Conas Google Workspace for Education a úsáid mar spás oibre
Sa spás oibre, féadfaidh scoláirí pleananna a dhéanamh, spriocanna a leagan amach, eispéiris foghlama a eagrú in ord ama, comhoibriú lena gcomhscoláirí agus machnamh a dhéanamh ar a gcuid foghlama féin agus ar obair a gcomhscoláirí. Is i spás oibre punainne digití in Google Workspace a dhéanfaidh na scoláirí an chuid is mó den obair laethúil agus tagairt á déanamh acu dá bpunanna digiteacha. Féadfaidh siad formhór na hoibre sin a dhéanamh ar Google Classroom ach bheadh obair eile i gceist chomh maith, ag úsáid Google Docs, Sheets, Slides, Jamboard, etc. Maidir le tascanna a shocrú, measúnú foirmitheach a úsáid, aiseolas éifeachtach a thabhairt agus cumarsáid eile idir na scoláirí agus na múinteoirí, tarlóidh sé sin go léir i spás oibre punainne digití in Classroom.
Tá físeáin teagaisc agus acmhainní eile le haghaidh aipeanna eile de chuid Google Workspace for Education ar fáil ón Google Teacher Center ag na naisc seo a leanas:
Físeáin teagaisc Google Classroom do mhúinteoirí
Tugtar léargas ginearálta ar Google Classroom sna físeáin thíos ón Google Teacher Center do mhúinteoirí atá díreach ag tosú ar a úsáid lena gcuid scoláirí. Tá gach físeán an-ghearr agus is idéalach an túsphointe do mhúinteoirí é.
Tá bileoga Tús Eolais agus Leideanna le haghaidh Google Classroom is féidir a íoslódáil agus a phriontáil dóibh siúd arbh fhearr leo iad.
![](https://www.google.com/images/icons/product/drive-32.png)
Cad is Google Classroom ann?
![](https://www.google.com/images/icons/product/drive-32.png)
Rochtain a fháil ar Google Classroom
![](https://www.google.com/images/icons/product/drive-32.png)
Scoláirí a chur le rang
![](https://www.google.com/images/icons/product/drive-32.png)
Ag breathnú ar an leathanach Stream
![](https://www.google.com/images/icons/product/drive-32.png)
Ag breathnú ar an leathanach Classwork
![](https://www.google.com/images/icons/product/drive-32.png)
Ag breathnú ar an leathanach People
![](https://www.google.com/images/icons/product/drive-32.png)
Tascanna a chruthú
![](https://www.google.com/images/icons/product/drive-32.png)
Aiseolas agus gráid a chur ar fáil
Ardfhíseáin Teagaisc ar Google Classroom
A luaithe a bheidh máistreacht faighte agat ar bhunghnéithe Google Classroom, d’fhéadfadh sé gur mhaith leat an taithí agus na scileanna atá agat cheana féin a fhorbairt tuilleadh agus measúnú foirmitheach a dhéanamh ar do chuid scoláirí. Sna físeáin seo a leanas, feicfidh tú roinnt smaointe breise agus leideanna chun am a shábháil.
Topaicí agus tascanna a chruthú
Léirítear san fhíseán seo cén chaoi topaicí agus tascanna a chruthú in Google Classroom. Is iontach an bealach é le do chuid tascanna a choinneáil eagraithe, topaicí a chruthú agus is féidir iad a nascadh le sraitheanna nó aonaid sonraíochta nó siollabais, nó is féidir iad a eagrú de réir caibidle, cibé cén rud ab fhearr duit féin agus do do chuid scoláirí.
Tascanna a chruthú
Tugtar léargas ginearálta san fhíseán seo ar roinnt bealaí ar féidir tasc a chruthú agus léirítear ann freisin an bealach ar féidir tascanna a athshocrú.
