Tumoideachais
Cad é an tumoideachas sa Ghaeilge?
Ciallaíonn tumoideachas go mbeidh timpeallacht foghlama, teagaisc agus chumarsáide an pháiste á cur ar fáil trí Ghaeilge ag an scoil. Déanfaidh an scoil freastal ar riachtanais fhoghlama chainteoirí dúchais Gaeilge agus páistí nach cainteoirí dúchais iad.
Céard iad na buanna a bhaineann leis an tumoideachas sa Ghaeilge?
• Cuireann an fhoghlaim trí mheán na Gaeilge deis ar leith ar fáil do dhaltaí an fhoghlaim agus an dul chun cinn a shaibhriú ar mhórán bealaí.
• Tugtar deis leis an tumoideachas do chainteoirí dúchais a gcuid scileanna teanga sa Ghaeilge a shaibhriú. Tugtar deis fosta do na foghlaimeoirí nach bhfuil ina gcainteoirí dúchais iad féin a thumadh sa Ghaeilge.
• Tacaíonn an tumoideachas sa Ghaeilge le sealbhú agus saibhriú teanga an pháiste agus, dá réir sin, le forbairt inniúlachta an pháiste chun teangacha eile a fhoghlaim.
• Aithnítear gurb é an tumoideachas an córas is éifeachtaí chun an Ghaeilge a mhúineadh agus a shealbhú i suíomh scolaíochta.
• Déanann an tumoideachas freastal cuí ar an bpáiste arb í an Ghaeilge a theanga dhúchais agus ar fhoghlaimeoirí na teanga chomh maith.
![](https://www.google.com/images/icons/product/drive-32.png)

Tuilleadh Eolais
Nascanna chuig Teagasc & Foghlaim