Ag úsáid Google Workspace for Education

Is ardán foghlama é Google Workspace for Education ar féidir é a úsáid le haghaidh Punanna Digiteacha. De ghnáth, cruthaítear cuntais Google Workspace for Education don scoil uile sula gcruthaítear cuntais do dhaltaí ar an Google Admin Console. Ba cheart a chinntiú nach bhfuil rochtain ag na daltaí ar Gmail, YouTube, Chats, Hangouts agus Meet, agus go bhfuil na srian aoise faoi 18 ar na cuntais seo. Ní mholtar cuntais @gmail.com a úsáid le Google Classroom toisc nach bhfuil maoirseacht ag an scoil ar na cuntais seo. Moltar cuntais Google Workspace/Classroom do Rang 2 go Rang 6 i gcoitinne, toisc go n-úsáidtear na cuntais le haghaidh Google Docs, Google Slides srl. atá beagáinín casta do dhaltaí níos óige.


Ag tosú le Google Classroom

Tús Eolais ar Google Classroom – treoir Lean na treoracha seo chun do rang a chruthú ar Google Classroom. Tús eolais a fháil ar Google Classroom – físeán

Leideanna le haghaidh Google Classroom

Gnéithe na bPunann Digiteach agus Google Workspace for Education in úsáid

Chun tuilleadh eolais a fháil ar gach ceann de na gnéithe de phunann dhigiteach a úsáid le do chuid scoláirí ag úsáid Google Workspace, cliceáil ar na cnaipí agus na físeáin thíos.  

Treoir mhearthagartha le haghaidh uirlisí Google

Feicfidh tú treoirleabhair thíos gur féidir a úsáid le huirlisí Google. Is féidir iad a úsáid tú féin nó iad a roinnt le do chuid daltaí.