Gaeilge
Sampla de ghiota leanúnach scríbhneoireachta
Gaeilge
Sampla de ghiota leanúnach scríbhneoireachta
1.2 Maidir lena n-áit chónaithe, beidh tuiscint ag na scoláirí ar théacsanna scríofa a bheidh ag teacht go dlúth lena gcuid taithí agus spéise agus a bheidh grádaithe dá réir (m.sh. ailt irise nó nuachtáin; giotaí as téacsanna pearsanta; dialanna, srl. Beidh na feidhmeanna seo a leanas in úsáíd:
Cuir síos a thabhairt
Tuairimí a nochtadh
Comhairle a thabhairt
Cruthaigh cuir síos digiteach ag úsáid príomhghnéithe na gcineálacha téacs áititheach (Seánra)
Roinnfear agus pléifear na critéir ratha seo a leanas leis na scoláirí
Déan cur síos ar 5 ghné thaitneamhach áitiúil do chuairteoirí
Cuir íomhánna san áireamh (íomhánna nó físeán a ghlac tú féín)
Cuir teanga thuairisciúil i bhfeidhm agus tabhair do thuairim
Bainfear úsáid as Google Classroom chun scoláírí a stiúradh trí mheasúnú foirmitheach. Sa sampla seo déanfar na critéir ratha a roinnt in éineacht leis an tasc, rud a ligeann do scoláirí a fheiceáil go soiléir cad atá ag teastáil uathu chun an tasc seo a bhaint amach. Bainfear úsáid as cuir i láthair ar dtús agus ansin tá an rogha ag an scoláire taifead a dhéanamh agus físeán a chruthú ar cibé ardán a oireann dóibh.
Is é a bhíonn i gceist le haiseolas a rá le scoláirí cad é a rinne siad go maith agus cad é a chaithfidh siad a dhéanamh chun feabhsú níos mó. Cuimsíonn sé freisin a chur i gcuimhne do scoláirí cad é a bhí siad ag iarraidh a bhaint amach (na hintinní foghlama). Sa deireadh, tugtar aiseolas ardchaighdeáin i gcónaí le taobh critéir shoiléire agus aontaithe ratha. (CNCM
Sa sampla thíos, feictear an t-aiseolas ón múinteoir i bhfoirm "Comment" Tá siad nasctha leis na critéír ratha amháin chun deis a thabhairt do na scoláirí machnamh a dhéanamh ar a gcuid foghlama.