Foghlaim Feabhsaithe Teicneolaíochta (FFT) 

i nGaelcholáiste Luimnigh

Technology Enhanced Learning (TEL) in Gaelcholáiste Luimnigh

3 Deireadh Fómhair, 2023 - Preasráiteas


Tá áthas ar Ghaelcholáiste Luimnigh a fhógairt go bhfuil sé aitheanta mar Apple Distinguished School don téarma cláir 2023-2026. Roghnaíodh Gaelcholáiste Luimnigh don ghradam seo bunaithe ar a thiomantas do nuálaíocht leanúnach san oideachas agus táirgí Apple a úsáid chun cleachtais foghlama den scoth a chruthú. Tá Gaelcholáiste Luimnigh chun tosaigh in Éirinn  thaobh úsáid icneolaíocht san fhoghlaim ó ghnóthaigh siad a chéad cheann de thrí ghradam ADS. Ba iad GCL an chéad iar-bhunscoil in Éirinn a bhain an stádas sin amach i 2017.


“I nGaelcholáiste Luimnigh tá sé mar aidhm againn scoláirí a spreagadh chun ceannaireacht, foghlaim, agus iarracht a dhéanamh rath a bhaint amach i ndomhan atá de shíor ag athrú. Tá siad nuálaíoch, dúshlánach agus ag feabhsú go leanúnach iad féin chomh maith leis an tsochaí agus a dtimpeallacht níos leithne. Is í an teicneolaíocht, inár scoil, an bonn agus an scafall a thacaíonn agus a chumasaíonn ár scoláirí on teorainn a d’fhéadfadh a bheith rompu a bhrú le hathléimneacht agus bród astu féin agus a bpobal scoile.” Kevin Ó Raghallaigh (Príomhoide)


Aithnítear Apple Distinguished School mar chuid de na scoileanna is nuálaí ar domhan. Is ionaid cheannaireachta agus sármhaitheasa oideachais iad, a bhfuil fís shoiléir acu maidir leis an gcaoi a dtacaíonn timpeallachtaí atá saibhir i dteicneolaíocht le spriocanna foghlama. In Apple Distinguished School, oibríonn ceannairí atá ag smaoineamh chun cinn agus a bpobail chun teagasc agus foghlaim a spreagadh, a shamhlú agus dul i bhfeidhm orthu, agus tá torthaí na héachtaí acadúla doiciméadaithe acu.


Tá scoileanna ar fud an domhain ag baint úsáide as iPad agus Mac chun an fhoghlaim a athrú ó bhonn. De réir mar a shníomhann múinteoirí an teicneolaíocht ina gcuid ceachtanna, cuireann siad ar chumas na scoláirí bheith i gceannas, ag foghlaim agus ag dul chun cinn, chun deiseanna nua a aimsiú agus chun feabhas a chur ar a saolta.

I nGaelcholáiste Luimnigh cothaímid grá don fhoghlaim trí thimpeallacht atá deartha dá réir. Tugaimid tús áite d’atmaisféar bríomhar a chruthú a spreagann fiosracht agus rannpháirtíocht. Is mór ag an scoil a bheith ag plé le teicneolaíochtaí idirghníomhacha, ag cur uirlisí nuálaíocha ar fáil do scoláirí le haghaidh taiscéalaíochta agus cruthaitheachta. Spreagann spásanna comhoibríocha obair foirne agus piarfhoghlaim, rud a chothaíonn pobal. Comhtháthaíonn an curaclam feidhmchláir fhíorshaolacha, ionas go bhfuil foghlaim ábhartha agus bríoch ar siúl. Feidhmíonn múinteoirí mar éascaitheoirí, ag treorú scoláirí ar thurais phearsantaithe foghlama. Déanann Gaelcholáiste Luimnigh ceiliúradh ar an éagsúlacht, ag cothú timpeallacht chuimsitheach agus thacúil. Trí thimpeallacht spreagúil, teicneolaíochtaí nua-aimseartha, cur chuige scoláirí lárnach, agus muintearas, cothaíonn an scoil paisean don fhoghlaim don saol mór.

Tugann Gaelcholáiste Luimnigh cumhacht do scoláirít trí úinéireacht a thabhairt dóibh thar a gcuid foghlama. Is mór ag an scoil guth an scoláire, agus bíonn baint ghníomhach ag na scoláirí sna próisis chinnteoireachta. Spreagtar na scoláirí chun a dtuairimí a chur in iúl, smaointe a thabhairt agus a dtaithí oideachais a mhúnlú. Aithníonn an scoil go bhfuil gach scoláire éagsúil, agus mar sin go ndéanann siad roghanna maidir lena dturais foghlama. Glacaimid le Dearadh Uilíoch don Fhoghlaim (UDL) agus cuireann sé seo deiseanna ar fáil chun ábhair, tionscadail, aipeanna agus modhanna foghlama a roghnú a thagann lena gcuid spéiseanna agus spriocanna. Trí neamhspleáchas, guth agus rogha a chur ar fáil, cothaíonn Gaelcholáiste Luimnigh úinéireacht agus freagracht, rud a chumasaíonn scoláiríe  bheith ina rannpháirtithe gníomhacha ina gcuid oideachais

I nGaelcholáiste Luimnigh cothaímid pobal do chách fad is a soláthraíonn sé deiseanna fáis do gach dalta. Cothaíonn an scoil timpeallacht chuimsitheach a cheiliúrann an éagsúlacht agus a léiríonn meas ar fhéiniúlachtaí éagsúla gach duine. Cuireann Gaelcholáiste Luimnigh gníomhaíochtaí seach-churaclaim, clubanna agus deiseanna ceannaireachta ar fáil a fhreastalaíonn ar spéiseanna, buanna agus mianta éagsúla. Tugaimid tús áite don muintearas a chothú, ag cinntiú go mothaíonn gach scoláirí go bhfuil luach agus tacaíocht aige. Trí dhúshlán a thabhairt do claontachtaí, deiseanna fáis a sholáthar, agus cuimsitheacht a chur chun cinn, cuireann an scoil ar chumas na mac léinn a bheith rathúil agus cur go dearfach leis an tsochaí.

Click below for descriptions, videos and interviews with GCL Stakeholders in Gaelcholáiste relating to Learning with Technology in GCL.

Apple Distinguished School 2019 - 2022

ADS 2017 - 2019

Link to interactive Book on the Apple Bookstore


ADS 2019 - 2022

Link to interactive Book on the Apple Bookstore

Snapshots of Learning in Gaelcholáiste Luimnigh 2017 - 2021

Introduction to GCL 

ADS opening clip

Most Innovative use of Zoom in GCL

2020

Safer Internet Day 

2020

Safer Internet Day 

2019

Ag Foghlaim i GCL

2018

Reflecting on Remote Learning