Nuair a bhíonn measúnú foirmitheach á úsáid tríd punanna digiteacha, tá sé tábhachtach modheolaíochtaí gníomhacha foghlama a neadú i gcomhar leis an teicneolaíocht chun a bheith cinnte go bhfuil na foghlaimeoirí ag plé go bríoch le topaic. Ar an suíomh seo, gheobhaidh tú go leor modhanna foghlama gníomhacha a bhfuil achoimre déanta ó lámhleabhar PDST agus acmhainn Straitéisí Seomra Ranga JCT. Tá go leor áiseanna eile ar fáil, is fiú cliceáil ar na naisc ábhartha. Bígí ag smaoineamh ar na gníomhaíochtaí seo a chomhtháthú le measúnú foirmitheach chun machnamh, obair chomhoibríoch, rannpháirtíocht chriticiúil, smaointeoireacht ardoird agus foghlaim ghníomhach a chur chun cinn.
Smaoinigh. Gabh i mBeirt. Gabh i bPáirt.
Sa ghníomhaíocht seo spreagtar daltaí le bheith ag smaoineamh ar mhórcheist nó ar fhadhb agus a gcuid smaointe a roinnt le daoine eile. Spreagtar iad lena seasamh féin a mhíniú trí shamplaí soiléire a úsáid agus trína gcuid smaointe a chur in iúl go soiléir. Cuireann daltaí lena dtuiscint choincheapúil ar ábhar agus téann siad i dtaithí ar bharúlacha daoine eile a úsáid lena gcuid barúlacha féin a fhorbairt.
Smaoinigh: Tosaíonn na daltaí ag smaoineamh déanann siad a gcuid smaointe ar an cheist a thaifeadadh.
Gabh i mBeirt: Ansin pléann na daltaí a gcuid smaointe le cara agus deanann siad iad a chosaint.
Gabh i bPáirt: D’fhéadfaí am a thabhairt do na daltaí ansin le cur leis an eolas agus leis na barúlacha acu sula gcuirfear i ngrúpaí de cheathrar iad.
Feicim, Ceapaim, Sílim
Úsáidtear an straitéis smaointeoireachta seo chun cabhrú le foghlaimeoirí machnaimh domhain a dhéanamh ar choincheap nua. Luann siad cad a fheiceann siad in íomhá, físeán nó téacs, roinn siad a dtuairimí trí thátail, tuar, nó naisc a dhéanamh agus ansin smaoiníonn siad ar cad a d'fhéadfadh a bheith ag tarlú.
3-2-1
Is féidir an modh 3-2-1 a úsáid mar straitéis chun foghlaimeoirí a spreagadh chun machnamh a dhéanamh ar a gcuid foghlama. Chomh mhaith leis sin is uirlis iontach é chun tuiscint a sheiceáil.
Sampla den straitéis 3-2-1:
3 : Dean taifead ar trí rud a d’fhoghlaim siad ón ghníomhaíocht.
2: Déan taifead ar dhá rud a bhí suimiúil dóibh.
1: Déan taifead ar cheist amháin atá fós acu faoin topaic.
Pirimid Tosaíochta í/ Diamond 9
Glac naoi ráiteas agus iarr ar ghrúpaí foghlaimeoirí iad seo a rangú in ord. Déanann na daltaí na cártaí (nó a gcuid poistíní féin) a mheas, agus socraíonn siad mar ghrúpa ar cé chomh taitneamhach agus atá gach cárta maidir leis an mhórcheist.
Is iad na tosca is tábhachtaí a chuirtear ag barr na pirimide, na tosca is lú tábhacht ag an mbun, srl.
Chun an plé agus an fhoghlaim a mhéadú d’fhéadfaí ocht ráiteas agus cárta bán a thabhairt don ghrúpa dá gcuid féin.
Is féidir níos mó cártaí bána a úsáid de réir an ghrúpa agus/nó an ábhair. Méadaíonn sé seo an próiseas smaointeoireachta agus is féidir é a úsáid mar mhodh idirdhealaithe sa seomra ranga.
