Buíochas le Maghery Coastal Adventures
Spórt, Spraoi agus foghlaim le Karen Murphy
Buíochas le Maghery Coastal Adventures
Clár na hIdirbhliana
Tá Clár na hIdirbhliana iontach rathúil agus gníomhach i nGairmscoil Chú Uladh. Tá muid an-bhródúil as an réimse cuimsitheach agus leathan ábhair, cúrsaí agus modúil atá ar fáil do dhaltaí na hIdirbhliana. Faigheann ár gcuid daltaí a lán deiseanna chun a scileanna sóisialta, pearsanta agsu féinmhuinín a fhorbairt. Tá muid páirteach i Scéim Deontas Cholmcille agus an Clár Erasmus +
Aidhmeanna ár gClár
Cuidiú le daltaí aistriú go furasta ón tSraith Sóisearach go dtí an Sraith Sinsearach.
Cuidiú le daltaí cinneadh níos fearr a dhéanamh maidir leis na roghanna oideachasúla atá rompu (ábhair Ardteiste a roghnú, mar shampla)
Daltaí a ullmhú don saol oibre agus saol an oideachais triú leibhéal.
Féin-mhuinín agus aibíocht a chothú ins na daltaí.
Deis a thabhairt do scoláirí a gcuid scileanna cumarsáide, scileanna idir phearsanta, scileanna pleanála agus eagrú agus scileanna obair foirne a fhorbairt agus a neartú.
Tuiscint níos fearr a bheith ag daltaí ar an sochaí agus domhan mórthimpeall orthu.
Cuidiú le daltaí a bpearsantacht neamhspléach a fhorbairt.
Deis ag daltaí suimeanna pearsanta a leanúint.
Modúil agus Cúrsaí
Dramaíocht
Modúil Ealaíne - fíodóireacht, péintéireacht ar chanbhás
Taithí Oibre
Garchabhar
Códáil
Gairneoireacht
Mion-chuideachta
Modúil Gaidhlige
Modúil Forbairt Foirne
Clár Architects in Schools
Clár DICE i gcomhair le hInstitiúid Theicneolaíochta Leitir Ceanainn
Clár Colmcille agus nasc le Albain
Clár Erasmus+
Modúil Cóitseáil Saoil
Live Life to the Full
Teanga Chomharthaíochta
Gaisce
Cúrsa déanamh cartúin
Leadóg
Dornalaíocht Cos
Geailearaí