar an gcaoi sin, is féidir le scoláirí rochtain a fháil orthu ón iliomad gléasanna, e.g. ón bhfón cliste, ó tháibléad, nó ó ríomhaire, cibé cén áit a bhfuil siad, sa bhaile nó ar scoil. 

Má tá Google Classroom á úsáid, gintear fillteán ar a dtugtar "Seomra Ranga" go huathoibríoch laistigh de Google Drive de gach mac léinn aonair. 

Físeáin Teagaisc ar Google Drive

San fhíseán gairid seo, tugtar léargas ginearálta ar Google Drive agus míniú ar an gcaoi a n-oibríonn sé.  

Mínítear do scoláirí san fhíseán seo cén chaoi rochtain a fháil ar Google Drive, cén chaoi fillteáin a chruthú agus cén chaoi dath na bhfillteán a athrú chun cabhrú leo a bheith eagraithe.  

Is tábhachtach an rud é go ndéanfaidh scoláirí stóras a bpunainne digití a eagrú chun go mbeidh siad in ann samplaí oibre a aimsiú go tapa agus gan stró.  Mínítear do scoláirí san fhíseán seo cén chaoi fillteáin agus comhaid a eagrú, cén chaoi réiltíní a chur le comhaid agus cén chaoi fillteáin a athainmniú.

Ionas gur féidir le comhscoláirí agus múinteoirí samplaí oibre an scoláire a fheiceáil agus aiseolas a thabhairt ar na samplaí oibre sin, caithfidh scoláirí rochtain ar a gcuid fillteán (nó ar a gcuid comhad) a roinnt.  Léirítear san fhíseán seo cén chaoi ar féidir fillteáin a roinnt le duine eile ar féidir leis nó léi an t-ábhar a fheiceáil nó a chur in eagar.