World Wise Global Schools

Tá an scoil páirteach sa chlár ‘Worldwise Global Schools’ agus iarrachtaí déanta againn tuiscint níos fearr a thabhairt do na daltaí ar an domhain ina bhfuil muid inár gcónaí. Tá béim ar an tábhacht atá leis na roghanna cearta a dhéanamh le gníomhú go heiticiúil, an tábhacht atá leis an timpeallacht agus forbairt inbhuanaithe agus an tionchar atá againn mar saoránaigh domhanda ar an domhain ina bhfuil muid inár gcónaí.

 

Tá a lán tionscnaimh difriúla idir lámha againn – taighde ar ábhar athchúrsáilte, tionscnaimh ealaíne bunaithe ar ábhar athúsáide, plandáil crainn, bláthanna agus glasraí.  Tá teach gloine nua againn sa scoil agus a lán obair ar siúl ag daltaí na hIdirbhliana agus Clár Scoile an Teastas Shóisearaigh.


Teach Gloine

Tógadh Teach Gloine sa scoil ag tús na bliana chun follaíne na ndaltaí agus ceisteanna timpeallachta agus inbhunaitheacha a chur chun cinn sa scoil. Chruthaigh daltaí adhmadóireachta na Dara Bliana plean deartha agus chuir siad seilfeanna le chéile. Míle buíochas le gach duine a bhí páirteach agus go háirithe na Múintoeirí ó Mainín agus Uí Ghiolla Easbuig a bhí i bhfeighil