Scéim na gCúntóirí Teanga

Ról an Chúntóra Teanga.pdf
Leabhrán_Téarmaí_20220905111545621.pdf

Ról an Chúntóra Teanga

Ról an Chúntóra – Ceisteanna Coitianta 

1. Cén chaoi a dtacaíonn an Cúntóir leis na daltaí/scoláirí sa seomra ranga? 

1.1. Den chuid is mó, tá sé i gceist go mbeadh an cúntóir teanga ag obair lámh ar lámh leis an múinteoir ranga (bunscoileanna) nó an múinteoir ábhar (iarbhunscoileanna), agus leis an múinteoir tacaíochta don Ghaeilge de réir mar is cuí chun tacú leis na spriocanna teanga agus na torthaí foghlama atá le baint amach. 

1.2. I mbunscoileanna, ba cheart go mbeadh an cúntóir teanga in ann tacaíochtaí breise a thabhairt do na daltaí/scoláirí atá aitheanta faoi threoir an phríomhoide, an mhúinteora ranga agus i gcomhairle leis an múinteoir tacaíochta don Ghaeilge. 

1.3. D’fhéadfadh an cúntóir teanga tacú leis an múinteoir ranga/múinteoir ábhar deiseanna a sholáthar d’fhoghlaimeoirí ar bhonn scoile uile trí dhrámaíocht, agallamh beirte, lúibíní, díospóireachtaí, scéalaíocht, filíocht agus trí threisiú na nealaíona dúchais go ginearálta 

1.4. Tá ról tábhachtach ag an gcúntóir teanga chun tacaíocht a thabhairt d’úsáid na Gaeilge sa scoil agus tacú le saibhriú scileanna cumarsáide agus forbairt foclóra na gcainteoirí dúchais agus foghlaimeoirí araon tríd an scéalaíocht, rímeanna, rainn, nathanna cainte saibhre, drámaí beaga agus cluichí teanga a imirt. 

1.5. Tá ról tábhachtach ag an gcúntóir teanga freisin:  tacú le daltaí/scoláirí atá ar bheagán Gaeilge i gcomhar leis an múinteoir ranga agus an múinteoir tacaíochta don Ghaeilge  bealaí a aontú leis an múinteoir ranga chun tuairisciú ar dhul chun cinn na ndaltaí/scoláirí nó ar aon sainriachtanais teanga a thugtar faoi deara. 

1.6. D’fhéadfadh an cúntóir teanga suim na dtuismitheoirí a spreagadh i saibhriú Ghaeilge a bpáistí trí labhairt leo faoina c(h)uid oibre féin. 

Tuilleadh Eolais

Acmhainní Teagaisc