Ceol & Drámaíocht
HIGHSCHOOL MUSICAL
2023
Tá béim iontach láidir ar an cheol agus ar an drámaíocht i nGairmscoil Chú Uladh. Tugann muid gach deis dár scoláirí bheith páirteach i réimse leathan imeachtaí ceoil agus drámaíochta. Tá cór scoile láidir againn agus bíonn deiseanna acu bheith ag ceol ag ócáidí scoile ar nós ár Lá Aitheantais agus go cinnte ag am na Nollag ag an Seirbhís Aidbhinte. Is minic a bhíonn cór na scoile le cloisteáil ar Raidió na Gaeltachta agus ar Highland Radio.
Tá a lán de na ceoldrámaí cáiliúla curtha ar an ardán againn - Grease, Hairspray, Oklahoma, Take a Chance on Me. Cuireadh Annie ar siúl in amharclann an Bhalor ar an 19ú & 20ú Bealtaine 2022. Comhghairdeas mór le rang na hIdirbhliana agus an Múinteoir Nic Ruairí. Rinneadh éacht mhór na línte uilig a fhoghlaim agus go háirithe na hamhráin uilig a chanadh trí ghaeilge den chéad uair ag ár scolairí.
Glacann an scoil páirt i gcomórtaisí éagsúla ceoil - Scléip agus Scór ina measc.
Annie 2022