Treoracha Tús Eolais

Is ardán foghlama é Seesaw is féidir a úsáid le haghaidh Punanna Digiteacha. Ligeann Seesaw duit samplaí oibre daltaí a bhailiú i bhfoirm íomhánna, físeáin agus taifeadtaí gutha agus is féidir iad a úsáid freisin mar spás oibre ina gcríochnaíonn daltaí gníomhaíochtaí atá leagtha síos ag an múinteoir. Is féidir fillteáin a chruthú chun samplaí oibre na ndaltaí a eagrú. Is féidir aiseolas a fhágáil do dhaltaí i bhfoirm tuairimí gutha agus tuairimí clóscríofa. Go ginearálta, tá Seesaw oiriúnach le húsáid ag gach leibhéal ranga. 

Gnéithe na bPunann Digiteach ag úsáid Seesaw

Chun tuilleadh eolais a fháil ar gach ceann de na gnéithe de phunann dhigiteach a úsáid le do chuid scoláirí ag úsáid Seesaw, cliceáil ar na físeáin thíos.

Cainéal YouTube Seesaw

Ar chainéal YouTube Seesaw, tiocfaidh tú ar go leor físeán eolais agus físeán teagaisc do theaghlaigh, scoláirí agus múinteoirí, chomh maith le smaointe le haghaidh Seesaw a úsáid sa seomra ranga.