Cáirt A-U-F
Tá roinnt cuspóirí leis an straitéis seo: tarraingíonn sí réamheolas ar an téacs, socraíonn sí cuspóir le haghaidh léitheoireachta agus cabhraíonn sí le scoláirí monatóireacht a dhéanamh ar a dtuiscint.
Trí fhios a bheith aige ar shuimeanna agus ar réamheolas scoláirí bíonn an cumas ag an múinteoir tionscadail agus tascanna a chruthú atá dúshlánach agus a mbainfidh scoláirí sult astu. Is uirlis í an chairt A-U-F is féidir a úsáid chun bonn eolais a chur faoin teagasc agus chun foghlai scoláirí a threorú.
Roghnaigh topaic/téacs.
larr ar na scoláirí smaointe a ransú ar fhocail, téamaí nó frásaí atá ar eolas acu agus a nascann siad leis an topaic. Taifeadann na scoláirí iad sin ar cholún A ar an gcairt AUF.
Ansin, fiafraigh de na scoláirí cén rud is mian leo a fhoghlaim faoin topaic.
Taifeadtar é sin sa cholún U. Más ráitis a thugann na scoláirí mar fhreagraí, athraigh iad ina gceisteanna roimh iad a bhreacadh síos i gcolún U.
Le linn dóibh an topaic/téacs a phlé, faigheann na scoláirí freagraí ar na ceisteanna gcolún U. Is féidir le scoláirí na colúin F a chomhlánú le linn nó i ndiaidh dóibh an tasc/topaic a dhéanamh.
Ar deireadh, pléigh an t-eolas atá breactha síos ag na scoláirí i gcolún F.
DÍOSPÓIREACHTAÍ SIÚIL
Tabharfaidh an díospóireacht siúlóide deis do gach foghlaimeoir a dtuairimí a nochtadh ar na saincheisteanna atá á bplé.
1. Cuir na comharthaí "aontaím" agus "easaontaím" ar gach taobh den seomra. Cruinnigh na foghlaimeoirí ar fad i lár an tseomra.
2. Ansin téann na foghlaimeoirí go dtí an taobh is fearr a chuireann in iúl cad é mar a mhothaíonn siad faoin ráiteas. Ba chóir na daltaí a spreagadh gan na daoine eile a leanúint, mar níl freagra ceart nó mícheart ann.
3. Nuair a bhíonn na daltaí ag bogadh, ba chóir dóibh a mhíniú cad chuige a bhfuil siad ag dul chuig an taobh áirithe sin. Tá cead ag daltaí bogadh chuig taobh eile agus na ráitis á bplé, má thagann mórcheist chun tosaigh a thugann orthu athchomhairle a dhéanamh. Má théann daltaí chuig taobh eile, ba chóir dóibh an fáth a mhiniú.
Siúlóid Ghailearaí
Teicníc díospóireachta is ea an tSiúlóid Ghailearaí a thugann deis do na mic léinn dul i mbun rannpháirtíochta gníomhaí. Is féidir Siúlóid Ghailearaí a dhéanamh le ríomhairí ("Rith Ríomhaire"), le píosaí páipéir ar bhoird, nó le cairtpháipéar postáilte. Is féidir é a sceidealú ar feadh cúig nóiméad déag nó ar feadh roinnt tréimhsí ranga. Tugann sé deis do mhúinteoirí chun measúnú a dhéanamh ar doimhneacht thuiscint na scoláirí ar choincheapa agus dúshlán a thabhairt do mhíthuiscintí.
1. Ullmhaíonn an múinteoir roinnt ceisteanna díospóireachta. Téann na daltaí isteach i ngrúpaí de 3-5 duine. Is féidir na ceisteanna tacú le measúnú eolais agus tuisceana nó is féidir leo scileanna smaointeoireachta ardoird a spreagadh ar nós anailís, sintéis agus meastóireacht.