Tacaíocht Scolairí
Tacaíocht scolairí
Tá cúram ár ndaltaí ina pháirt lárnach do mhisean na scoile. Is í ár n-aidhm go mbeidh daltaí ábalta foghlaim go h-éifeachtach i dtimpeallacht scoile ina dtugtar cúram agus aire dóibh. Tá foireann tacaíochta scolairí againn sa scoil a chuireann na tacaíochtaí cuí ar fáil do dhaltaí nuair atá deacarachtaí acu.
Modhanna Athchóirithe
Tá córas iompar na scoile bunaithe ar fealsúnacht agus cleachtas Modhanna Athchóirithe. Cuireann Modhanna Athchóirithe béim ar an tábhacht a bhaineann le freagracht a ghlacadh don dochar agus an gortú a dhéantar i gcásanna mí-iompar nó achrann. Is í an aidhm atá le Modhanna Athchóirithe ná caidhrimh a thógáil, a chothú agus a athchóiriú idir baill uilig de phobal na scoile.
Foireann Tacaíocht Scolairí 2022-23
Ciarán Mac Ruaidhrí Príomhoide
Aoife DeNáis Príomhoide Tánaisteach
Helen Uí Mhordha Múinteoir Eacnamaíocht Bhaile & Folláine
Gosia Wozniak Múinteoir Fraincíse & Folláine
Fionnuala Amrein Teahmgáilí Baile Scoile & Pobal