An ‘Grading Tool’ a úsáid in Classroom
Léirítear san fhíseán seo an bealach ar féidir le múinteoirí tascanna a athshocrú agus a ghrádú agus an bealach ar féidir leo aiseolas a chur ar fáil do na scoláirí. Tugtar léargas gairid ginearálta ar an mbanc teachtaireachtaí agus ar na teachtaireachtaí príobháideacha.
Tráth na gceist a chruthú in Classroom
Is féidir le múinteoirí tráth na gceist féincheartaitheach a chruthú díreach in Classroom. Mínítear duit an dóigh lena dhéanamh san fhíseán seo
Cén chaoi cúrsa a chóipeáil in Classroom
Beidh an leid seo úsáideach do mhúinteoirí atá ag iarraidh am a shábháil orthu féin agus measúnuithe agus topaicí ó bhliain eile a úsáid arís le rang eile.
Scoláirí agus caomhnóirí a thabhairt isteach in Classroom
Léirítear san fhíseán seo an bealach le scoláirí a chur isteach i rang nó cuireadh a thabhairt dóibh teacht isteach i rang. Léirítear freisin an bealach ar féidir le tuismitheoirí/caomhnóirí an t-eolas is déanaí a fháil ar obair a bpáiste.
Google Forms a úsáid
Léirítear san fhíseán seo cén chaoi ar féidir le múinteoirí Google Forms a úsáid chun a gcuid scoláirí a mheasúnú, chun iad a spreagadh chun machnamh a dhéanamh ar a gcuid foghlama nó mar thicéad imeachta. Is féidir le múinteoirí anailís a dhéanamh ar an eolas chun foghlaim scoláirí a mheasúnú agus teagasc amach anseo a phleanáil.
Rúibricí a chruthú in Classroom
Is é is aidhm le rúibricí treoir a thabhairt do scoláirí maidir le cáilíocht na hoibre a bhfuiltear ag súil léi uathu agus féadfaidh sé nach gcaithfear an méid céanna ama ar an aiseolas má chuirtear i bhfeidhm iad. Léirítear san fhíseán seo an chaoi ar féidir rúibricí a chur le tascanna in Classroom.
An Banc Teachtaireachtaí a úsáid
Cuirtear luas le próiseas an aiseolais do mhúinteoirí leis an mbanc teachtaireachtaí in Classroom. Léirítear san fhíseán seo cén chaoi teachtaireachtaí a chur isteach agus cén chaoi an banc teachtaireachtaí a úsáid le linn tascanna a ghrádú.
Aiseolas i bhfoirm fuaime/íomhánna a chur ar fáil
Is féidir le múinteoirí a n-aiseolas a thaifeadadh dá gcuid scoláirí ag úsáid Screencastify agus is féidir le scoláirí breathnú air sin ansin agus é a úsáid chun a gcuid oibre a fheabhsú. Léirítear san fhíseán seo cén chaoi ar féidir é sin a dhéanamh.
Físeáin teagaisc Google Classroom do scoláirí
Féadfar na físeáin teagaisc seo a leanas a roinnt le scoláirí chun go dtiocfaidh siad isteach ar phríomhghnéithe Google Classroom.
Ag dul isteach in Google Classroom
Rochtain a fháil ar Google Classroom
An difríocht idir Stream agus Classwork
Tascanna atá le teacht a sheiceáil
Tasc a chur isteach in Classroom
Tascanna a thógáil ar ais chun níos mó eagarthóireachta a dhéanamh orthu
Gráid a sheiceáil in Classroom
Fógraí ríomhphost a bhainistiú in Classroom
Tuilleadh Acmhainní do scoláirí
Maidir le físeáin bhreise ina léirítear do scoláirí cén chaoi ar féidir leo úsáid a bhaint as aipeanna eile de chuid Google Workspace for Education, aipeanna a úsáidtear i spás oibre punainne digití, lena n-áirítear Docs, Drawings, Sheets, Slides, etc., tá siad ar fáil ag an seinnliosta YouTube seo.