Féadfaidh scoláirí a bPunann Dhigiteach a úsáid mar stóras digiteach inar féidir leo samplaí oibre a chruthú agus a bhailiú. Ní mór go mbeifí in ann ábhar a bhfuiltear ag obair air a stóráil i ngné stórais na punainne digití, ar ábhar é a d’fhéadfadh a bheith ar taispeáint i dtaispeántas na punainne digití níos faide anonn.
Molaimid Google Drive a úsáid mar stóras má úsáideann do scoil Google Workspace for Education mar ardán cumarsáide/foghlama. Seo é an áit ar féidir le scoláirí fillteáin agus comhaid a eagrú ar bhealach struchtúrtha chun go mbeidh siad níos eagraithe. Is sa ‘néal’ a shábháiltear na fillteáin agus na comhaid sin agus ar an gcaoi sin, is féidir le scoláirí rochtain a fháil orthu ón iliomad gléasanna, e.g. ón bhfón cliste, ó tháibléad, nó ó ríomhaire, cibé cén áit a bhfuil siad, sa bhaile nó ar scoil.
Má tá Google Classroom á úsáid, gintear fillteán ar a dtugtar "Seomra Ranga" go huathoibríoch laistigh de Google Drive de gach mac léinn aonair.
San fhíseán gairid seo, tugtar léargas ginearálta ar Google Drive agus míniú ar an gcaoi a n-oibríonn sé.
Mínítear do scoláirí san fhíseán seo cén chaoi rochtain a fháil ar Google Drive, cén chaoi fillteáin a chruthú agus cén chaoi dath na bhfillteán a athrú chun cabhrú leo a bheith eagraithe.
Is tábhachtach an rud é go ndéanfaidh scoláirí stóras a bpunainne digití a eagrú chun go mbeidh siad in ann samplaí oibre a aimsiú go tapa agus gan stró. Mínítear do scoláirí san fhíseán seo cén chaoi fillteáin agus comhaid a eagrú, cén chaoi réiltíní a chur le comhaid agus cén chaoi fillteáin a athainmniú.
Ionas gur féidir le comhscoláirí agus múinteoirí samplaí oibre an scoláire a fheiceáil agus aiseolas a thabhairt ar na samplaí oibre sin, caithfidh scoláirí rochtain ar a gcuid fillteán (nó ar a gcuid comhad) a roinnt. Léirítear san fhíseán seo cén chaoi ar féidir fillteáin a roinnt le duine eile ar féidir leis nó léi an t-ábhar a fheiceáil nó a chur in eagar.