Cuimsíonn barrfeabhais san oideachas:
• Torthaí, áit a gcuirtear ar chumas gach ball de phobal na scoile a lánacmhainneacht a bhaint amach;
• Eispéiris, áit a ndéantar an soláthar a oiriúnú do scileanna agus riachtanais aonair, agus timpeallacht dhearfach a chuireann sábháilteacht agus tacaíocht ar fáil agus a spreagann iniúchadh agus rioscaí a ghlacadh san fhoghlaim;
• Ionchais, áit a gcomhoibríonn gach ball de phobal na scoile, a imríonn a róil chomh maith agus is féidir leo, agus a spreagtar chun foghlaim ar bhealaí éagsúla; agus cultúir scoile, áit a gcuirtear croíluachanna an chúraim, an mheasa, an phobail agus an chomhionannais chun cinn.
• gnéithe intleachtúla, spioradálta, fisiciúla, sóisialta agus morálta chéannacht na ndaltaí.
Sainmhíniú: I scoil ETB, baineann cúram le leas, folláine agus sábháilteacht gach ball de phobal na scoile.
Léirítear é i gcaidrimh bhríocha, i nascacht agus i gcomhbhá, chomh maith le tacaíocht agus dlúthpháirtíocht.
Sainmhíniú: I scoil ETB, baineann comhionannas le gach ball de phobal na scoile a chóireáil go cothrom agus éagsúlacht agus dínit na mball seo a aithint agus a cheiliúradh. Léirítear é seo trí acmhainní a dhíriú ar na daoine a bhfuil gá acu leo, agus tús áite a thabhairt do chultúr cuimsitheachta.
Definition: In an ETB school, community encompasses students, staff, parents and the local community. It is about having
shared vision, values and purpose, a sense of belonging, and a voice that is listened to. It is exemplified in productive
collaboration, positive contributions, and effective communication across all members of the school community.
Sainmhíniú: I scoil ETB, is éard atá i gceist le meas ná dínit, cearta agus aitheantas céannachta agus chúlra gach ball de phobal na scoile a choinneáil slán. Léirítear é seo i gcaidrimh idir gach ball de phobal na scoile, agus i gcinnteoireacht a mbíonn tionchar dearfach aici ar chearta, mothúcháin agus mianta na héagsúlachta daoine laistigh de phobal na scoile.