Measúnú a Shainmhíniú

Is próiseas comhoibríoch é measúnú lena mbaineann páistí agus múinteoirí agus, uaireanta, tuismitheoirí agus páirtithe leasmhara eile agus iad ag bailiú, ag taifeadadh, ag léirmhíniú, ag úsáid, agus ag tuairisciú faisnéise i dtaca le dul chun cinn agus gnóthachtáil pháiste ó thaobheolas, coincheapa, inniúlachtaí, scileanna, agus meonta a fhorbairt. 


(NCCA, 2023: P20)

Measúnú i mBunscoileanna agus i Scoileanna Speisialta

Déantar cur síos i gCreatchuraclam na Bunscoile do Bhunscoileanna agus Scoileanna Speisialta (CNCM, 2023) ar an measúnú mar chontanam ó mheasúnú iomasach atá neamhphleanáilte, neamhthaifeadta agus leanúnach (mar shampla breathnóireacht agus ceistiú múinteoirí), ar idirghníomhaíochtaí pleanáilte atá níos feiceálaí (mar shampla, comhdháil múinteoirí le leanaí agus úsáid léarscáileanna coincheapa), chun measúnú a dhéanamh ar imeachtaí atá ar leith,  infheicthe agus taifeadta (mar shampla, trialacha agus tráth na gceist deartha ag an múinteoir, tástálacha diagnóiseacha agus trialacha caighdeánaithe).  

Meastar go bhfuil na trí chineál measúnaithe sin comhlántach.

Tá solúbthacht ag múinteoirí cinneadh a dhéanamh maidir leis na modhanna measúnaithe a úsáideann siad

• eolas ar an rang agus ar a réamhfhoghlaim

• eolas ar an gcuraclam

• eolas oideolaíoch

MEASÚNÚ I MBUNSCOILEANNA


Déantar Measúnú i gCuraclam na Bunscoile: Treoirlínte do Scoileanna (2007) cur síos ar na modhanna éagsúla chun eolas a bhailiú faoi foghlaim páistí agus d’fhonn cuidiú le scoileanna polasaí ar mheasúnú a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm


Rinne CNCM athbhreithniú ar na treoirlínte seo agus foilsíodh treoirlínte nuashonraithe sa bhliain 2017.


Tá measúnú lárnach do gach gné den teagasc agus den fhoghlaim. Baineann sé leis na hidirghníomhaíochtaí laethúla idir an múinteoir agus gach páiste, comhráite, dírbhreathnú agus gníomhartha nóiméad go nóiméad san áireamh. Trí theaglaim de mhodhanna a úsáid, bailíonn an múinteoir eolas faoi dhul chun cinn agus faoi ghnóthachtáil na bpáistí. Bunaithe ar an bhfianaise seo, pleanálann sé/sí an dóigh ar  féidir an tacaíocht is éifeachtúla a thabhairt d’fhoghlaim amach anseo.


An Contanam Measúnaithe Nuashonraithe

Cad is Measúnú Foirmitheach ann?

Is éard is measúnú foirmitheach ann fianaise a lorg agus ciall a bhaint aisti chun gur féidir le scoláirí agus múinteoirí í a úsáid lena oibriú amach cén méid foghlama atá déanta ag foghlaimeoirí, cén méid atá fós le déanamh acu agus cén bealach ab fhearr leis an bhfoghlaim sin a dhéanamh.

(Assessment Reform Group, 2002: P2-3)


Déanann coincheap an mheasúnaithe chun foghlama (McF) acmhainneacht an mheasúnaithe mhúnlaithigh a fhairsingiú. Cuireann sé béim ar ról gníomhach an pháiste ina ról foghlama féin, sa mhéid is go n-aontaíonn an múinteoir agus an páiste faoi na torthaí ba chóir a bheith ar an bhfoghlaim agus faoi na critéir leis an méid ar baineadh amach na torthaí sin a mheas. 


Go bunúsach, cuidíonn McF le páistí agus le múinteoirí díriú ar thrí Phríomhcheist:


Go ginearálta, ní tharlaíonn McF ag deireadh píosa áirithe oibre nó ag deireadh tréimhse áirithe ama. Tarlaíonn sé de ghnáth sna hidirghníomhaíochta ó lá go lá, agus ó nóiméad go nóiméad idir na múinteoirí agus na páistí.

(CNCM, 2007: L9)

Aiseolas Foirmitheach Éifeachtach 

“As na nithe go léir a dhéanaimid dár gcuid scoláirí, níl ní ar bith níos tábhachtaí ná an measúnú a dhéanaimid ar a gcuid oibre agus ar an aiseolas a thugaimid ar an obair sin.

(Race, Brown agus Smith 2005)


Is cuid lárnach den mheasúnú foirmitheach aiseolas foirmitheach éifeachtach a thabhairt agus d’fhéadfadh sé gurbh éifeachtúla do mhúinteoirí punanna digiteacha a úsáid chun an t-aiseolas sin a thabhairt agus gurbh éifeachtúla do scoláirí freagairt don aiseolas céanna. 



Tá an t-aiseolas seo bunaithe ar fhianaise faoin dóigh agus faoin rud a bhíonn i gceist agus na páistí ag foghlaim. Má tá aiseolas bunaithe ar an bhfoghlaim nó ar thasc atá á dhéanamh, d’fhéadfaí go gcuideoidh seo leis na páistí an méid dul chun cinn atá déanta acu agus a ngnóthachtáil a shainaithint agus a cheiliúradh, dúshláin a bhíonn os a gcomhair a aithint agus cinneadh a dhéanamh ar na céad chéimeanna eile ba chóir a ghlacadh. Má bhíonn an bhaint seo acu le múnlú a gcuid foghlama féin, d’fhéadfaí go méadóidh leibhéal feasachta na bpáistí fúthu féin mar fhoghlaimeoirí agus d’fhéadfaí go spreagfar iad le níos mó freagrachta pearsanta a ghlacadh as a bhfoghlaim féin agus lena bheith bródúil as a bhfoghlaim féin.


(CNCM, 2007: L9)

Measúnú Punainne

Is éard is fillteán tionscadail ann ná bailiúchán d’obair an pháiste, a léiríonn a f(h)oghlaim agus a f(h)orbairt thar thréimhse ama. D’fhéadfaí go gcuireann sé fianaise ar fáil faoin dul chun cinn i réimse curaclaim, in ábhar, i snáithe, nó ar fud roinnt acu seo, agus a bhfuil  topaic nó téama mar fhócas aige.

(NCCA, 2007: L30)


Dar le CNCM, tá cineálacha difriúla measúnaithe ann agus is féidir iad a úsáid ar bhealaí éagsúla. Léirítear é sin ina gcontanam measúnaithe ina moltar réimse de mhodhanna measúnaithe a d’fhéadfadh múinteoirí a úsáid sa seomra ranga. Tugtar breac-chuntas ar ocht modh measúnaithe atá mar chuid de Chontanam a chuirtear i láthair ar leathanach 13 de Mheasúnú i gCuraclam na Bunscoile: Treoirlínte do scoileanna (2007) Ar na modhanna atá san áireamh, tá breathnú agus ceistiú mar chuid den teagasc agus foghlaim laethúil, tástálacha níos foirmeálta níos struchtúrtha a dhearann na múinteoirí, tástálacha caighdeánaithe, punanna agus féinmheasúnú scoláirí.