Cad é an Taispeántas in Office 365?
Le gné taispeántais na Punainne Digití, léirítear inniúlachtaí, éachtaí agus déantáin scoláirí. Is spás é an taispeántas inar féidir le scoláirí samplaí dá gcuid oibre, idir obair churaclaim agus obair sheach-churaclaim, a thaispeáint. In Office 365, is é OneNote a úsáidtear go hiondúil mar spás taispeántais. Is féidir Sway a úsáid mar thaispeántas freisin, de rogha air sin.
Físeáin Teagaisc ar One Note
Físeáin Teagaisc ar Sway
Tús eolais ar Sway
Tugtar léargas ginearálta san fhíseán seo ar Sway agus tugtar míniú ar an gcaoi ar féidir é a úsáid i réimse an oideachais.
Sway a úsáid
San fhíseán níos faide seo, tá léargas níos mionsonraithe ar an gcaoi le Sway a úsáid.
Cáipéis Word a fhoilsiú in Sway
Is féidir le scoláirí Sway a chruthú ó cháipéis Word ach cúpla clic a dhéanamh.
Sampla de Phunann Dhigiteach ag úsáid Sway
Léirítear sampla de thaispeántas punainne digití a cruthaíodh le Sway san fhíseán seo.