Fáiltiú on bPríomhoide

Fáilte romhaibh chuig suíomh Ghréasáin Ghairmscoil Chú Uladh sa Ghaeltacht Láir i gCondae Dhún na nGall. Tá súil agam go bhfaighidh sibh eolas chruinn ón tsuíomh seo faoin tsaoil atá ag ár scolairí anseo i nGairmsocil Chú Uladh. Gheobhaidh tú eolas anseo ar ghníomhaíochtaí, polasaithe agus curaclam na scoile chomh maith le dearcadh faoi ár bpobal scoile. Tá eolas anseo chomh maith ag ceiliúradh éachtaí ár ndaltaí agus líon na heachtraí seach churaclam idir láimhe acu.

Bunaíodh Gairmscoil Chú Uladh sa bhliain1982 agus tá traidisiún bródúil againn oideachas trí mheán na Gaeilge a sholáthar do scoláirí an Ghaeltacht Láir agus na ceantair maguaird i gCondae Dhún na nGall.

Mar scoil a fheidhmíonn faoi an Bhord Oideachas Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall cuireann muid oideachas den scoth ar fáil dár scolairí. 

Cuireann muid béim laidir ar raon leathan gníomhaíochtaí seach-churaclaim, ag creidiúint go ndéantar an fhoghlaim laistigh agus lasmuigh den seomra ranga. Is é an fís ar leith atá againn ná grá agus dílseacht don Ghaeilge agus don chultúr Gaelach a chothú inár ndaltaí. Táimid bródúil as ár n-oidhreacht i nGairmscoil Chú Uladh rud a neartaíodh i 2018 nuair a chláraigh an scoil ar an Scéim Aitheantais mar scoil Ghaelachta agus dhírigh muid go hiomlán leis an tum-oideachas. 

Cuireann ár bhfoireann thiomnaithe an dalta i gcroílár ár gcuid oibre agus cuireann muid an-bhéim ar chúram tréadach agus aire a thabhairt do gach dalta mar dhuine aonair.